Sparta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh de laoch Spartach (ón 5ú haois RCh), Iarsmalann Ailtireachta Sparta sa Ghréig

Bhí Sparta (Gréigis: Σπάρτη) ar na cathairstáit ba chumhachtaí sa tSean-Ghréig, maraon leis an Aithin. Bhí clú ar a chuid laochra, go háirithe mar gheall ar Chath Thermopylae.

Bhí modh riaracháin ar leith aige agus an chumhacht roinnte idir beirt ríthe, cuigear giúistísí, seanad agus comhdháil ionas nach mbeadh an iomarca cumhachta ag aon chuid den stát. Bhuaigh sé ar an Aithin i gCogadh na Peilipinéise 404 R.Ch., rud a chuidigh leis smacht a fháil ar an gcuid is mó de chathairstáit na Gréige.