Tuaisceart na Réine agus an Viostfáil
|
|||||
| Teanga | Gearmáinis, Gearmáinis Íochtarach[1] | ||||
| Príomhchathair | Düsseldorf | ||||
| Comhordanáidí na príomhchathrach |
51° 14' N, 6° 47' E | ||||
| An chathair is mó | Köln | ||||
| Achar - Iomlán |
34,088.01 km² |
||||
| Daonra - Iomlán (2009) - Dlús |
17.872.763 524/km² |
||||
| Airgead | Euro (€) | ||||
| Amchrios | UTC +1, Am Samhraidh: UTC +2 | ||||
Is é Tuaisceart na Réine agus an Viostfáil (i nGearmáinis Nordrhein-Westfalen, giorrúchán: NRW) an chéad stát is mó de réir daonra agus an ceathrú stát is mó de réir achair sa Ghearmáin. Tá sé suite in iarthar na Gearmáine. Tá an stát ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha seo: An tSacsain Íochtarach, Hessen, agus Tír na Réine agus an Phalaitíneacht. Thairis sin, tá teorainn aige leis an mBeilg agus leis an Ísiltír.
Tá an ceathrú ceirtleán uirbeach is mó san Eoraip (tar éis Moscó, Londain, agus Paris) suite anseo: Ceantar Ruhr (Ruhrgebiet, achar 4435 km² agus daonra 5.3 milliún) leis na cathracha seo gar dá chéile: Duisburg, Oberhausen, Bottrop, Mülheim an der Ruhr, Essen, Gelsenkirchen, Bochum, Herne, Hagen, Dortmund, Recklinghausen, agus Hamm.
Tá thart ar 10.5 milliún duine ina gcónaí i Mórcheantar Réin-Ruhr (Metropolregion Rhein-Ruhr).
-
Düsseldorf, bruach na Réine
[athraigh] Tagairtí
- ↑ An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh