Cló Gaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cló é an Clo Gaelach ( nó an seanchló uaireanta) a úsáidtear sa Ghaeilge go príomha, is sa Bhéarla go pointe, mar mhaisiú agus mar léiriú ar chultúr na nGael den chuid is mó, agus ba ann a scríobhtaí an chuid ba mhó den Ghaeilge, tráth.

An focal "Corcaigh" scríofa sa chló Gaelach.

Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidneach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní [1]. Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta Shéarlais Mhóir. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an tAbrogans, ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.

Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an punctum delens príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air.

Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.

Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Bhí scéal an Chló Ghaelaigh fite fuaite le scéal an Chaighdeáin, nó go ginearálta, ba iad na daoine céanna a roghnaíodh an seanchló agus an seanlitriú.

Stair an Chló[athraigh | edit source]

5ú-6u haois[athraigh | edit source]

Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Críostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa cúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.

16u haois[athraigh | edit source]

Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas Éilís a hAon, a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar chló, ar an bhfód roimhe sin.

Nuair a bhí aistriúchán Gaeilge den Bhíobla agus litríocht Chríostaí Phrotastúnach eile le scaipeadh sa Ghaeltacht, chinn an Bhanríon Éilís a hAon ar chlófhoireann ar leith a ghearradh don Ghaeilge le go mbeifí ábalta ábhar clóbhuailte a chur ar fáil a bheadh ag breathnú cosúil le Gaeilge scríofa na lámhscríbhinní. An duine a bheadh i dtaithí na lámhscríbhinní sin, ní bheadh sé i bhfad ag baint céille as an teanga chlóbhuailte, mar sin. Mar sin, is deirtear uaireanta, "ní cló Gaelach é an cló Gaelach, nó b'fhearr an cló Éilíseach a thabhairt air".

1920idí[athraigh | edit source]

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, bhí bunús seo an chló Ghaelaigh ligthe i ndearmad ag na Gaeilgeoirí, áfach, agus iad géarbharúlach, ina lán cásanna, gur dlúthchuid de dhúchas na teanga a bhí i gceist leis an seanchló. Ní raibh státseirbhís ná forais oifigiúla eile an stáit róshásta leis an gCló Gaelach, áfach, ós rud é go raibh sé costasach foireann iomlán de chlóscríobháin speisialta a cheannach le freastal ar an nGaeilge. Tír bhocht ab ea í Éire san am, agus go leor oibre le déanamh chun í a atógáil i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha na hÉireann, a rinne an-léirscrios ar fud na tíre.

Ar an 6 Feabhra 1923, d'ardaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála ceist an dá chló an chéad uair agus d'iarr ar an Ard-Chomhairle í a phlé, ach níor tháinig an Ard-Chomhairle ar aon chinneadh. Shuaith siad an cheist in athuair ar an 29 Iúil 1924, agus is é an tátal a bhain siad as an scéal gur chóir an cló Rómhánach a chur in úsáid feasta i scríbhinní na Státseirbhíse, le taobhshúil ar an gcostas a bhí ag baint leis an gcló Gaelach.

Ba í an t-aon eisceacht a cheadaigh siad ná na páipéir scrúdúcháin, nó bhí an chuid ba mhó de na leabhair scoile sa chló Gaelach, agus ní bheadh cothrom Féinne ann dá gcuirfí an cló contráilte os comhair daltaí scoile nach raibh ina thaithí. Ba é an cuspóir fadtéarmach, ar ndóigh, an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile fosta an lá ab fhaide anonn.

I mí Lúnasa 1924, leasaigh an Ard-Chomhairle an cinneadh sin beagáinín, nó chuir siad in iúl nach dianchosc a bhí ann leis an gcló Gaelach. Is é sin, dá mbeadh clóscríobhán Gaelach faighte agat cheana féin, bheadh sé ceart go leor é a úsáid, agus ní bheadh sé toirmiscthe ort ach an oiread úsáid a bhaint as an gcló Gaelach le haghaidh maisiúcháin.

