Réabhlóid na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í Réabhlóid na Fraince (nó Muirthéacht na Fraince) (1789-1799) i stair na Fraince agus stair na hEorpa ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh an tsochaí.

Thosaigh tréimhse na Réabhlóide sa bhliain 1789 le cruinniú Eastáit Choitianta ( États généraux) na Parlaiminte agus le forghabháil an Bastille agus chríochnaigh le coup d'État Napóilean sa bhliain 1799. Chuir an Réabhlóid deireadh leis an monarcacht, leis an seanchliarlathas agus leis na pribhléidí. Sa Déclaration des droits de l'homme et du citoyen fógraíodh cothroime na saoránach de réir an dlí, na bunsaoirsí agus flaitheas an Náisiúin, pobal arbh fhéidir leis é féin a rialú trí theachtaí tofa. Thosaigh imreas fada buan idir lucht cosanta na Réabhlóide agus lucht cosanta an tseanreachta, gan trácht ar an naimhdeas idir frithchléirigh agus an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Prise de la Bastille (Forghabháil an Bastille) le Jean-Pierre Houël.

An Seanreacht[athraigh | edit source]

Dhá ord phribhléideacha a bhí ann, an chléir agus na huaisle, agus ord eile gan phribhléidí, an tríú heastát. Is iad an dream gan phribhléidí a d’íoc an mhórchuid de na cánacha. Laistigh den tríú heastát féin bhí mórdhifríochtaí idir cúigí nó bailte de réir na mbuntáistí a bhí acu. Bhí grúpaí borrúla sa tír – an mheánaicme thráchtála nó airgeadais, scológa teanna a bhí in ann oideachas a thabhairt dá gclann – agus b’áil leis an meánaicme na poist arda a bhaint amach. Le ceart diaga (droit divin) a bhí cumhacht ag an Rí sa bhliain 1788, cumhacht a thug Dia dó agus a raibh baint aici leis na pribhléidí a bronnadh ar dhaoine áirithe, ar bhailte móra áirithe, ar chúigí áirithe.

Bhí tionchar suntasach ag lucht intleachta na hEagnaíochta (les Lumières) ar an gcor a bhí le teacht sa scéal ach tionchar caolchúiseach é; ní cóir áibhéil a dhéanamh de. Moladh go mbeadh monarcacht ann bhí cosúil le monarcacht na Breataine, agus í srianta ag parlaimint thofa: cearta an tsaoránaigh i gcomórtas le humhlaíocht an ghéillsinigh. Dúirt an lucht intleachta gur as an Náisiún a d’eascair an chumhacht cheannasach.

Ní raibh na hoird phribhléideacha féin sásta leis an gcumhacht ríoga, ós rud é gur bhain an t-absolóideachas díobh a gcearta traidisiúnta. Iadsan a reachtáil na cúirteanna dlí (les Parlements), agus bhí sé de nós ag na cúirteanna céanna reachtaíocht nua a phlé agus an chumhacht ríoga a lochtú. D’fhág seo, cé go raibh siad ag cosaint a gcuid pribhléidí féin, go raibh meas ag na daoine orthu mar chosantóirí an phobail.

Bhí fonn ar chuid de na huaisle an chumhacht a bhain Louis XIV (le Roi Soleil) díobh a fháil ar ais, agus chomh maith leis sin bhí easpa airgid orthu. Crosadh orthu dul i mbun a lán gnóthaí tráchtála ar eagla go gcaillfí a n-uaisleacht; ach bhí costas an trealaimh chúirte ag méadú (culathacha breátha, carráistí agus eile) agus sin gan méadú a theacht ar a gcuid cíosanna. Chuaigh siad i muinín a seanphribhléidí, go mór mór na cearta feodacha, agus iad ag éileamh cánacha áirithe nár íocadh leis na cianta. Chomh maith leis sin, thosaigh siad ag úsáid tailte coitianta áirithe, tailte nach raibh á saothrú nó a gcuireadh feirmeoirí bochta a gcuid beithíoch ar féarach ann. Níor thaitin an méid sin le muintir na tuaithe agus d’éiligh siad go gcealófaí na cearta feodacha. Ina theannta sin, bhí gorta á chrá cuid mhaith den Eoraip ag an am agus an Fhrainc san áireamh.

Aithníodh go raibh fadhbanna airgeadais ag an rialtas féin: bhí sé báite i bhfiacha, rud a tharla de bharr chogaí costasacha Louis XV, mórán, gan trácht ar an tacaíocht a thug Louis XVI do réabhlóidithe Mheiriceá, agus gan an bhris á tabhairt isteach cheal cánacha cothroma. Beartaíodh scéimeanna chun an scéal a leigheas, ach níorbh fhéidir leis an Rí cúrsaí airgeadais a leasú agus é de nós ag na na cúirteanna dlí cur ina choinne. Ní raibh Louis XV ná Louis XVI dall ar scaipeadh na smaointe nua agus ar mhí-éifeacht na bhforas, ach bhí údarás Louis XIV de dhíobháil orthu, rud a bhac orthu athchóiriú riaracháin a bhrú ar na haicmí pribhléideacha.

Tionól Náisiúnta agus an Bastille[athraigh | edit source]

Nuair a chruinnigh na hEastáit Choitianta arís bhí an-dóchas ag an bpobal astu. Bhí súil ag muintir na tuaithe le feabhsú saoil agus le cealú na gcearta feodacha. Bhí súil ag an meánaicme le cothroime de réir dlí (l’égalité de droit) agus le monarcacht pharlaiminteach à l'anglaise. B’fhéidir leo a bheith ag brath ar chúnamh baicle uaisle ar gheal leo na smaointe nua agus ar chúnamh na mionchléire, dream a raibh eolas pearsanta acu ar shaol crua an phobail, agus bhí díospóireacht bhríomhar ann dá bharr. D’iarr an tríú heastát breis feisirí de réir a meáchain shóisialta agus thug an Rí a dhá oiread dóibh, ach ní dúirt sé faic faoin éileamh eile – vóta an duine. (Bhí vóta amháin ag gach ord, agus d’fhéadfadh vóta dhá ord an tríú vóta a shárú.)

Ar 17 Meitheamh 1789 thug an an tríú heastát agus baill éigin den na huaisle agus den chléir “Tionól Náisiúnta” (l'Assemblée nationale)' orthu féin. Bhí siad an-chorraithe, agus gheall siad nach scarfaidís nó go raibh bunreacht scríofa bronnta acu ar an tír. Ghéill an Rí, mar dhea; ach ar 26 Meitheamh thug sé saighdiúirí isteach i bPáras (20,000 fear ó reisimintí eachtrannacha). Bhí aigne an phobail suaite; bhí círéibí ann, dódh barracáidí máil, creachadh stórais ghráin na gclochar agus bunaíodh míliste meánaicmeach. Mhéadaigh an suaitheadh; ar 14 Iúil rug lucht círéibeachta ar a raibh d’airm in armlann an Hôtel des Invalides agus chruinnigh os comhair an Bastille (daingean agus príosún) amach; le cúnamh roinnt gunnaí móra thug siad ar ghobharnóir an phríosúin géilleadh, agus forghabhadh samhailchomhartha seo an údaráis ríoga.

Tionól Iomlán[athraigh | edit source]

Bhí an scéal chomh dona sin anois go ndeachaigh na móruaisle ar thóir dídine i dtíortha eile – an Bhreatain, an Ghearmáin, na hÍsiltíortha – agus súil acu go bhfillfidís i gceann trí mhí. Idir an dá linn bhí mhuintir na tuaithe ag éirí amach, agus dá bhrí sin, ar 4 Lúnasa 1789, chealaigh an Tionól na cearta feodacha, díol na bpost agus míchothroime cánach. B’in deireadh leis an Seanreacht. Ar 26 Lúnasa vótáil an Tionól ar son Fhógra Chearta an Duine agus an tSaoránaigh (Déclaration des Droits de l’Homme agus du Citoyen). Agus iad faoi anáil Ré na hEagnaíochta, thug siad droim laimhe don mhonarcacht absolóideach agus do chóras na n-ord. D’fhág cuspóirí na meánaicme a rian ar an bhFógra: bannaí le saoirse an duine, urraim don mhaoin, roinnt na cumhachta leis an Rí, ceart ag cách ar phoist phoiblí.

