An tSoirbis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSoirbis
Serbšćina

Cineálteanga, teanga bheo agus fine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais60,000
Grúpa eitneachSorbaigh
Stáitan Ghearmáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha iartharacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Staidéar agSorbian studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-2wen
ISO 639-5wen
Glottologsorb1249
UNESCO384
IETFwen

Is iad an dá chineál Soirbise (nó Sorbaise, as Soirbis Serbšćina, as Gearmáinis Sorbisch, Wendisch, as Béarla Sorbian) na teangacha bundúchasacha Slavacha a labhraítear in oirthear na Gearmáine. Tá bólaí dúchais na Sorbach suite i Lausitz (Soirbis Uachtarach: Łužica. Soirbis Íochtarach: Łužyca) timpeall an dá chathair úd Cottbus (Chośebuz) agus Bautzen (Budyšin). Tá thart ar 60,000 Sorbach ina gcónaí sa Ghearmáin, ach níl an teanga ó dhúchas ag gach duine acu. Is iomaí Sorbach a d'fhoghlaim an teanga ar scoil, cosúil leis an dóigh a mbíonn na hÉireannaigh ag foghlaim na Gaeilge.

Maidir leis an ainm Wenden, Wendisch, ba nós le lucht labhartha na Gearmáinise Wenden a thabhairt ar a gcuid comharsan a raibh teanga Shlavach á labhairt acu - mar shampla, tugann muintir na hOstaire Windisch i gcónaí ar an mionlach Slóivéanach ina dtír féin. Inniu, is fearr leis na Sorbaigh Uachtaracha an t-ainm Sorben, ach glacann na Sorbaigh Íochtaracha go réidh leis an ainm Wenden. Cuid mhór de na Sorbaigh Íochtaracha lenár linn féin, bíonn siad cineál drochamhrasach i leith an tSorbachais agus an náisiúnachais Shorbaigh, agus iad breá sásta a gcomhshamhlú a dhéanamh le príomhshruth Gearmánach na sochaí.

Áirítear an dá chineál Soirbise ar na teangacha Slavacha Iartharacha, agus mar sin, is iad an Pholainnis, an tSeicis agus an tSlóvaicis na trí theanga is gaolmhaire léi. Mar sin féin, tá a lán saintréithe ag an tSoirbis nach bhfuil le fáil sna teangacha seo, go háirithe an uimhir dhéach, sa bhreis ar an uimhir uatha agus an uimhir iolra. Ar ndóigh, d'imir an Ghearmáinis an-tionchar ar an tSoirbis idir stór focal, fhuaimniú, agus ghramadach. Is féidir lorg na Gearmáinise a aithint ar úsáid na réamhfhocail ach go háirithe. Ón taobh eile de, tá córas aimsirí na mbriathar i bhfad níos saibhre sa tSoirbis ná sna teangacha Slavacha Iartharacha eile, nár choinnigh ach aon aimsir chaite amháin. Níl an córas sin leath chomh láidir sa tSoirbis Íochtarach agus atá sé sa tSoirbis Uachtarach, áfach.

Tá dhá theanga ann, agus iad sách difriúil le chéile. Baintear úsáid as dhá leagan caighdeánacha den teanga: an tSoirbis UachtarachHornjoserbšćina, timpeall Bautzen in Oberlausitz ("Łužica Uachtarach") i stát na Sacsaine, agus an tSoirbis ÍochtarachDolnoserbšćina i Niederlausitz ("Łužica Íochtarach") thart ar Cottbus i stát Brandenburg. Labhraíonn formhór mór na Sorbach Soirbis Uachtarach, agus í ó dhúchas ag na páistí féin i gcónaí, ach tá an tSoirbis Íochtarach ag saothrú an bháis cheana féin, nó is fánach páiste a mbeadh sí ó dhúchas aige inniu.

