Gramadach na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clúdach an leabhair Graiméar na Gaedhilge leis na Bráithre Críostaí (1906).

An aidiacht[athraigh | edit source]

Brollach[athraigh | edit source]

Sa Ghaeilge, tagann an aidiacht sna sálaí ag an ainmfhocal: guth binn (nó guth bhinn, i nGaeilge Chúige Mumhan), bean shaibhir, uisce glan. Is féidir, áfach, úsáid na réimíre a bhaint as na haidiachtaí uaireanta, go háirithe i stíl fhileata: binnghuth, glanuisce. Ar ndóigh, séimhítear an t-ainmfhocal i ndiaidh na haidiachta i bhfocail chomhshuite den chineál seo.

Tá réimíreanna ar leith ann nach n-úsáidtear riamh mar fhocail neamhspleácha, siúd is go bhfuil ciall aidiachta ag dul leo. Is iad dea- agus droch- an dá réimír is tábhachtaí acu. Is ionann dea-fhear agus fear maith, agus is ionann drochdhuine agus duine dona nó duine olc, ach is féidir difríocht áirithe a aithint idir "duine olc" agus "drochdhuine": i bhfocail chomhshuite cosúil le "drochdhuine", tá an t-olcas níos cóngaraí do nádúr do-athraithe an duine. Tá an méid sin soiléir ar an dóigh a n-úsáidtear sa choimhthéacs gramadaí iad: tá an duine seo go holc (an briathar , a úsáidtear le hainmfhocal a cheangal d'aidiacht), ach is drochdhuine é seo (an chopail, a úsáidtear le hainmfhocail agus forainmneacha a cheangal dá chéile). .

Cás ar leith is ea é cás na haidiachta úd sean. Is féidir í a úsáid mar a bheadh gnáthaidiacht ann: tá sé sean, tá sé níos sine ná mise agus araile, ach is gnách úsáid na réimíre a bhaint aisti: seanfhear is ea é: Seanbhean is ea mise, agus cos liom san uaigh agus an chos eile ar a bruach, mar a dúirt Peig Sayers. Cinnte, ní dhéarfadh sí *"bean shean is ea mise" - cé nach mbeadh a leithéid ag sárú rialacha na gramadaí ar aon nós, ní chluinfeá ag cainteoirí dúchais go rómhinic é.

Ainmfhocal firinscneach uatha[athraigh | edit source]

Má thagann an aidiacht ar lorg ainmfhocal firinscneach uatha sa tuiseal ainmneach, ní bheidh claochlú tosaigh ar bith ar an aidiacht: an fear mór. Ar lorg an tuisil ghinidigh, áfach, caolófar consan deiridh na haidiachta, agus séimheofar an consan tosaigh: gluaisteán an fhir mhóir. Má tá an consan deiridh caol cheana féin, ní féidir é a chaolú tuilleadh, ar ndóigh: an buille réidh (tuiseal ainmneach), fear an bhuille réidh (tuiseal ginideach). Na haidiachtaí a bhfuil -ach ag crochadh díobh, déanfar -igh den -ach seo: an fear tuirseach - codladh an fhir thuirsigh; an múinteoir Éireannach - ceachtanna an mhúinteora Éireannaigh.

Ainmfhocal firinscneach iolra[athraigh | edit source]

I ndiaidh ainmfhocal firinscneach iolra sa tuiseal ainmneach, áfach, cuirfear -a nó -e leis an consan deiridh. Ar ndóigh, tá sé ag brath ar chaoile nó ar leithneacht an chonsain cé acu guta a chuirfear leis: an fear mór - na fir mhóra, an buille réidh - na buillí réidhe. Maidir leis an gclaochlú tosaigh, tá sé ag brath ar chonsan deiridh an ainmfhocail, cé acu a shéimheofar an aidiacht nó nach séimheofar: na fir mhóra (m séimhithe ar lorg an r chaoil), na mná móra (m gan séimhiú, ós rud é nach bhfuil consan caol ann). Is minic nach gcluintear mórán difríochta idir agus -igh an ainmfhocail iolra, ach mar sin féin, tá sé tábhachtach iad a choinneáil scartha ó chéile sa litriú, nó ní shéimheoidh ach ceann acu an aidiacht: na bealaí móra (m gan séimhiú) (ón bhfocal bealach), ach na hÉireannaigh mhóra (m séimhithe) (ón bhfocal Éireannach).

Ainmfhocal baininscneach uatha[athraigh | edit source]

Ar lorg ainmfhocal baininscneach uatha sa tuiseal ainmneach, séimheofar an aidiacht: bean mhór, baintreach thuirseach, fuinneog bhriste, bliain fhada, teanga dhothuigthe, agus araile.