Rinneadh Tionól Iomlán (l‘Assemblée constituante) den Tionól Náisiúnta ar 9 Iúil 1789; cruinniú meánaicmeach ba ea é, mórán, agus bhain sé feidhm as smaointe fhealsúna agus eacnamaithe an 18ú haois chun athleasú mór a chur chun cinn. Bhí an chumhacht ríoga lag go leor; bhíodh an Rí idir dhá chomhairle, é ag iarraidh a neamhspleáchas a chosaint agus greim a fháil arís ar an gcumhacht ba dhual dó.

I Mí an Mheithimh 1791 thug an Rí agus a theaghlach iarracht ar éalú ach rugadh orthu; ba mhian leis na réabhlóidigh ba radaicí an choróin a bhaint den Rí dá bharr, rud ba mhian le lucht na monarcachta bunreachtúla a sheachaint. Rinne an dream úd forógra dlí mhíleata, rud a chuir fearg ar phobal Pháras, agus ar 12 Iúil 1791 mharaigh na saighdiúirí mórán daoine (agus neart ban agus páistí san áireamh) a bhí ag déanamh léirsithe. Dá bhrí sin thit na tírghráthóirí neamhradaiceacha agus pobal Pháras amach le chéile.

Cogadh[athraigh | edit source]

Idir an dá linn, bhí na huaisle a theith (les émigrés) ag fadú faoin achrann lastall de na teorainneacha agus ag gríosú rialtais eile chun troda. Os a choinne sin, bhí fonn ar na Seacaibínigh (les Jacobins), an bhaicle a bhí i réim ag an am i bPáras, an Réabhlóid a scaipeadh tríd an Eoraip. Ar 20 Aibreán 1792, d’fhógair an Fhrainc cogadh ar Impire na hOstaire, agus chuaigh an Phrúis leis an Ostair. Ar an droch-uair, bhí an t-arm Francach ar mhí-eagar ar fad toisc gur imigh an oiread sin oifigeach uasal, rug a d’fhág lag roimh na reisimintí tréanacha Prúiseacha é. Ghabh an namhaid daingean i ndiaidh daingin, agus tháinig líonrith ar na daoine, rud a spreag iad chun neart daoine a mharú i bpríosúin Pháras le teann eagla roimh fhrithréabhlóidithe. Ní raibh de dhánacht sna húdaráis an marú a chosc, agus chuir sé cor nua sa Réabhlóid.

Ar 21 Meán Fhómhair 1792 tháinig an Chomhdháil Náisiúnta (la Convention nationale) in ionad an Tionóil chun cumhacht fheidhmitheach an Chéad Phoblacht Fhrancach a dhearbhú tar éis an Rí a chur as oifig ar 10 Lúnasa. Cuireadh toghcháin ar siúl, ach meastar nár chuir 90% den seacht milliún vótóir de dhua orthu féin vótáil ar chor ar bith. Is beag nár bhain na teachtaí go léir leis an meánaicme, ach bhí dhá bhaicle ar leith ann. Bhí na Girondins ann agus gan muinín acu as pobal Pháras; bhí na Montagnards (“lucht an tSléibhe”) ann freisin agus breis tuisceana acu ar chás na ndaoine. (Bhí siadsan ina suí ar shuíocháin níos airde sa Chomhdháil, agus as sin a baisteadh iad.) Bhí na Montagnards sásta dul i bpáirt an phobail agus na bPoblachtach radaiceach (les san-culottes) go háirithe, agus dul go bun an angair chun an Phoblacht a shábháil. Ar na ceannairí bhí Robespierre, Danton, Marat agus Saint-Just.

Ar 20 Samhain 1792 rug na Francaigh bua gan choinne ar na Prúisigh; d’fhág siad siúd agus na hOstairigh an Fhrainc, agus imní orthu anois faoi chúrsaí sa Pholainn. Ghabh na Francaigh an Ísiltír Ostaireach, agus fuair a n-airm greim ar bhruach clé na Réine.

