William Heinesen
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| William Heinesen | |
| Heinesen ar stampa phoist ó Oileáin Fharó | |
| Dáta breithe | 15 Eanáir, 1900 |
| Tórshavn, Oileáin Fharó | |
| Dáta báis | 12 Márta, 1991 |
| Tórshavn, Oileáin Fharó | |
| Náisiúntacht | Faróch |
| Gairm | Scríbhneoir, cumadóir agus ealaíontóir |
Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in Andreas William Heinesen a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair Oileáin Fharó) agus a shíothlaigh ar an 12 Márta 1991 san áit chéanna. Cé go raibh Faróis ó dhúchas aige, scríobh sé formhór mór a chuid leabhar as Danmhairgis, nó ní raibh mórán litríochta ar fáil as Faróis nuair a chuaigh sé ar scoil. I dtús a réime bhí sé ina fhile, ach ba iad na húrscéalta agus na gearrscéalta a thabhaigh a chlú dó. Is é Tórshavn timpeallacht na n-imeachtaí ina chuid scríbhinní, ach san am chéanna, bíonn scéalta Heinesen ar maos le misteachas is le draíocht, agus is téama tábhachtach í streachailt an duine le fórsaí na farraige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.