Ar lorg ainmfhocal baininscneach uatha sa tuiseal ginideach, ní shéimheofar an aidiacht ar aon nós. Scéal eile, áfach, go gcuirfear -e leis an gconsan deiridh, agus má tá an consan sin leathan san fhoirm a fuair tú san fhoclóir, caithfidh tú an consan sin a chaolú, leis: eachtra na mná móire (< mór), teach na baintrí tuirsí (< tuirseach), seomra na fuinneoige briste, agus araile. Tabhair faoi deara go ndéantar -í den -ach san fhoirm áirithe seo (-ighe an seanlitriú a bhí ann roimh an gcaighdeánú: teach na baintreabhaighe tuirsighe a scríobhtaí sular tháinig an caighdeán comhaimseartha ar an bhfód). Tabhair faoi deara freisin nach gcuirfear an t-e sin le haidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil, ar nós spéisiúil, dathúil agus araile: a mhalairt ar fad, cuirfear -a leo, agus leathnófar an consan deiridh: grá na mná dathúla (ní hé *dathúile an fhoirm cheart ar aon nós). Coinnigh cuimhne freisin ar leithéidí na haidiachta úd deacair, a chailleann guta an dara siolla roimh an iarmhír: lá na hoibre deacra. (Bheifeá ag súil le *deacaire, ach nuair a bhuailfidh an -r caol an -c- leathan, leathnófar é faoina thionchar, agus an t-a ag teacht in ionad an e, dá réir sin.)

Titeann an dara siolla san aidiacht álainn ar lár roimh iarmhír an ghinidigh bhaininscnigh freisin. Is í an fhoirm a mbeifeá ag súil léi ná áilne, agus d'fheicfeá í i dtéacsanna a bhfuil an seanlitriú i bhfeidhm orthu. De réir an chaighdeáin a úsáidtear inniu, áfach, is é an leagan oifigiúil ná áille, agus an -nn comhshamhlaithe don -l-. (Cf. collaí, collaíocht, atá bunaithe ar colla, seanghinideach an ainmfhocail colainn.)

Tabhair faoi deara go bhfuil ginideach baininscneach uaitha na haidiachta úd breá beagáinín neamhrialta: breátha. Úsáidtear an fhoirm seo san iolra freisin.

Ainmfhocal baininscneach iolra[athraigh | edit source]

Go bunúsach, is í an fhoirm chéanna den aidiacht a úsáidtear ar lorg ainmfhocail an dá inscne san uimhir iolra. Mar sin, cuirfear an t-a nó an t-e leis an aidiacht i dtuiseal ainmneach na huimhreach iolra ar lorg ainmfhocal baininscneach freisin: na mná móra, na baintreacha tuirseacha, na cathracha coimhthíocha, agus araile. Ní shéimhítear an aidiacht, áfach, nó is ar éigean a chríochnaíonn aon iolra baininscneach ar chonsan caol!

Foirm na haidiachta sa tuiseal ginideach iolra[athraigh | edit source]

Braitheann sé beagáinín ar fhoirm an ainmfhocail féin, cé acu foirm aidiachta a thiocfaidh ar a lorg. Go bunúsach, más tréaniolra atá againn, is é sin, iolra arb ionann a fhoirm sa ghinideach agus san ainmneach, ní athróidh an aidiacht a foirm ach an oiread sa ghinideach: na páirceanna móra - cathair na bpáirceanna móra. Má athraíonn an t-ainfhocal a fhoirm, áfach, leanfaidh an aidiacht é: na fir mhóra - tír na bhfear mór.

I gcanúintí, go háirithe i gConamara, chluinfeá na daoine ag baint úsáid as leaganacha cosúil le tír na bhfir mhóra, lá na mbáid mhóra in áit tír na bhfear mór, lá na mbád mór an Chaighdeáin.

"Tuiseal tabharthach" (má tá a leithéid ann)[athraigh | edit source]

Ní mhaireann mórán iarsmaí den tuiseal tabharthach beo i nGaeilge an lae inniu. Tá gramadóirí áirithe ann, áfach, a bhaineann úsáid as an "tuiseal tabharthach" mar chatagóir gramadaí, agus iad ag tagairt don fhoirm a thagann ar lorg na réamhfhocal simplí. Ní hionann an "tuiseal tabharthach" seo agus tuiseal tabharthach stairiúil na Gaeilge Clasaicí, áfach, ach amháin i gcuid de na cásanna.

Cibé scéal é, is féidir an aidiacht a láimhseáil sa "tuiseal tabharthach" uatha de réir ceann den dá chóras malartach a cheadaíonn an Caighdeán:

- An córas "deisceartach". Is é sin, uraítear an t-ainmfhocal ar lorg an ailt a dtagann an réamhfhocal simplí roimhe, agus ansin, cloítear leis na rialacha céanna i leith na gclaochluithe tosaigh atá i bhfeidhm sa tuiseal ainmneach: ag an bhfear beag (firinscneach), ag an mbean bheag (baininscneach).

- An córas "Ultach". Is é sin, séimhítear an t-ainmfhocal ar lorg an ailt a dtagann an réamhfhocal simplí roimhe, agus ansin, séimhítear an aidiacht beag beann ar an inscne: ag an fhear bheag, ag an bhean bheag.

Ní minic a d'fheicfeá an nós Clasaiceach inniu, is é sin, urú na haidiachta ar lorg an ainmfhocail uraithe. Mar sin féin, tháinig atheagrán de Shéadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire i gcló sna nóchaidí ina bhfeictear an nós seo i gcónaí: ag an bhfear mbeag. Úsáid sheanársa atá ann nach bhfeicfeá, abair, ar na hirisí Gaeilge.

Má bhaintear úsáid as foirm thabharthach an ainmfhocail, áfach, ní mór an aidiacht a chur i bhfoirm den chineál sin freisin. Ní fheicfeá foirmeacha tabharthacha den chineál sin ach sa litríocht Ultach inniu, agus ní bhíonn foirmeacha speisialta tabharthacha ach amháin ag ainmfhocail bhaininscneacha. Is é an dóigh a gcruthaítear na foirmeacha seo ná go gcaolaítear consan deiridh an ainmfhocail agus na haidiachta: tá teach mór ag an bhaintrigh bhig (in áit tá teach mór ag an bhaintreach bheag, de réir an chórais Ultaigh, nó tá teach mór ag an mbaintreach bheag, de réir an chórais eile). Cuimhnigh ar fhoirm neamhrialta an ainmfhocail bean, is é sin, mnaoi: tá teach mór ag an mhnaoi bhig (in áit tá teach mór ag an bhean bheag, de réir an chórais Ultaigh, nó tá teach mór ag an mbean bheag, de réir an chinn eile).

Is ar éigean a chaithfidh tú na foirmeacha speisialta tabharthacha sin a úsáid go gníomhach i nGaeilge an lae inniu, ach tiocfaidh sé isteach áisiúil iad a aithint agus a thuiscint ag an té a bheidh ag léamh leabhar le Séamus Ó Grianna, cuir i gcás.

An Bhreischéim is an tSárchéim[athraigh | edit source]

Is í an fhoirm chéanna den aidiacht a dhéanann cúis na breischéime is na sárchéime sa Ghaeilge, go bunúsach. Tá sé ag brath ar na míreanna gramadúla timpeall na foirme seo cé acu breischéim nó sárchéim atá i gceist.

Is ionann, sa chuid is mó de na cásanna, an fhoirm seo agus ginideach baininscneach uatha. Tá breischéim/sárchéim neamhrialta ag roinnt aidiachtaí coitianta, áfach:

mór -

beag -

furasta - fusa

fada - faide

maith - fearr

olc, dona - measa

ionúin - ansa (feictear an fhoirm rialta, ionúine, freisin)

breá - breátha

te - teo

tirim - trioma

álainn - áille

tréan - treise

Bíonn neamhrialtachtaí eile le cloisteáil sna canúintí. Go háirithe, tá sé coitianta i gcanúintí Connachtacha agus Ultacha -cha nó -chte a chur le breischéim/sárchéim na n-aidiachtaí aonsiollacha: breáichte, teocha. Cuimhnigh freisin ar gráice, breischéim/sárchéim na haidiachta úd gránna i gcanúint Chúige Uladh, agus ramha, arb é breischéim na haidiachta úd ramhar é, ansin. I nGaeilge Chúige Mumhan, cloistear an fhoirm sia in áit faide: an áit is sia siar = an áit is faide siar.

Leis an bhfoirm seo a úsáid i gciall na breischéime, is gnách níos a chur roimpi: níos treise, níos áille, níos lú. Ós rud é gurb í an chopail atá folaithe san fhocal sin níos, tá foirm na haimsire caite aige: ní baníb. Séimhíonn an fhoirm seo an aidiacht a thagann sna sálaí aici: níos fearr - níb fhearr, níos breátha - ní ba bhreátha.

Is é an briathar úd a théann leis an bhfocailín sin níos:

tá mé níos sine (< sean) ná thusa

tá Máire níos óige (< óg) ná Siobhán

bhí Máirtín Ó Cadhain níb fhearr mar scríbhneoir ná Séamus Ó Grianna


Má deir tú bhí Máirtín Ó Cadhain níos fearr mar scríbhneoir ná Séamus Ó Grianna, is ar éigean is féidir a rá gur botún é, ach is fearr cuimhne a choinneáil ar an difríocht seo i dteanga shlachtmhar scríofa.

Is féidir an bhreischéim a chur in iúl leis an gcopail is, freisin:

is sine mise ná thusa

is óige Máire ná Siobhán

b'fhearr Máirtín Ó Cadhain mar scríbhneoir ná Séamus Ó Grianna

mise Éire - sine mé (= is sine mé) ná an Chailleach, Béarra (Pádraig Mac Piarais)

Ní minic a úsáidtear an dara rogha sin a thuilleadh, ach is gá cuimhne a choinneáil air gur breischéim atá i gceist, má tá is agus foirm breischéime/sárchéime na haidiachta ag teacht sna sálaí ag ainmfhocal nach bhfuil an t-alt ag teacht roimhe:

labhair sí le cailín ba sine ná a hiníon féin - is é sin, le cailín a bhí ní ba sine ná a hiníon féin, ach is dócha go raibh cailíní ní ba sine ann fós - breischéim.

labhair sí leis an gcailín ba sine acu - is é sin, leis an gcailín a bhí ní ba sine ná aon chailín eile dá raibh i láthair - sárchéim.

Sna habairtí a bhfuil an chopail in úsáid iontu, is féidir an bhreischéim agus an tsárchéim a chur in iúl ar bhealach cosúil le breischéim agus sárchéim na n-aidiachtaí fada sa Bhéarla, agus úsáid á bhaint as breischéim nó sárchéim na haidiachta úd mór: is é an fear is tuirsí = is é an fear is mó is tuirseach. Níl an nós seo leath chomh coitianta sa Ghaeilge agus atá sé sa Bhéarla. Más ionann gnáthchéim agus breischéim/sárchéim na haidiachta, áfach, is féidir dul i dtuilleamaí an nóis seo ar mhaith na soiléireachta. Sa sampla a tugadh, ní bheadh sé rónádúrtha a leithéid a úsáid - b'fhearr, cuir i gcás, is é an fear is mó tuirse (= is é an fear is mó ó thaobh na tuirse de) nó is é an fear is mó a bhfuil tuirse air (= is mó an tuirse atá ar an bhfear seo ná ar aon fhear eile).

Ag tabhairt le fios dúinn go bhfuil gné ar leith den réad ag éirí níos láidire nó níos suntasaí, is féidir linn an briathar úd téigh/dul a úsáid in éineacht leis an réamhfhocal ichun agus an t-ainmfhocal teibí atá fréamhaithe ón aidiacht: tá na cúrsaí ag dul chun donais (= ag éirí níos measa), tá na cúrsaí ag dul i bhfeabhas (= ag éirí níos fearr). Is é an coinbhinsiún agus an sean-nós a chinneann, cé acu ichun is fearr a úsáid. Uaireanta, is féidir briathair eile a fheiceáil in abairtí den chineál seo: tá an lá ag druidim chun deireanais = tá sé ag éirí déanach, tá sé ag dul anonn sa lá, tá an tráthnóna agus an oíche ag breith orainn.

Léaspairtí faoi Úsáid na hAidiachta[athraigh | edit source]

Is leis an mbriathar úd is minicí a théann an aidiacht sa Ghaeilge: tá an chathair seo mór, tá an cailín sin tinn, agus araile. De ghnáth, bíonn aidiachtaí faisnéiseacha den chineál seo lom. Tá dornán aidiachtaí ann a gcuirtear an réimír úd go leo, áfach, nuair a thagann siad ar lorg an bhriathair :

tá sé go maith

tá sé go holc

tá sé go hiontach

tá sé go dona

tá sé go deas

tá sé go breá

tá sé go hiontach

tá sé go hálainn.


Is é an rud atá i bpáirt ag na haidiachtaí seo ná go bhfuil blas an bhreithiúnais shuibiachtúil orthu go léir. Tabhair faoi deara go bhfágtar an go ar lár, má tá an aidiacht á cáiliú ag fobhriathar: tá sé iontach maith.

Úsáidtear aidiachtaí áirithe ar lorg na copaile, agus an réamhfhocal dole ag dul leo. In abairtí den chineál seo, is é an réamhfhocal do is minicí a chuireann imthoscaí oibiachtúla in iúl, agus an réamhfhocal le ag tagairt do chás suibiachtúil an duine aonair agus dá chuid mothúchán. I gceann dá chuid leabhar, chuir an scríbhneoir Ultach Seán Bán Mac Meanman an abairt seo leanas i mbéal duine de na carachtair:

Ní haithríoch leat é, ach is aithríoch duit é!