Deireadh na Monarcachta[athraigh | edit source]

Ar 20 Samhain shocraigh an Chomhdháil Náisiúnta ar an monarcacht a chealú. Bhi drogall ar na Girondins é sin a dhéanamh, agus eagla orthu go gcuirfí spionnadh i lucht na frithRéabhlóide agus go dtreiseofái naimhdeas mhonarcachtaí na hEorpa. Ach thangthas ar cháipéisí a chruthaigh go raibh an Rí i mbun comhcheilge le naimhde na Poblachta, agus ba léir do mhórán go gcaithfeadh sé íoc as. Básaíodh é faoin ngilitín ar 21 Eanáir 1793.

Ar 24 Feabhra 1793 chinn na Girondins ar arm 300,000 saighdiúir a thógáil le caitheamh crann, rud a thug drochnósanna an tSeanrachta i gceann na ndaoine, agus a spreag éirí amach san Alsáis, sa Bhriotáin agus sna Sléibhte Lárnacha (Le Massif central), ceannairc a cuireadh faoi chois gan mhoill. Ritheadh dlí a chuir dlús leis an sceimhle: ceannairceach ar bith a rugadh maol air bhásófaí gan triail é. Bhí na Girondins ag dul i laige, áfach; bhí orthu glacadh le Coiste na Slándála Poiblí (la Comité de Salut Public) agus leis an mBinse Réabhlóideach (an Tribunal révolutionnaire), agus ba ghearr gur ruaigeadh iad. Is iad na Montagnards a tháinig ina n-áit tar éis dul i bpáirt na bhfaicsean ab antoiscthí de phobal Pháras. Ní mar sin a bhí an scéal taobh amuigh de Pháras; in Marseille agus i Lyons ba iad na Girondins an dream ba láidre.

Coiste na Slándála Poiblí[athraigh | edit source]

Ba é Coiste na Slándála Poiblí an foras ba thábhachtaí dár eascair as an gComhdháil. Danton a bhí i gceannas air nó gur básaíodh é ar 10 Iúil 1793. Bhí dáréag ball aige a dtoghadh an Chomhdháil gach mí iad; bheartaigh sé na dlíthe, bhí cumhacht fheidhmitheach aige agus d’ainmnigh sé na feidhmeannaigh; chruinnigh sé an chumhacht i lár báire agus an rialtas i mbaol. Bhí geilleagar an náisiúin tugtha suas don chogadh, agus tógadh arm milliún fear ar an bpointe; arm é a bhí lán d’fhuinneamh agus de dhíograis, rud a chúitigh an easpa gairmiúlachta. Tháinig Robespierre chun cinn sa Choiste, agus ar 5 Meán Fómhair 1793 cuireadh an Sceimhle (la Terreur) ar siúl. Chuaigh an t-ár a rinne pobal Pháras cheana go mór i gcion ar bhaill den Chomhdháil; chun a leithéid a sheachaint feasta agus naimhde na Réabhlóide a chloí, chuir siad Sceimhle dhleathach i bhfeidhm, agus b’fhada an liosta daoine a bhí i mbaol – uaisle, daoine a theith, sagairt easumhla, lucht molta cónaidhme, gríosóirí agus a muintir. Vótáil an Chomhdháil pionós báis a ghearradh ar chnuastóirí bia. Ach bhí sé deacair fós bia a sholáthar do na bailte móra, agus bhí luach na dtuarastal ag ísliú.

Bás Robespierre[athraigh | edit source]

