An Bhlarna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bhlárna
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Cork Magnified.png
Daonra (2006) 5,226
Airde: 67 m
Contae: Contae Chorcaí
Cúige: An Mhumhain

Baile in Éirinn is ea an Bhlarna. Tá an baile suite i gContae Chorcaí.

Eacnamaíocht agus turasóireacht[athraigh | edit source]

Tá turasóirí, Meiriceánaigh ach go háirithe, an-tábhachtach in eacnamaíocht an cheantair. Is iomaí óstán agus brú dóibh ata suite sa cheantar. Tá clú agus cáil ar Caisleán na Blarnan, Cloch na Blarnan agus ionad siopadóireachta na Blarney Woollen Mills. Deirtear go mbeidh bua na bladaireachta ag gach duine a phógann an chloch.

Na meáin[athraigh | edit source]

Is é The Muskerry News, páipéar míosúil, nuachtán áitiúil an cheantair. Tá stáisiúin raidió áitiúla le fáil sa cheantar: RedFM, C103, 96fm agus Life FM.

Scoileanna[athraigh | edit source]

  • Scoil an Chroí Ró-Naofa, scoil náisiúnta Chaitliceach do bhuachaillí atá suite i lár an tsráidbhaile. Tógadh cuid nua sa bhliain 1986. Tá tuairim is 150 dalta aici.
  • Bunaíodh scoil eile do chailíní gar di sa bhliain 1974, Scoil Íosagáin na gCailíní.
  • Bunaíodh meánscoil, Scoil Mhuire Gan Smál, sa bhliain 1952.

Spórt[athraigh | edit source]

  • Blarney United FC
  • CLG na Blarnan

Naisc[athraigh | edit source]