Roy Keane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roy Keane
Roy Keane cropped.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 10 Lúnasa, 1971
Áit breithe Corcaigh, Éire
Leasainm Keano
Foirne mar imreoir
1989–1990
1990–1993
1993–2005
2005–2006
1991–2005
Cobh Ramblers
Nottingham Forest
Manchester United
Celtic
Poblacht na hÉireann
Foirne mar thraenálaí
2006–2008
2009–2011
Sunderland
Ipswich Town

Is iar-imreoir agus traenálaí sacair é Roy Maurice Keane (Gaeilge: Roy Muirís Ó Catháin), a rugadh ar an 10 Lúnasa 1971 i gCorcaigh, Poblacht na hÉireann. D'imir sé le Manchester United ón bhliain 1993 go dtí 2005 sa Premier League, agus d'imir sé freisin le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Chríochnaigh sé le bliain amháin ag imirt le Ceiltigh Ghlaschú in Albain. Chaith 'The Red Devils' £3.75m ar Roy, an méid is mó riamh ag an am. Bhí achrann idir é féin agus a thraenálaí i Manchester United, Alex Ferguson, tar éis agallamh teilifíse a thug Keane do stáisiún an chlub, nár cuireadh amach riamh, agus d'fhág sé an club chun dul ag imirt le Celtic, an club a thacaigh sé mar bhuachaill óg. D'éirigh sé as imirt ar an 12 Meitheamh 2006.

Bhí Keane ina thraenálaí ar an bhfoireann Sunderland A.F.C. idir 2006 agus 2008, agus Ipswich Town F.C. idir 2009 agus 2011.

Clár ábhair

[athraigh] Corn an Domhain 2002

D'imir Roy i gCorn an Domhain 1994 agus bhí sé san fhoireann Éireannach arís i gcomhair Chorn an Domhain 2002. Ba é Keane captaen na foirne, ach tharla achrann cáiliúil idir é féin agus an traenálaí Mick McCarthy i Saipan, agus níor ghlac Roy aon pháirt sa chomórtas. Tá an dráma I, Keano bunaithe ar an méid a tharla i Saipan.

[athraigh] Gairméim bhainisteoireachta

Tar éis dó éirí as an cluiche mar imreoir, thóg sé a chéad phost mar thraenálaí le Sunderland. Nuair a tháinig sé isteach i mbun oibre, bhí an fhoireann ag bun an Championship, le Niall Quinn ina thraenálaí sealadach orthu. Chuir Keane muinín agus neart isteach san fhoireann arís, agus chríochnaigh siad ar barr na sraithe, éacht a tháinig aniar aduaidh ar chách. An chéad sprioc a bhí aige don chéad bhliain eile ná an fhoireann a choimeád slán sa Premier League, agus rinne siad amhlaidh sa tséasúr 2007-2008. D'éirigh Keane as an bpost, áfach, ar an 4 Nollaig 2008, tar éis drochthoradh sa bhaile in aghaidh Bolton Wanderers. Tháinig na sonraí chun solais níos déanaí gur fhág sé de bharr easaontas idir eisean agus úinéirí an chlub.

D'fhan Keane amach as an spotsolas sna míonna ina dhiaidh sin, ach thosaigh na ráflaí ag fás arís nuair a briseadh traenálaí Ipswich Jim Magilton as a phost ar an 22 Aibreán 2009. Cuireadh substaint leis an gcaint seo ar an 24 Aibreán nuair a d'fhógair an club go h-oifigiúil go raibh Keane ceaptha acu, ar chonradh dhá bhliain. Briseadh as a phost é sa bhliain 2011.

[athraigh] Clubanna

Leabhar beathaisnéise le Roy Keane agus Eamonn Dunphy
Mar imreoir
Mar thraenálaí

[athraigh] Staitisticí

Clubanna
Idirnáisiúnta

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile