An Fharóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Fharóis
(føroyskt)
Á labhairt: Oileáin Fharó, An Danmhairg, An Iorua
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 60,000–80,000
Rang: -
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic Thuaidh
   Lochlainnis Thiar
    Faróis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Oileáin Fharó
Foras Pleanála Teanga: Føroyska málnevndin
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 fo
ISO 639-2 fao
ISO 639-3 fao
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Lochlannach, is é sin teanga Gearmáinice Thuaidh, í an Fharóis a labhraítear in Oileáin Fharó agus i measc lucht imirce ó na hoileáin sa Danmhairg. Is í an Íoslainnis an teanga is cóngaraí don Fharóis, ach ní féidir le cainteoirí an dá theanga mórán tuisceana a bhaint as caint a chéile. Scéal eile é go bhfuil an Fharóis scríofa sách intuigthe ag an duine a bhfuil an Íoslainnis aige. Is é is cúis leis seo go bhfuil scríbhneoireacht na Faróise níos cosúla le struchtúr stairiúil na bhfocal sa tSean-Lochlainnis ná le fíor-fhuaimniú na bhfocal i bhFaróis an lae inniu.

Tá Faróis ó dhúchas ag seasca nó ochtó míle duine. Ó thaobh líon na gcainteoirí de is féidir a rá go bhfuil sí chomh beag nó chomh neamhfhorleathan le Gaeilge na Gaeltachta. Thairis sin, bíonn difríochtaí móra idir na canúintí, nó tá ocht móroileán déag in oileánra Fharó, agus ar ndóigh d'fhorbair caint na ndaoine sna hoileáin difriúla ar bhealaí éagsúla.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí tionchar nach beag ag an nGaeilge ar an bhFaróis nuair a bhí dlúthchaidreamh idir na Lochlannaigh agus na Gaeil. Creidtear gur tháinig logainmneacha áirithe in Oileáin Fharó ón nGaeilge, ar nós Mykines - "Muicinis", nó "Inis na Muc". Is iad na "muca" atá i gceist na "muca mara", is é sin, na míolta móra. Focail Ghaeilge eile iad grúkur (gruaig), lámur (lámh) agus tarvur (tarbh).

Roimh an Reifirméisean bhí an leagan áitiúil den tSean-Lochlainnis á labhairt agus á scríobh go forleathan ar fud na n-oileán, ach sa bhliain 1536 choisc na húdaráis Danmhargacha úsáid na Faróise sna doiciméid oifigiúla agus sna scríbhinní. Ba í an Danmhairgis an t-aon teanga oifigiúil amháin sna hOileáin ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1854 a shocraigh Venceslaus Ulricus Hammershaimb, ministir Protastúnach Faróch, agus Jón Sigurðsson, polaiteoir Íoslannach agus laoch saoirse a thíre dúchais, caighdeán scríofa na Faróise. Bhí an caighdeán sin an-chosúil leis an Íoslainnis agus leis an tSean-Lochlainnis, rud nár thaitin le cách. Mar shampla, úsáidtear an litir ð i litriú Hammershaimb ar chúiseanna stairiúla amháin, nó ní fhreagraíonn sí d'aon fhuaim ar leith. Rinne an teangeolaí oilte Jakob Jakobsen iarracht malairt caighdeáin a chur i dtoll le chéile a bhí ag cloí go dlúth le fuaimeanna na teanga i ngnáthchaint na ndaoine. Ba é caighdeán Hammershaimb a ghreamaigh, áfach.

Aibítir[athraigh | edit source]

Is iad na litreacha a úsáidtear san Fharóis ná:

A, Á, B, D, Ð, E, F, G, H, I, Í, J, K, L, M, N, O, Ó, P, R, S, T, U, Ú, V, Y, Ý, Æ, Ø; a, á, b, d, ð, e, f, g, h, i í, j, k, l, m, n, o, ó, p, r, s, t, u, ú, v, y, ý, æ, ø

Ní féidir an litir Ð ð a úsáid i dtús an fhocail. Sa seanleagan de litriú Hammershaimb bhí idir ö agus ø in úsáid, agus sheas an chéad cheann acu don fhuaim ghairid, agus an dara ceann acu don fhuaim fhada.

