An Bhútáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Bhútain)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhútáin
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnDruk Tsenden Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Happiness is a place»
«Mae hapusrwydd yn lle» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 27°27′N 90°30′E / 27.45°N 90.5°E / 27.45; 90.5

PríomhchathairThimphu Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán807,610 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús21.03 hab./km²
Teanga oifigiúilDzongkha (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnMahāyāna (en) Aistrigh, An Hiondúchas agus An Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla38,394 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeGangkhar Puensum (en) Aistrigh (7,570 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleDrangme Chhu (en) Aistrigh (97 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sístát prionsúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú17 Nollaig 1907
8 Lúnasa 1949
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinLhengye Zhungtshog (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Bútáine Cuir in eagar ar Wikidata
• Druk Gyalpo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJigme Singye Wangchuck (1972–2008) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Bhutan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataLotay Tshering Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Bútáine Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil2,539,551,327 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrangultrum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.bt Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+975 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 110 agus 113 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreBT Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbhutan.gov.bt Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír thalamhiata í Ríocht na Bútáine san Áise Theas, atá suite ag an taobh thoir de na Himiléithe. Tá Poblacht na hIndia teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá an tSín teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine Druk Yul (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Dhragan na Toirní".

Bhíodh an Bhútáin ar cheann de na tíortha ba iargúlta ar domhan ach diaidh ar ndiaidh tá méid áirithe forbartha ar siúl go háirithe sna ceantair uirbeacha. Fad is atá an fhorbairt shocair seo á chothú ag an rialtas tá iarrachtaí ar siúl gan cultúr agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, d'fhorbair rialtas na tíre a fhealsúnacht féin a dtugtar "Oll-sonas Náisiúnta" uirthi (Béarla "Gross National Happiness") agus mar aon le forbairt inbhuanaithe (Béarla: “sustainable development”), cuirtear béim faoi leith ar chultúr agus ar thimpeallacht na tíre a chaomhnú, agus ar dhea-chleachtas i dtaobh bainistíocht acmhainní. De réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain 2006, ar tugadh "World Map of Happiness" air, is iad na Bútánaigh na daoine is sonasaí ar domhan.

Tá achar 38,394 ciliméadar cearnaithe (14,824 troigh cearnaithe) ag an tír agus réimse leathan de thírdhreachtaí éagsúla inti, ó mhánna fothrópaiceacha an deiscirt go dtí sléibhte arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit a bhfuil na beanna is airde os cionn seacht míle méadar.

Is í Thimphu an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Tá 100,000 daoine ina gcónaí ann.

Is Búdaithe iad formhór na ndaoine agus is reiligiún an stáit é an Búdachas Vajrayana. Is é an Hiondúchas an dara reiligiún is mó sa tír.

Tar éis na céadta bliain faoi mhonarcacht absalóideach, thogh muintir na tíre a gcéad rialtas daonlathach i mí an Mhárta 2008. Inniu,tá an Bhútáin mar bhall de na Náisiúin Aontaithe agus SAARC i measc cumann idirnáisiúnta eile.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar ndóigh, is ón bhfocal Béarla “Bhutan” a thagann ainm na tíre sa Ghaeilge ach ní fios go beacht bunús an fhocail sin. Teoiric amháin ná go dtagann ainm na tíre ón bhfocal Sanscrait "Bhu-Utthan" (भू-उत्थान; garbhchríoch). De réir teoirice eile, tagann sé ó "Bhoṭa-anta" (भोट-अन्त) a chiallaíonn, "ag ceann na Tibéide" ós rud é go bhfuil an Bhútáin suite díreach ó dheas ón Tibéid.

Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha ar an tír, a leithéid de "Lho Mon" (talamh theas an dorchadais), "Lho Tsendenjong" (talamh theas na cufróige), "Lhomen Khazhi" (talamh theas na gceithre rochtain) agus "Lho Men Jong" (talamh theas na luibheanna míochaine)

Staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil fianaise seandálaíche ann gur chuir daoine fúthu sa Bhútáin ar dtús chomh luath le 2000 R.C., is é turas Padmasambhava, sa bhliain 747, an eachtra is luaithe a bhfuil trácht air i dtaifead stairiúil na tíre[1]. Eisean, a deirtear, a thiontaigh muintir na háite, muintir na Tibéide agus muintir na tíortha máguaird ina mBúdaithe.

Níor aontaíodh críocha na Bútáine go dtí luath san 17ú aoise nuair a tháinig an láma Tibéadach Shabdrung Ngawang Namgyal go dtí An Bhútáin ag iarraidh dídine sa bhliain 1616 agus é ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Faoin uair a fuair sé bás sa bhliain 1652, bhí iarthar na Bútáine faoi smacht rialtas amháin agus cúig bliana níos déanaí, bhí an tír ar fad aontaithe.