Is é is ciall leis an abairt seo ná "Níl aithreachas ort go ndearna tú é, ach ba chóir go mbeadh" - is é sin, tá cúis oibiachtúil agat le haithreachas a bheith ort faoi, cé nach bhfuil aithreachas ort mar mhothúchán suibiachtúil. Is féidir an abairt seo a chur i gcomparáid le samplaí níos coitianta den úsáid áirithe seo:

Is mór liom é = is é mo thuairim shuibiachtúil go bhfuil sé mór, nó rómhór. Cf. freisin: ba mhór liom fearg a chur air a chiallaíonn "ní chuirfinn fearg air, dá bhféadfainn é a sheachaint", is é sin, is é mo thuairim gur rud mór, tábhachtach, dainséarach a bheadh ann dá gcuirfinn fearg air

Is mór dom é: Ní minic a úsáidtear an abairt seo san fhoirm dheimhneach, ach tá aithne againn ar an leagan diúltach - ní mór duit rud a dhéanamh, a chiallaíonn "caithfidh tú rud a dhéanamh", "ní foláir duit rud a dhéanamh". Is é an bunsmaoineamh atá taobh thiar den abairt seo ná "ní ag éileamh an iomarca ort a bheidh mé, má éilím ort an rud sin a dhéanamh".

Is beag liom é = is é mo thuairim shuibiachtúil nach bhfuil mo dhóthain ann, tá mé ag éileamh tuilleadh

Is beag dom é = is é tuairim na ndaoine eile nach bhfuil mo dhóthain déanta agam, ba chóir dom tuilleadh a dhéanamh.

Coinnigh cuimhne freisin ar Is beag orm é = tá dímheas, drochmheas, agam air.

Baintear úsáid chosúil as a lán aidiachtaí agus, fiú, ainmfhocal, agus is gá cuid acu a lua anseo.

Is dóigh liom é = is é mo thuairim

Is dócha liom é = is é mo thuairim go bhfuil sé dóchúil, indéanta, féideartha

Is cuimhin/cuimhneach liom é = ní dhearna mé dearmad de, maireann sé i mo chuimhne

Is aithnid dom é = tá aithne agam air

Is baol/eagal liom é = is dóigh liom é, cé nach dtaithníonn an smaoineamh liom; is é an eagla atá orm go bhfuil an scéal amhlaidh. (Is féidir is baolach a rá freisin nuair atáthar ag tagairt do dhrochrud atá incheaptha nó féideartha.)

Is baol/eagal dom é = tá an rud sin dainséarach dom, tá an rud sin ag bagairt orm. Tabhair faoi deara arís an difríocht idir do agus le.

Is danaid liom é = is oth liom é, ní maith liom é mar thrioblóid nó mar dhrochrud

Is danaid dom é = is mór an damáiste, an dochar, a dhéanann sé dom.

Cuir i gcomparáid: Is danaid liom bás d'athar = is oth liom go bhfuair d'athair bás, ní maith liom do thrioblóid. Is danaid duit bás d'athar = déanann sé damáiste (oibiachtúil) duit go bhfuair d'athair bás.

An t-ainmfhocal[athraigh | edit source]

Tá dhá inscne ag na hainmfhocail Ghaeilge, mar atá, an fhirinscne agus an bhaininscne, agus glactar leis go bhfuil ceithre thuiseal ann, mar atá, an tuiseal ainmníoch, an tuiseal ginideach, an tuiseal gairmeach agus an tuiseal tabharthach. Ní mhaireann ach mioniarsmaí den tuiseal tabharthach i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu, ach mar sin féin, is gá bheith ábalta an chiall cheart a bhaint astu, ós rud é go raibh scríbhneoirí na ré réamhchaighdeánaí ag iarraidh é a úsáid i gcónaí. Tá dhá uimhir ag na hainmfhocail, mar atá, an uimhir uatha agus an uimhir iolra, agus níl mórán fágtha den uimhir dhéach a bhí ann fadó.

Tá an inscne neodrach imithe as an teanga go hiomlán, ach is féidir iarsmaí di a aithint sna logainmneacha fós. Is í an inscne neodrach stairiúil is cúis leis an urú sna hainmneacha Loch nEathach agus An Muileann gCearr. Tabhair faoi deara freisin gurb é Loch gCarman litriú stairiúil an logainm úd Loch Garman, agus gur Carmanaigh a thugtar ar mhuintir na háite.

