Georges Jacques Danton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Georges Danton

Rugadh Georges Jacques Danton ar 26 Deireadh Fómhair 1759 in Arcis-sur-Aube agus fuair bás faoin ngilitín i bPáras ar 5 Aibreán 1794. É ina pholaiteoir agus ina réabhlóideach. É ina theachta de chuid na Comhdhála, é ar an gcéad uachtarán de Choiste na Slándála Poiblí. Ba é an tAire Cirt é tamall. Áirítear é ar phearsana móra Réabhlóid na Fraince, agus deir mórán staraithe gurbh eisean ba chúis le treascairt na Monarcachta. Chuir a naimhde “measarthacht” ina leith toisc gur mhian leis an Vendée a thabhairt chun síochána gan ár agus teacht chun réitigh le tíortha a bhí sásta Poblacht na Frainc a aithint. Daoradh é gan díospóireacht cheart agus gan fhios beagnach.