Martin Luther King
| Martin Luther King, Jr. | |
| Martin Luther King, Jr. | |
| Dáta breithe | 15 Eanáir 1929 |
| Atlanta, Georgia, SAM | |
| Dáta báis | 4 Aibreán 1968 |
| Memphis, Tennessee, SAM | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Seanmóirí, Údar, Gníomhaí ar son Chearta Sibhialta |
| Duaiseanna | Duais Nobel na Síochána (1964), Bonn Uachtaránach na Saoirse (1977, iarbháis), Bonn Óir na Comhdhála (2004, iarbháis) |
| Céile | Coretta Scott King |
| Síniú |
|
Gníomhaí polaitiúil as Atlanta, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Martin Luther King, Jr. (15 Eanáir, 1929 – 4 Aibreán, 1968). Ba cheannaire an-tábhachtach é King i rith Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá sna 1950í agus sna 1960í. Bhuaigh King Duais Nobel, ach d'fheallmharaigh James Earl Ray é sa bhliain 1968. Tar éis a bháis, bhronn An tUachtarán Jimmy Carter Bonn Uachtaránach na Saoirse air sa bhliain 1977. Tá Lá Martin Luther King acu sna SAM freisin.
[athraigh] Muintir agus Cúlra
Rugadh King in Atlanta, Georgia don Oirmhinneach Martin Luther King Sinsearach agus Alberta Williams King. Bhain sé céim amach i Socheolaíocht mar Bhaitsiléir Ealaíne ag Coláiste Moorehouse sa bhliain 1948. Bhí an tUachtarán Benjamin Mays, ceannaire de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta, ina dhuine de mhúinteoirí King i Moorehouse. Bhain sé céim eile amach i gCliarscoil Diagachta Crozer le Baitsiléir Diaga sa bhliain 1951. Sa bhliain 1955 fuair sé a chéim Ph.D. sa Diagacht Chórasach ó Ollscoil Bhostúin.
Phós King Coretta Scott ar 18 Meitheamh, 1953. Rinne athair King searmanas na bainise i dteach thuismitheoirí Scott i Marion, Alabama.
Bhí ceathrar clainne ag King agus Scott:
- Yolanda Denise (17 Samhain, 1955, Montgomery, Alabama)
- Martin Luther III (23 Deireadh Fómhair, 1957, Montgomery, Alabama)
- Dexter Scott (30 Eanáir, 1961, Atlanta, Georgia)
- Bernice Albertine (28 Márta, 1963, Atlanta, Georgia)
Dála a n-athar, bhí gach duine acu mar cheannairí de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta. Tá tuairimí difriúla acu, áfach, ar cheisteanna éagsúla.
Cailleadh bean King, Coretta Scott, ar 30 Eanáir, 2006.
[athraigh] Leabharliosta
- Stride toward freedom; the Montgomery story (1958)
- The Measure of a Man (1959)
- Strength to Love (1963)
- Why We Can't Wait (1964)
- 'Where do we go from here: Chaos or community? (1967)
- The Trumpet of Conscience (1968)
- A Testament of Hope : The Essential Writings and Speeches of Martin Luther King, Jr. (1986)
- The Autobiography of Martin Luther King, Jr. (1998), ed. Clayborne Carson
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.