An Fhirinscne[athraigh | edit source]

Ainmfhocail fhirinscneacha iad de ghnách na cinn a sheasann do chineálacha éagsúla fear agus d'ainmhithe fireanna, cé go bhfuil eisceachtaí ann - an stail, mar shampla, nó is ainmfhocal baininscneach é. Ainmfhocail fhirinscneacha iad na cinn ina n-aithnítear ceann de na hiarmhíreanna seo leanas:

  • -(a)ire: iascaire, ailtire, jabaire. Ainmneacha gníomhaithe nó nomina agentis iad seo. Tabhair faoi deara go bhfuil trócaire baininscneach - ach ní ainm é ar aon chineál gníomhaí ná ceardaí.
  • -án: amhrán, amadán, cosán, scadán...
  • -(e)acht, más focal aonsiollach atá i gceist: ceacht, fuacht, lacht, leacht. Focal baininscneach é léacht, áfach.
  • -éad: aisréad, fáiméad, buicéad, seaicéad, lipéad
  • -(e)adh: samhradh, geimhreadh, glanadh, bualadh
  • -éal: béal, scéal
  • -éar: béar, féar, páipéar (ach is focail bhaininscneacha iad méar, sméar)
  • -éir (nomina agentis iad seo): báicéir, búistéir, siúinéir

An Tuiseal Ginideach[athraigh | edit source]

An chuid is mó de na hainmfhocail fhirinscneacha, baineann siad leis an gCéad Díochlaonadh. Is é an Chéad Díochlaonadh aicme na n-ainmfhocal firinscneach a chríochnaíonn le consan leathan. Caolaítear an consan seo sa tuiseal ginideach: fear -> fir, deireadh -> deiridh, leabhar -> leabhair, cat -> cait, cogadh -> cogaidh, scéal -> scéil.

An Tuiseal Tabharthach[athraigh | edit source]

An Tuiseal Gairmeach[athraigh | edit source]

An Bhaninscne[athraigh | edit source]

An Tuiseal Ginideach[athraigh | edit source]

An Tuiseal Gairmeach[athraigh | edit source]

An Tuiseal Tabharthach[athraigh | edit source]

Inscne Ghramadúil agus Inscne Thagartha: Cúpla Nóta[athraigh | edit source]

Uimhir Iolra na nAinmfhocal[athraigh | edit source]

An t-ainm briathartha[athraigh | edit source]

An t-alt[athraigh | edit source]

Aidiacht a chinntíonn an t-ainmfhocal is ea an t-alt. Is é an an t-alt deimhnitheach sa Ghaeilge san uimhir uathu. San uimhir iolra, cuirtear in iúl le na é. Níl aon alt neamhdheimhnitheach sa Ghaeilge.

Cuireann an t-alt séimhiú le hainm baininscneach a thosaíonn le consan, agus ní athraítear ainm firinscneach leis, san uimhir uathu. M.sh. an bhean

Cuireann an t-alt 't-' roimh ainm firinscneach a thosaíonn le guta, ach ní athraíonn sé ceann baininscneach san uimhir uathu. M.sh. an t-alt

Cuirtear 't' roimh ainm baininscneach a thosaíonn le 's', ní chuirtear rud roimh ainm firinscneach a thosaíonn le 's'. M.sh. an tsail

San uimhir iolra, usáidtear 'na' agus cuirtear 'h' roimh ainmneacha a thosaíonn le guta. M.sh. na huimhreacha

Déantar cumaisc den alt agus focail áirithe: Cén (cé an); den ( de an) srl Roimh a ainmfhocal agus cibe focail eile ata ag cailiú an ainmfhocail a chuirtear an t-alt de ghnáth; an post; an tríú srl. Go hiondúil is ionann uimhir, insce agus tuiseal don alt agus dá ainmfhocal: An fear; hata an fhir; na fir; hataí na bhfear. Eisceacht: Má luíonn trí,ceithre....naoi, deich idir an t-alt agus a ainmfhocal, úsáidtear iolra an ailt, cibé uimhir ata ag a ainmfhocal mura céad, míle, milliún é: na trí bhó; na cúig rothar déag: ach an trí chéad teach; an seacht gcéad fear.

Príomhfheidhm an ailt[athraigh | edit source]

Is é príomhfheidhm atá ag an alt ainmfhocal a dhéanamh cinnte a bheadh éiginnte gan é: Tháinig an Brianach; sa samhradh; go dtí an Cháisc; Bhí an Domhnach fliuch; An Seán Ó Murchú atá i Sasana.

Logainmneacha[athraigh | edit source]

Úsáidtear an t-alt freisin sna cásanna seo a leanas; Le logainmneacha; (a) na hilchríocha ( ach amháin Meiriceá) : An Eoraip srl (b) tíortha na hEorpa: An Bhreatain Mhór, srl. (c) roinnt bailte móra agus sráidbhailte: An Róimh, An Ómaigh srl. (d) roinnt sléibhte: An tEargal; An Mhangarta, srl. (e) beagnach gach abhainn: An Danóib; An Life, srl. (f0 farraigí áirithe: An Mheánmhuir; An tAigean Atlantach, srl.