Is ar an litir G is fusa a aithnítear an tSoirbis Íochtarach, nó cosúil leis an bPolainnis, choimeád sí an tseanfhuaim seo. Sa tSoirbis Uachtarach, cosúil leis an tSeicis, rinneadh H den G. Thairis sin, tá foirm speisialta ag infinideach na mbriathar sa tSoirbis Íochtarach nach n-úsáidtear ach ar lorg an bhriathair hyś ("dul"): źom cytat kniglicky ("téim ag léamh leabhair"), ach com cytaś kniglicky ("teastaíonn uaim, ba mhaith liom, leabhar a léamh").

Is é an Bürger Eydt Wendisch ("Móid an Chathróra as Soirbis") ón mbliain 1537 an scríbhinn is sine as Soirbis. Móid atá ann a thabharfadh cathróirí nua Bautzen, go bunúsach. Go ginearálta, áfach, is fuar an fháilte a bhí roimh an tSoirbis sna cathracha. I mBrandenburg, a bhí ina chúige Prúiseach, cuireadh polasaithe i bhfeidhm d'aon ogham leis an teanga a bhaint de bhéal na ndaoine. Mar sin, níor fágadh ach ag muintir na tuaithe í.

Ar an 13ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1912, bunaíodh Domowina, nó Cumann Cultúrtha na Sorbach, i Hoyerswerda. Ní raibh lucht rialtais na Gearmáine sásta, áfach, mórán ruspa a ligean leis na Sorbaigh, agus fiú i mblianta Phoblacht Weimar, bhíothas ag iarraidh a dteanga a chur faoi chois. Chuaigh na cúrsaí an dá oiread chun donais, áfach, nuair a tháinig Hitler. Sa bhliain 1937, chuir na Naitsithe cosc ar Domowina, agus d'fhéach siad leis na Sorbaigh a scaipeadh agus a ruaigeadh as a mbólaí dúchais, iad siúd go háirithe a bhí gníomhach i saol cultúrtha na Sorbach.

Fógra sa tSacsóin as Gearmáinis agus Soirbis.

Nuair a fuair na Cumannaigh seilbh ar oirthear na Gearmáine, d'athraigh na cúrsaí. Cuireadh Domowina ar bun arís, agus fuair an teanga stádas áirithe oifigiúil ina réigiún dúchais. Mar sin féin, ní raibh ag éirí leis na Sorbaigh chomh maith agus a shílfeá. Bhí gluaiseacht náisiúnta na Sorbach faoi stiúir na gCumannach, agus nuair a bhí sainleas na Sorbach agus sainleas an stáit Chumannaigh ag teacht salach ar a chéile, is léir gurbh iad na Sorbaigh a chaithfeadh tabhairt isteach. Bhí an tionsclaíocht agus an mhianadóireacht - go háirithe mianadóireacht an ghuail dhoinn - ina gceisteanna deacra i mblianta an Chumannachais, nó cé go raibh an stát ag fabhrú don tSoirbis go hoifigiúil, is minic a rinne scéimeanna forbartha na tionsclaíochta agus an mhianadóireacht dochar mór do thimpeallacht agus do chomhshaol na sráidbhailte Sorbacha, ionas gur tháinig scaipeadh ar an bpobal áitiúil.

Inniu, tá an tSoirbis á teagasc i gcúig bhunscoil fichead agus i dtrí mheánscoil. Sa mheánscoil Shorbach Íochtarach i gCottbus, tá an tSoirbis Íochtarach ina hábhar éigeantach, ach is trí mheán na Gearmáinise a fhaigheann na daltaí an chuid is mó den teagasc.

Tá aon nuachtán laethúil amháin ann, Serbske Nowiny ("Nuacht Sorbach"), agus é á fhoilsiú as Soirbis Uachtarach. Thairis sin, tá seachtanán amháin ann i Soirbis Íochtarach, Nowy Casnik ("An Nuachtán Nua"). Foilsíonn an Eaglais Chaitliceach a seachtanán féin as Soirbis Uachtarach, mar atá, Katolski Posoł ("An Teachtaire Caitliceach"), agus tá seachtanán eile ann do na Sorbaigh Phrotastúnacha, Pomhaj bóh ("Cuidigh linn, a Dhia"). Tá míosachán cultúrtha ann fós, Rozhlad ("An tSúil Timpeall"), agus is í an tSoirbis Uachtarach a theanga. Foilsítear iris do na páistí féin sa dá chanúint, PłomjoPłomje ("An Lasair") agus iris oideachais Serbska šula ("An Scoil Shorbach").