Níl an litir þ ann. Ní bhíonn sí ar fáil, fiú, sna clóscríobháin Fharócha ná i méarchlár na ríomhairí sna hoileáin, agus cé gur féidir na teangacha Lochlannacha eile seachas an Íoslainnis a scríobh ar an méarchlár Faróch, tá sé riachtanach an litir Íoslannach seo a thraslitriú mar "th".

Fuaimniú[athraigh | edit source]

Mar a dúradh cheana, ní fhuaimnítear an litir ð ach mar chonsan séanais - is é sin, [j] ("y" an Bhéarla, nó "gh" caol na Gaeilge), [w] nó [v] a bhíonn ann, ag brath ar na gutaí ar an dá thaobh di: deyður [ˈdɛijʊɹ] "marbh", suður [ˈsuːwʊɹ] "deisceart", í bløðum [ɪˈbløːvʊn] "sna nuachtáin". Fuaimnítear an litir g, agus í ina haonar idir dhá ghuta, ar an dóigh chéanna, agus is dual do na Faróigh an dá litir a scríobh in ainriocht a chéile, mura bhfuil siad cleachta i gceart ar an gceartlitriú.

Níl difríocht ar bith idir fuaimniú an "a" agus an "æ": [a] atá iontu nuair atá siad gairid, ach déantar défhoghar den ghuta fhada: [ɛaː]. Is mar [ɔaː] a fhuaimnítear an litir "á", ach giorraítear go [ɔ] ("o" oscailte) í roimh chnuas trom consan. Maidir leis na litreacha "í" agus "ý", ní aithnítear thar a chéile iad san fhuaimniú: is é an défhoghar [ʊi] (gairid) nó [ʊiː] (fada) atá iontu. Ní féidir an t-"i" a aithint thar an "y" de réir na cainte ach an oiread: is é an guta céanna, [i], atá ann. Mar [ʉuː] a fhuaimnítear an litir "ú", ach amháin roimh chnuas consan: ansin, giorraítear an défhoghar sin go [ʏ] ("ü" gairid na Gearmáinise). Fuaimnítear "ó" fada mar dhéfhoghar freisin, [ɔuː], ach is ionann "ó" gairid agus "ø" gairid.

Maidir leis na consain, déantar [dʒ] den "g" roimh ghutaí tosaigh agus roimh "j" an litrithe: gestir [ˈdʒɛstɪɹ] "cuairteoirí". Ar an mbealach céanna, déantar [tʃ] den "k" san áit chéanna.

Tá a leithéid d'fheiniméan ann agus an skerping, is é sin, an "géarú", a chiallaíonn go n-athraíonn fuaimniú na ngutaí go mór mór roimh chnuasanna ar nós -gv-, -ggj. Mar shampla, is mar [ɔdːʒ] ("hodge" gan an [h]-) a fhuaimnítear an focal oyggj "oileán", cé go bhfuil gnáthfhuaimniú an défhoghair "oy" le cloisteáil i bhfoirmeacha eile an fhocail.

Gramadach[athraigh | edit source]

Tá ceithre thuiseal ag na hainmfhocail (agus ag na haidiachtaí, ag na forainmneacha is na huimhirfhocail) san Fharóis, mar atá, an tuiseal ainmneach, an tuiseal áinsíoch, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Ní bhíonn an tuiseal ginideach chomh coitianta san Fharóis agus san Íoslainnis, agus sa ghnáthchaint, tá struchtúir níos simplí ag teacht in áit an ghinidigh liteartha atá múnlaithe ar an Íoslainnis - is féidir a rá, fiú, gur cineál athbheochan é ginideach liteartha na Faróise.

San Íoslainnis, tá trí fhoirm éagsúla ag an mbriathar san uimhir iolra: við köllum "glaoimid, scairtimid", þið kallið "glaonn sibh, scairteann sibh", þeir kalla "glaonn siad, scairteann siad". San Fharóis, d'imigh an difríocht idir na pearsana: vit kalla, tit kalla, teir kalla. Tá an uimhir uatha níos casta san Fharóis féin, nó aithníonn na briathra go léir an difríocht idir an chéad phearsa agus an dá phearsa eile: eg kalli "glaoim", tú kallar "glaonn tú", hann kallar "glaonn sé" (cf. Íoslainnis: ég kalla, þú kallar, hann kallar).