Roimh ainm teibí[athraigh | edit source]

Roimh ainm teibí agus roinnt ainmfhocal eile más le brí fhorleathan a úsáidtear iad: Tá an radharc go holc aige.

Teangacha[athraigh | edit source]

Le hainmneacha teangacha nuair atá a mbrí forleathan: Is í an Ghaeilge teanga ár sinsear: Tháinig an Béarla isteach: Bhí an Ghearmáinis go maith aige.

An bhriathar[athraigh | edit source]

Aimsir Chaite[athraigh | edit source]

San Aimsir Chaite, cuirtear séimhiú ('h') ar an mbriathar, nó 'd' roimh ghuta agus f. Mar shampla Cuir - Chuir, Féach - D'fhéach

Chun foirm an chéad phearsa iolra (muid, sinn) a fháil, cuirtear 'amar' ag deireadh an bhriathair, más siolla amháin é. m.sh. Bhriseamar NÓ Bhris muid i gcanúintí áirithe.

Aimsir Láithreach[athraigh | edit source]

Má tá siolla amháin i gceist, cuirtear (e)ann ar deireadh an bhriathra. Mar shampla Tóg - Tógann. Chun an form 'sinn' a fháil agus nuair atá sé siolla amháin, cuirtear (a)imid air. M.sh. Tóg - Tógaimid

Má tá dhá siolla i gceist, cuirtear (a)íonn ar gas an briathra. M.sh. Ceannaigh - Ceannaíonn Chun an form 'sinn' a fháil agus tá sé dhá siolla, cuirtear (a)ímid ar gas an bhriathra. M.sh. Ceannaímid

Aimsir Fháistineach[athraigh | edit source]

Má tá siolla amháin i gceist, cuirtear 'f(a)idh' ar deireadh an bhriathra. m.sh. Cuirfidh Chun an foirm 'sinn' a fháil agus nuair atá sé siolla amháin, cuirtear f(a)imid air. m.sh. brisfimid

Má tá dhá siolla i gceist, cuirtear eoidh nó óidh ar gas an bhriathra. Osclóidh sí Chun an form 'sinn' a fháil agus tá sé dhá siolla, cuirtear óimid nó eoimid ar gas an bhriathra. Samhlóimid

Modh Coinníollach[athraigh | edit source]

Is iad seo a leanas na deireidh a chuirtear ar ghas an briathair chun an Modh Coinníollach a fháil:

An chéad réimniú: -f(a)inn -f(e)á -f(e)adh -f(a)imís -f(e)adh -f(a)idís

An dara réimniú: -(e)óinn -(e)ófá -(e)ódh -(e)óimís -(e)ódh -(e)óidís

Baintear an síneadh fada as an "o" nuair atá "e" roimhe. Chomh maith le sin, cuirtear séimhiú nó d' ag tús an briathair. Mar shampla, Cheannóinn, Chuirfeá, D'íocfadh sé, D'fhreastalóidís

Aimsir Gnáthchaite[athraigh | edit source]

An chopail[athraigh | edit source]

Sa mhodh choinníollach agus san aimsir chaite, tá an fhoirm ba ag an gcopail.

An dobhriathar[athraigh | edit source]

Comhréir[athraigh | edit source]

Ní ionann comhréir sa Ghaeilge agus an chuid is mó de theangacha eile na hEorpa. Maraon leis na teangacha Ceilteacha eile, tá an fhoirm briathar-ainmní-cuspóir ar ghnáth-ráiteas. Mar shampla, is fear métá an cuairteoir anseo. Sa chéad abairt, úsáidtear an chopail, mar gur stádas buan atá i gceist, mar bhriathar, sé fear an t-ainmní, agus is é an chuspóir athfhillteach.

Sea agus ní hea[athraigh | edit source]

Maidir le sea'sea, is giorrúchán de is ea é. Tugtar an chopail ar is, agus úsáitear í(copail-baininscneach) ag plé le stadais atá buan go maith, agus cuirtear ea leis le dearfú a chur i gciall. M.sh., "An cailín í?" – "'Sea, is cailín í." Úsáidtear sea leis le freagairt ar ghlaoch, mar shampla, "A Pheadair!"…"Sea."