In iarthar na tíre bhí muintir an Vendée, dream ceanndána Caitliceach coimeádach, éirithe amach, ceannairc ar fhág a ceannairí uaisle dath ríoga uirthi agus a cuireadh faoi chois go fíochmhar agus go fuilteach. Cuireadh ruaig ar na hairm eachtrannacha freisin. Ansin tugadh iarraidh ar an gCríostaíocht a scrios ar fud na Poblachta, agus leagadh dealbha, crosa agus clogáis. Bhí Robespierre féin naimdeach don aindiachas; chuir sé dlí i bhfeidhm a chuaigh in urrús ar shaoirse creidimh agus dlí eile a d’aithin neamhbhásmhaireacht an anama. Chuaigh an Coiste i mbun srian a chur le tionchar na bPoblachtach radaiceach ar an gComhdháil. Sa bhliain 1794 scriosadh eite chlé agus eite dheas na Montagnards (agus Danton san áireamh). Bhí an Sceimhle ag maolú sna cúigí agus ag treisiú i bPáras, agus ba é an Binse Réabhlóideach a thugadh breith ar choireanna polaitiúla. Ní bhíodh finné ann ná dlíodóir. Bhí Robespierre ar an bpolaiteoir ba mhó tionchar, é ag troid leis na faicsin agus ag tiomsú naimhde. Nuair a bhagair sé glanadh nua orthu chruinnigh siad a neart agus d’ionsaigh é. Ar 28 Iúil 1794 chuaigh sé faoi ngilitín agus cuireadh deireadh leis an Sceimhle.

Bunreacht Nua[athraigh | edit source]

Vótáil an Chomhdháil ar son Bunreachta nua ar 17 Lúnasa 1795 agus ghlac pobalbhreith leis i Mí Mheán Fómhair. Bunaíodh rialtas na Stiúrthóireachta (le Directorate) dá réir agus fonn ar an gComhdháil go mbeadh rialtas seasmhach ann, ach ba rialtas míshocair amach é ó thús; bhí na ríogaithe á threascairt ar fud na tíre le bolscaireacht agus le gníomh, agus deartháireacha an Rí ag cuidiú leo. Níorbh fhearrde an scéal an geilleagar a bheith ag meath, cánacha ag dul i laghad, praghsanna ag ísliú – rud a raibh muintir na tuaithe go háirithe thíos leis Ach bhí rath ar chúrsaí cogaidh, go háirithe san Iodáil, mar ar rug an ginearál óg Napóilean Bónapart bua i ndiaidh bua ar an Ostair, rud a tharraing conradh Campo Formio ar 17 Aibreán 1797. Faoin mbliain 1799 ba bheag nach raibh an Iodáil go léir ina Poblacht, agus forais brúite uirthi arbh ionann iad agus forais na Fraince. Ba shaibhrede an Stiúrthóireacht dá bharr ach d’fhág sé go raibh gach rud ag brath ar an arm. Rinneadh ceann réitigh de Napóilean i gcúrsaí polaitíochta sa Fhrainc.

Ar 9 Meán Fómhair 1799 tháinig Napóilean i réim de threascairt thobann, ag fógairt go raibh deireadh leis an Réabhlóid. Bunaíodh an Chonsalacht (le Consulat), triúr consal agus an chumhacht uile ag an gcéad duine acu; ba ghearr go ndéanfaí Impire den fhear sin – Napóilean féin.

Liosta Leabhar[athraigh | edit source]

Leabhair Fhraincise[athraigh | edit source]

  • Allouche, Elie, 99 questions sur la Révolution française, Montpellier, CRDP, 2005
  • Beartaud, Jean-Paul, Jean-Paul Bertaud, Initiation à la Révolution française, Paris, 1989
  • Dumas, Alexandre, La route de Varenne, Éditions mille et une nuits, Paris, 2005
  • Godechot, Jaques, La Révolution française : chronologie commentée, suivie de notices biographiques sur les personnages cités, Perrin, Paris, 1988.
  • Martin, Jean-Clément, La Révolution française, Le Cavalier Bleu, Idées reçues, 2008
  • Schiappa, Jean-Marc, La Révolution française, 1789-1799, Librio, 2005
  • Carpentier, Jean Carpentier agus Lebrun, François, Histoire de France, Points Histoire Seuil, 2000 (léiriú ar an tréimhse sa chomhthéacs ginearálta)

Leabhair Bhéarla[athraigh | edit source]

  • Doyle, William (2002). The Oxford History of the French Revolution. (2nd ed.). Oxford University Press.
  • Neely, Sylvia (2008). A Concise History of the French Revolution. Rowman & Littlefield.
  • Rudé, George (1991). The French Revolution: Its Causes, Its History and Its Legacy After 200 Years. Grove Press.
  • Schama, Simon (2004) [1989]. Citizens. Penguin.