Stór focal[athraigh | edit source]

Níor cuireadh an glanteangachas i bhfeidhm ar an bhFaróis chomh dian agus ar an Íoslainnis, ach is iomaí focal idirnáisiúnta nach bhfuil le feiceáil i dtéacsanna Faróise, ó tháinig aistriúchán dúchasach in úsáid ina áit. Tá cuid de na téarmaí dúchasacha múnlaithe ar an Íoslainnis, ar nós bókasavn "leabharlann" (Íoslainnis: bókasafn), bókmentir "litríocht" (Íoslainnis: bókmenntir), halastjørna "cóiméad, scuabréalta" (Íoslainnis: halastjarna), ach tá téarmaí eile beag beann ar an Íoslainnis féin: telda "ríomhaire" (Íoslainnis: tölva), kollvelting "réabhlóid" (Íoslainnis: bylting). Ní bhíonn sé as an ngnáth, áfach, focail Danmhairgise nó Bhéarla a fheiceáil agus iad curtha in oiriúint do litriú na teanga: tineygjari "déagóir" (teenager an Bhéarla, cf. táningur na hÍoslainnise, ar aistriúchán é ar an bhfocal Béarla cosúil le déagóir na Gaeilge féin).

Stádas na Faróise inniu[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1937 tháinig an Fharóis in áit na Danmhairgise sna scoileanna, agus sa bhliain 1948, d'fhoráil an tAcht um Rialtas Dúchais Oileáin Fharó (Danmhairgis: Hjemmestyreordningen) go gcaithfeadh an Danmhairgis tús áite a ghéilleadh don Fharóis mar theanga oifigiúil. Níor éirigh an Fharóis coitianta sna fógráin tráchtála roimh na seachtóidí, áfach. Tá stádas láidir ag an Danmhairgis sa phopchultúr i gcónaí, agus is minic nach mbíonn billeoga fógraíochta na sreangshiopaí ar fáil ach as Danmhairgis.

Litríocht[athraigh | edit source]

Ba í an Danmhairgis príomhtheanga na scríbhneoirí Farócha go dtí le déanaí. Scríobh William Heinesen (1900-1991) a chuid saothar sa teanga sin, cé gurb iad Oileáin Fharó a thug inspioráid dá chuid scríbhinní. Cé go raibh Heinesen ag scríobh as Danmhairgis, bhí sé go tréan ar son athbheochan na seanteanga, agus nuair a gearrliostaíodh é do Dhuais Nobel sa Litríocht, scríobh sé litir chuig Acadamh na Sualainne ag impí orthu a ainm a bhaint den liosta, nó bhí sé barúlach go ndéanfadh sé dochar do litríocht na Faróise dá mbronnfaí an duais ar scríbhneoir Danmhairgise ó na hoileáin. Is é Heðin Brú (fíorainm: Hans Jacob Jacobsen, 1901-1987) scríbhneoir clasaiceach na teanga, agus is é Rói Patursson mórscríbhneoir agus mórfhile ár linne féin. Scríbhneoir tábhachtach eile é Gunnar Hoydal, ailtire agus scríbhneoir a rugadh sa bhliain 1941 i gCóbanhávan nuair a bhí an Danmhairg forghafa ag na Naitsithe. Scríbhneoir bisiúil mná í Marianna Debes Dahl a saolaíodh í Vestmanna (oileán Streymoy) sa bhliain 1947. Chuaigh sí le gluaiseachtaí radacacha na seascaidí agus na seachtóidí, rud atá le haithint ar a cuid scríbhinní, agus í ag cur in aghaidh an chiníochais, na hapairtéide agus na téisclime cogaidh. Tá sí tar éis breis is fiche leabhar a fhoilsiú, cuid acu do na daoine fásta, cuid acu do na daoine óga, agus cuid eile fós, an chuid is mó b'fhéidir, do na páistí.