Is féidir sea, a úsáid as Gaeilge le rud a dhearfú. Ní hea an diúltach dó seo. Ach nuair a chuirtear ceist ag úsáid briathair, úsáidtear an briathar céanna sa bhfreagra. M.sh., "Ar oscail tú an doras?" – "D´oscail" nó "d´osclaíos" "Ar tháinig Seán fós?" – "Tháinig." Freagraítear an briathar go haonfhoclach, is í seo an chúis gur féidir pearsa a chur in iúl le leaganacha táite na mbriathra agus nach féidir leis na leaganacha eile. Glactar leis gur treisiú aon forainm a chuirtear le briathar agus ceist á freagairt. Féach an sampla, "An bhfuil tú réidh?", "Tá mé!"

Leis an mbriathar , úsáidtear , arbh é an fhoirm diúltach de ná níl.

An séimhiú[athraigh | edit source]

Cuirtear séimhiú ina lán cásanna. Tar éis 'nuair é', san aimsir chaite, gnáthchaite agus sa mhodh choinníollach. Tar éis chuile réamhfhocal seachas ag, as, go, le, chuig, os agus thar. Tar éis 'don' agus 'den'. Cuirtear é le haidiachta tar éis ainmneacha bhaininscneacha agus focail firinscneach iolra, seachas nuair a bhíonn ghuta ag deireadh an ainm(Féach ar 'an aidiacht' chun níos mó eolas a fháil). Sa tuiseal ginideach, cuirtear é le focail firinscneacha uatha. Tar éis na huimhreacha go dtí a sé. Tar éis 'a', nuair atá ainm fir a leanas, caolaítear an consan deirneach freisin (a Sheáin, a Chéin).

Uimhreacha[athraigh | edit source]

1 aon, 2 dó, 3 trí, 4 ceathair, 5 cúig, 6 sé, 7 seacht, 8 ocht, 9 naoi, 10 deich.

(go minic cuirtear ‘a’ rompu seo… a haon, a dó, a trí, srl, ag déanamh comhaireamh shimplí.

11 aondéag, 12 dódhéag, trídéag.. agus mar sin go 20 fiche.

Ansin 21 fiche a haon, 22 fiche a dó, 23 fiche a trí, agus mar sin ar aghaidh, ag cur h roimh uimhir ag tosú le guta.

30 tríocha, 40 ceithreacha (nó daichead), 50 caoga, 60 seasca, 70 seachtó, 80 ochtó, 90 nócha, 100 céad.

1000 míle.

2489 - dhá mhíle ceithre chéad ochtó naoi.

1,000,000 - milliún.

Ar aonad amháin d´aon ní, deirtear bosca amháin, srl. Le dhá (2) aonad, deirtear dhá theach, dhá hata. Úsáidtear na huimhreacha simplí thuas chun na huimhreacha eile aonad go deich a chur in iúl.

Le níos mó ná deich naonad, is gnách an fhoirm bosca déag, trí ubh déag a úsáid.

Le daoine, úsáidtear foirm eile den uimhir, mar seo...duine, beirt, triúir, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr.

Ansin, duine déag, beirt déag, triúir déag, ceathrar déag...fiche duine.

Ar an gcaoi chéanna, duine is tríocha, beirt is tríocha……

Is ceadmhach comhaireamh leis an scór (20) freisin as Gaeilge. Mar shample, duine is scór, trí scór bliana.

Ar ndóigh, tá úsáid fós le dosaen (12) ar ábhair mar arán agus uibheacha.

An t-urú[athraigh | edit source]

Urú a thugtar ar ghlórú agus / nó shrónaíl túschonsan de réir phrionsabail ghramadaí na Gaeilge. Nuair a uraítear túschonsan neamhghlórach, glóraítear é; nuair a uraítear túschonsan glórach, déantar srónaíl air. Tar éis uraithe, scríobhtar an consan nua agus an bun-túschonsan san fhocal, cé nach bhfuaimnítear ach an consan nua.

Uráitear an túschonsan i ndiaidh focal nó frásaí áirithe. Don chuid is mó, uraíonn aon réamfhocal nuair a cheanglaítear leis an alt uatha (an) é. Is iad na príomheisceachtaí ná na focail don, den, agus sa. Mar shampla, leis an mbád, ar an mbord, ag an bpáiste, faoin gcat, ach don chailín. Athraíonn rialacha an uraithe ag brath ar an nGaeltacht, áfach. I dTír Chonaill, mar shampla, ní uraíonn réamhfhocail + an, agus i gConamara, uraíonn an focal sa. I ngach Gaeltacht, áfach, uraítear an briathar tar éis an ailt bhriathartha cheistigh an, m.sh., an bhfuil sé?, an dtagann sí?, an bpósfaidh siad?

Na réamhfhocail[athraigh | edit source]

Na haidiachta sheilbheacha[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]