Regina, Saskatchewan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Regina
Regina
Suíomh

50°27′ Thuaidh 104°36′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Canada.svg Ceanada
Cúige: Flag of Saskatchewan.svg Saskatchewan
Méara: Michael Fougere
Déimeagrafaic
Achar: 145.5 km²
Daonra: 193,100 (2011)
Dlús daonra: 1,327.6/km²
Airde: 577 m

Cathair in iarthar Cheanada is ea Regina. Príomhchathair chúige Saskatchewan atá ann. Is í Regina an dara cathair is mó i Saskatchewan, i ndiaidh Saskatoon. Ainmníodh Regina in onóir Bhanríon Victoria, Victoria Regina. Carn Cnámha (Pile of Bones) ainm na háite roimhe sin. Cathair phleanáilte í a tógadh sa bhliain 1882 ar an bhfásach féir réidh i lár Cheanada, i ndeisceart an chúige. Is é Michael Fougere an méara. Tá 193,100 duine ina gcónaí i Regina féin, 210,556 i mórcheantar na cathrach.

Regina mar a fheictear í ar an bhfásach féir ag teacht aniar duit ar an Mórbhealach Tras-Cheanada


Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]