Vilnias
| Vilnius | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Contae: | Vilnius (contae) |
| Méara: | Juozas Imbrasas |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 401 km² |
| Daonra: | 542 809 (2007) |
| Crios ama: | EET / EEST |
| www.vilnius.lt | |
Is í Vilnias (Wilno as Polainnis) príomhchathair na Liotuáine, agus an chathair is mó sa tír le daonra de 553,904 duine (Nollaig 2005). Tá Vilnias suite in oirdheisceart na Liotuáine (54°41′ Thuaidh 25°17′ Thoir) ag cumar aibhneacha Vilnia agus Neris. Nuair a bhí an Liotuáin níos mó ba í seo lár tíreolaíoch na tíre.
Stair [athraigh]
Ní fios go díreach cathain ar bunaíodh í ach déantair taigairt di i litreacha an Ard-Diúca Gediminas sa bhliain 1323. Bhain Vilnias buaic a cumhachta amach le linn do Sigismund August a bheith i réim nuair a bhog sé a chuairt ann sa bhliain 1544. Bhí na Rúisigh i gceannas ar feadh i bhfad agus ba bheag Liotuánach a chónaigh sa chathair go dtí an 20ú haois.
Ghabh an Pholainn seilbh ar Vilnias tar éis an Chéad Chogadh Domhanda go dtí gur ghlac an Aontacht Shóivéideach seilbh uirthi arís i 1939. Rinne an Ghearmáin ionradh ar an Liotuáin i mí Mheithimh 1941 agus cuireadh dhá ghetto ar bun chun na Giúdaigh a dhíothú. Trí bliana ina dhiaidh sin ghabh an Arm Dearg an chathair arís agus bhí an Liotuáin i seilbh na Rúise go dtí gur fhógair Ard-Chomhairle Phoblacht Shóisialach na Liotuáine a neamhspleáchas ar an 11 Márta 1990.
Rinne na Sóivéidigh iarracht an éirí amach a chur faoi chois ach ghéill siad aitheantas don Liotuáin faoi dheireadh i mí Lúnasa na bliana 1991. Tá an-fhorbairt déanta ar Vilnias ó shin agus is cathair nua-aimseartha Eorpach anois í agus athnuachan déanta ar a lár stairiúil.