Ottawa
| Ottawa | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | |
| Méara: | Jim Watson |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 376.01 km² |
| Daonra: | 648,480 (2006) |
| Dlús daonra: | 316.6.2/km² |
| Airde: | 70 m |
Is é Ottawa príomhchathair Cheanada, suite ar taobh theas na hAbhann Ottawa (i mBéarla, Ottawa River; Fraincis, rivière des Outaouais). Tá an chathair Gatineau ar bhruach thuaidh na habhann. Tá Ottawa agus an bhruach theas i gcúige Ontario; tá Gatineau agus an bhruach thuaidh i gcúige Québec. Aon mhórcheantar uirbeach dátheangach amháin atá ann agus an Béarla in uachtar in Ottawa agus an Fhraincis i nGatineau. 648,480 daonra Ottawa féin agus tá 860,928 i gceantar cathrach Ottawa-Gatineau ar fad. [1]
Bunaíodh baile san áit sa bhliain 1826; Bytown a tugadh air. Rinneadh cathair de sa bhliain 1855 leis an ainm "Ottawa". Éireannaigh agus Francaigh ba iad tromlach na gcéad áitritheoirí. Inniu is é Ottawa an ceathrú cathair is mó sa tír, agus an dara cathair is mó i gcúige Ontario, tar éis Torontó.
Tagairtí [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.