Léarscáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil

Léiriú grafach eolais spásúil ar áit ar dhromchla plánach trí úsáid siombailí is comharthaí. De ghnáth, táirgtear léarscáil ar chúinsí ar leith. Mar shampla, i léarscáileanna cadastracha léirítear úinéireacht na talún, i léarscáileanna topagrafacha léirítear airíonna rilífe is réimse talún, agus i léarscáileanna téamacha léirítear airíonna ar leith, cosúil le déine daonra, bealaí busanna nó eile. Léiríonn na léarscáileanna is seanda, ar thaibléid cré, eastáit lucht an rachmais sa Bhablóin timpeall 2500 RC. Ó na Gréagaigh ársa a thagann traidisiún na léarscáilíochta san Eoraip.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léarscáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.