Uachtarán na Stát Aontaithe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheann ar thrí chraobh an rialtais. Is iad an t-uachtarán agus foireann a oifige an Chumhacht Fheidhmitheach. Is í an Chomhdháil (Teach Ionadaithe agus an Seanad) an Chumhacht Reachtaíochta, agus is í an Chumhacht Bhreithiúnach an córas dlí.
Rinne an bunreacht Ardcheannasaí na fórsaí armtha é an t-Uachtarán. Is téarma oifige 4 mbliana atá i gceist agus ón bhliain 1951, ní féidir le hUachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost.
Is é Barack Obama an t-Uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2008 é agus chuaigh sé i mbun dualgas ar 20 Eanáir, 2009.