Miguel de Cervantes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Miguel de Cervantes Saavedra
Cervates jauregui.jpg
Portráid do Cervantes le Juan Martínez de Jáuregui y Aguilar (t.1600)
Dáta breithe 29 Meán Fómhair, 1547
  Alcalá de Henares, an Spáinn
Dáta báis 23 Aibreán 1616
  Maidrid, an Spáinn
Náisiúntacht Spáinneach
Gairm Úrscéalaí, file, drámadóir
Síniú
Miguel de Cervantes signature.svg

Miguel de Cervantes Saavedra, scríbhneoir Spáinneach (Alcalá de Henares, 29 Meán Fómhair 1547 - Maidrid, 23 Aibreán 1616), tá aithne air mar gheall ar a leabhar cáiliúil El ingenioso hidalgo Don Quijote de la Mancha, an chéad úrscéal nua-aimseartha agus ceann de mhór-shaothair na litríochta domhanda. Rud íorónta atá bainteach le saol Cervantes ná go bhfuair seisean agus Shakespeare, beirt aithreacha na litríochta chomhaimseartha, bás ar an lá ceannann céanna.