Jean-Paul Marat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jean-Paul Marat

Rugadh Jean-Paul Marat i mBoudry i bPrionsacht Neuchâtel (atá ina chuid den Eilbhéis anois) ar 24 Bealtaine 1743 agus dúnmharaíodh i bPáras ar 13 Iúil 1793. Bhí sé ina dhochtúir, ina iriseoir agus ina pholaiteoir chomh maith le bheith ina theachta de chuid na Montagnards sa Chomhdháil. Is fada a creideadh gurb eisean a bhí ciontach as ár na bpríosúnach i bPáras a ghríosú, ach tá athchomhairle déanta ag na staraithe, tríd is tríd. Charlotte Corday a dhúnmharaigh é agus ba leor sin chun mairtíreach a dhéanamh de ar feadh tamaill.

Féach freisin[athraigh | edit source]