An tSacsain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSacsain
Freistaat Sachsen (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°01′37″N 13°21′32″E / 51.0269°N 13.3589°E / 51.0269; 13.3589
Stát ceannasachan Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairDresden Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,086,218 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús221.89 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla18,415.66 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde342 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeFichtelberg (en) Aistrigh (1,214.88 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síDresden District (en) Aistrigh, Karl-Marx-Stadt District (en) Aistrigh, Leipzig District (en) Aistrigh agus Cottbus District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú3 Deireadh Fómhair 1990
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachLandtag na Sacsaine Cuir in eagar ar Wikidata
• Minister-President of Saxony (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMichael Kretschmer (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil Shaorstát na Sacsaine Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad25,083,152,600 € (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2DE-SN Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDED Cuir in eagar ar Wikidata
German regional key (en) Aistrigh14 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsachsen.de Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Freistaat.Sachsen Twitter: SachsenDe Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Saorstát na Sacsaine (Gearmáinis: Freistaat Sachsen, Soirbis Uachtarach: Swobodny stat Sakska, Soirbis Íochtarach: Zwězkowy kraj Sakska) an séú stát is mó de réir daonra agus an deichiú stát is mó de réir achair sa Ghearmáin. 18,413 km² a achar talaimh agus is é 4.3 milliún a daonra.

Is í Dresden a príomhchathair. Cathracha móra eile is ea iad Leipzig, Chemnitz agus Zwickau.

Tá an tSacsain ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha Brandenburg, an tSacsain-Anhalt, Thüringen agus an Bhaváir. Thairis sin, tá teorainneacha aici leis an bPolainn agus le Poblacht na Seice.

I Mí na Samhna sa bhliain 2006, bhí 4,252,000 duine ina gcónaí sa tSacsain. Tá daonra na Sacsaine ag dul i laghad, ós rud é go bhfuil sí dealbh dearóil cosúil leis an gcuid is mó d'oirthear na Gearmáine, agus na daoine ag dul siar ar lorg jabanna. Ó athaontú na Gearmáine i leith, chaill an stát sé chéad míle duine dá dhaonra.

Fógra sa tSacsain as Gearmáinis agus Soirbis

Bunaíodh Saorstát na Sacsaine an chéad uair sa bhliain 1918, nuair a chaith Rí na Sacsaine uaidh an choróin. Roimhe sin, thugtaí Ríocht na Sacsaine ar an gcúige. Nuair a tháinig Poblacht Weimar ar an bhfód, chuaigh Saorstát na Sacsaine ann mar cheann de na cúigí. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, b'iad na trúpaí Sóivéadacha a d'fhorghabh an tSacsain. Nuair a tháinig Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine chun saoil faoi chúram na Sóivéadach in oirthear na Gearmáine, bhí an tSacsain ina cúige den stát sin ar dtús, mar Land Sachsen. Sa bhliain 1952, chuir na Cumannaigh deireadh leis na seanchúigí le córas nua a bhunú don rialtas réigiúnda. In áit na gcúigí (nó Länder), roinn siad an tír ina gceantair, nó Bezirke, a bhí cosúil leis na hoblasti san Aontas Sóivéadach, agus a ceantar féin timpeall ar gach cathair mhór. Mar sin, rinneadh trí cheantar den chineál nua den tSacsain, mar atá, Bezirk Dresden, Bezirk Leipzig, agus Bezirk Chemnitz (ina dhiaidh sin, baisteadh Karl-Marx-Stadt ar Chemnitz). Nuair a chuaigh an dá Ghearmáin le chéile arís i ndiaidh dheireadh an Chumannachais sa bhliain 1989, hathbhunaíodh na seanchúigí mar stáit chónascacha arís, ina measc siúd Saorstát na Sacsaine.

Is í an eite dheis, nó an CDU (an tAontas Críostaí Daonlathach), an páirtí is láidre sa tSacsain ó athaontú na Gearmáine. Is iad na hiar-Chumannaigh (PDS - Páirtí an tSóisialachais Daonlathaigh) an páirtí is mó ar an eite chlé. Níor éirigh leis an SPD (is é sin, daonlathaigh shóisialta Iarthar na Gearmáine) mórán dul chun cinn a dhéanamh riamh i dtoghcháin réigiúnda an stáit chónascaigh seo. Ón mbliain 2004 i leith, áfach, tá comhrialtas an CDU agus an SPD ag rialú na Sacsaine.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]