Tar éis teacht Namgyal agus nuair a chinntigh sé tacaíocht na gclann ba shaibhre in iarthar na Bútáine, d'ordaigh sé sraith dúnfort láidir (nó “dzong”) a thógáil chun na tíre a chosaint ó ionsaithe na Tibéide agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smacht a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith de na dzong a tógadh i rith na hama seo fós le feiceáil. Úsáideach agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do na ceantair éagsúla.

Sa bhliain 1634, fearadh Cath na gCúig Láma. Bhuaigh Shabdrung Ngawang Namgyal ar na fórsaí Tibéadacha agus na fórsaí Bútánacha a bhí aontaithe ina choinne agus chomhaontaigh sé An Bhútáin in aon tír amháin don gcéad uair.

Tar éis báis Namgyal sa bhliain 1651, bhí sraith cogaí cathartha sa Bhútáin. Agus an tír ina cíor thuathail, d'ionsaigh an Tibéid sa bhliain 1710 agus arís sa bhliain 1730. Thug na Mongólaigh cabhair dóibh. Theip ar a gcuid ionsaithe áfach, agus fógraíodh sos cogaidh sa bhliain 1759.

Sa bhliain 1772, d'ionsaigh na Bútánaigh agus ghabh siad seilbh ar ríocht Cooch Behar a bhí suite ó dheas. D'fhiafraigh ceannairí Cooch Behar cabhair ón mBritish East India Company agus ruaig siad na Bútánaigh amach as an tír sular ionsaigh siad An Bhútáin féin sa bhliain 1774. Síníodh conradh síochána inar aontaigh na Bútánaigh glacadh le sean-teorainn na tíre. Níor bhuan an tsíocháin áfach agus lean mion-chogaí ar aghaidh idir na Bútánaigh agus na Briotánaigh ar feadh céad bliana eile. Idir 1864 agus 1865, fearadh Cogadh na nDuar idir an dá thaobh. Chaill na Bútánaigh agus síníodh Conradh Sinchula. Thug siad uathu críocha na nDuars don Ríocht Aontaithe mar chúiteamh agus tháinig deireadh buan leis an gcogaíocht eatarthu.

Mar thoradh ar choimhlint cumhachta sna 1870í idir Paro agus Tongsa, dhá ghleann a bhí teorainn ar theorainn lena chéile, thosaigh cogadh cathartha agus chuaigh Ugyen Wangchuck, gobharnóir (nó “ponlop”) Thongsa i gceannas ar an mBútáin. Bhuaigh sé ar a chuid naimhde agus d'aontaigh sé an tír i ndiaidh sraith cogaí cathartha idir na blianta 1882 agus 1885.

Sa bhliain 1907, thionól na manaigh Bhúdaíocha ba shinsearaí, oifigí an rialtais, agus ceannairí na dteaghlach ba thábhachtaí le chéile agus roghnaigh siad, d'aon ghuth, Ugyen Wangchuck mar rí oidhreachtúil na tíre. D'aithin rialtas na Breataine an rí nua go baill láithreach agus sa bhliain 1910, síníodh conradh idir an dá thír a thug cead don Bhreatain Mhór gnóthaí eachtracha na Bútáine a threorú.

Bhí an Bhútáin ar cheann de na chéad tíortha a d'aithin neamhspleáchas na hIndia i mí Lúnasa 1947 agus síníodh conradh idir an dá thír ar an 8ú Lúnasa 1949 a thug na cumhachtaí céanna don India i dtaobh gnóthaí eachtracha na tíre is a tugadh don Bhreatain sa bhliain 1910.

Bhunaigh Rí Jigme Dorji Wangchuck reachtas na tíre sa bhliain 1953, An Tionól Náisiúnta, agus sa bhliain 1965 chuir sé Comhairle Chomhairleach Ríoga nó Ríchomhairle ar bun. Chuaigh An Bhútáin isteach sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1971.

D'éag Jigme Dorji Wangchuck i mí Iúil 1972 agus tháinig a mhac, Jigme Singye Wangchucki, i gcomharbacht air agus é in aois a 16.

Thóg an rí nua isteach sraith mhór leasaithe: aistríodh an chuid is mó dá chumhachtaí riaracháin go dtí an Coiste Comhaireachta agus tugadh cead an rí a tháinseamh don gcéad uair riamh. Sa bhliain 1999, cuireadh ar ceal an cosc a bhí ar craolachán teilifíse agus a bhí ar rochtain idirlín. Achtaíodh bunreacht nua go luath sa bhliain 2005 agus bliain níos déanaí thug sé suas an choróin ar mhaite lena mhac ba shine Jigme Khesar Namgyel Wangchuck. Toghadh teach uachtarach an reachtais, An Chomhairle Náisiúnta, don gcéad uair i Mí na Nollag 2007 agus toghadh teach íochtarach an reachtais, An Tionól Náisiúnta, don gcéad uair i Mí an Mhárta 2008, ocht mí roimh chorónú an rí nua.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]