B'é Jakub Bart-Ćišinski (1856-1909) file náisiúnta na Sorbach. Scríobh sé a chuid dánta i Soirbis Uachtarach. B'é Mato Kosyk (1853-1940) an file ba thábhachtaí i Soirbis Íochtarach. Chaith sé leath a shaoil sna Stáit Aontaithe, nó chuaigh sé ar imirce ansin i ndeireadh na naoú haoise déag.

Sliocht i Soirbis Uachtarach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hornjoserbšćina je zapadosłowjanska rěč, kotraž so we wuchodnej Němskej wokoło městow Budyšin, Kamjenc a Wojerecy rěči. Tuta rěč je přiwuzna z delnjoserbšćinu, čěšćinu, pólšćinu a kašubšćinu. Jako słowjanska rěč hornjoserbšćina k indoeuropskim rěčam słuša.

"Teanga Shlavach Iartharach í an tSoirbis Uachtarach, agus í á labhairt in Oirthear na Gearmáine, timpeall na gcathrach úd Bautzen, Kamenz agus Hoyerswerda. Tá an teanga seo cosúil leis an tSoirbis Íochtarach, leis an tSeicis, leis an bPolainnis agus leis an gCaisiúibis. Mar theanga Shlavach, is ceann de na teangacha Ind-Eorpacha í an tSoirbis Uachtarach." (as alt na Vicipéide i Soirbis Uachtarach faoin teanga féin)

Sliocht i Soirbis Íochtarach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dolnoserbska rěc, dolnoserbšćina (nim. Niedersorbisch, pól. dolnołużycki, čes. dolní lužická srbština) jo rěc Serbow w Dolnej Łužycy. Dolnoserbšćina jo pódwjacornosłowjańska rěc. Wobyma serbšćinoma jo pó rozměśu nejbliša słowakšćina. Nimce pomjenjuju rěc Serbow (w Dolnej a Górnej Łužycy): "Sorbisch" a "Wendisch".

"Is í an tSoirbis Íochtarach (Gearmáinis: Niedersorbisch, Polainnis: dolnołużycki, Seicis: dolní lužická srbština) teanga na Sorbach i Łužyca Íochtarach. Teanga Shlavach Iartharach í an tSoirbis Íochtarach. Is í an tSlovaicis an teanga is dlúithe gaoil leis an dá chineál Soirbise. Tugann na Gearmánaigh "Sorbisch" nó "Wendisch" ar theanga na Sorbach in Íochtar agus in Uachtar Łužyca."

Tabhair faoi deara:

  • S.U. rěč = S.Í. rěc "teanga"
  • S.U. zapad = S.Í. podwjacor "iarthar"
  • S.U. je = S.Í. jo "tá, is"
  • S.U. Łužica = S.Í. Łužyca
  • S.U. Němska = S.Í. Nimska "an Ghearmáin"
  • S.U. delnjoserbšćina = S.Í. dolnoserbšćina "an tSoirbis Íochtarach"

Sampla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine, Airteagal a hAon as Soirbis Uachtarach:

Wšitcy čłowjekojo su wot naroda swobodni a su jenacy po dostojnosći a prawach.
Saolaítear na daoine uile saor agus comhionann ina ndínit agus ina gcearta.
Woni su z rozumom a swědomjom wobdarjeni a maja mjezsobu w duchu bratrowstwa wobchadźeć.
Tá bua an réasúin agus an choinsiasa acu agus dlíd iad féin d'iompar de mheon bráithreachais i leith a chéile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]