Ní raibh sé chomh furasta, áfach, fáil réitithe den chló Ghaelach. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna ag baint úsáide as, agus ba é an cló ba choitianta sna leabhair Ghaeilge a bhí foilsithe. Thairis sin, tháinig an pholaitíocht isteach chomh maith. Go bunúsach, ba é rialtas Chumann na nGaedheal a bhí ag fabhrú don chló Rómhánach, agus Fianna Fáil ag cur ina aghaidh.

Ar an 5 Aibreán 1927, chinn an Ard-Chomhairle ar an gcló Rómhánach a thabhairt isteach i rith an chéad bhliain eile. Ba é Earnán de Blaghd a mhol an t-athrú thar aon duine eile, nó bhí sé inbharúla nach raibh ach piseog agus seafóid i gceist leis an ngrá a bhí daoine áirithe a thabhairt don tseanchló.

1930idí[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1931, d'eisigh Earnán de Blaghd ordú oifigiúil le deireadh deifnídeach a chur le húsáid an chló Ghaelaigh i gcóras riaracháin an Stáit. Níor thaitin an iarracht seo le Conradh na Gaeilge, a chuaigh amach sna sráideanna le cur in aghaidh an ordaithe.

Dealraíonn sé go raibh rialtas Chumann na nGaedheal an-mheáite ar éirí as an seanchló, ach nuair a ghnóthaigh Eamon de Valera agus Fianna Fáil na toghcháin sa bhliain 1932, d'athraigh an port ar an toirt. Go bunúsach, héiríodh as an bhfeachtas leis an gcló Gaelach a ruaigeadh as an Státseirbhís, ach ní dhearna Fianna Fáil iarracht ar bith leis an gcló Gaelach a bhrú anuas orthu siúd a bhí ag úsáid an chló Rómhánaigh cheana féin.

Seacht mbliana ina dhiaidh sin (1939), d'ardaigh Seán Mac an tSaoi, an tAire Airgeadais, an cheist faoi chló na Gaeilge arís. Cosúil leo siúd a chardáil an cheist seo roimhe, bhí sé barúlach go raibh an cló Gaelach ag cosaint an iomarca airgid, agus go raibh costas an chló ag déanamh dochair d'athbheochan na teanga féin. Phléigh coiste éigin an cheist an uair sin, ach níor thángthas ar aon chinneadh ar leith.

Cosúil le Seán Mac an tSaoi, bhí an chéad Aire Airgeadais eile, Tomás Ó Deirg, den tuairim gur chóir an cló Rómhánach a thabhairt isteach. San am céanna, bhí a fhios aige go gcuirfeadh sé fearg ar na múinteoirí scoile, agus mar sin, bhí sé den bharúil gur chóir don Rialtas iomlán freagracht as an athrú a ghlacadh orthu féin. Tháinig an Rialtas le chéile ar an 14ú Feabhra 1939, ach ní raibh de mhisneach orthu cinneadh deifnídeach a ghlacadh faoi cheist an chló. Chinn siad ar fhoclóir nua téarmaíochta a fhoilsiú sa chló Rómhánach, áfach.

1950idí[athraigh | edit source]

I rith na ndaichidí, tháinig an caighdeán nua ceartlitrithe go mór mór chun tosaigh, ach ní féidir a rá go gcuirfeadh sé mórán luais le hathrú an chló. Ar an 21ú Márta 1950, dúirt an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, a bhí ina Aire Oideachais san am, nár theastaigh uaidhsean an cló Rómhánach a thabhairt in úsáid sna leabhair scoile, ó bhí an oiread sin deacrachtaí ag na páistí cheana féin an litriú nua caighdeánach a fhoghlaim. Ba é a thuairim freisin nach raibh fonn ar leith ar aon duine in earnáil an oideachais an cló Rómhánach a chur in áit an chló Ghaelaigh. Freagra ab ea iad tuairimí seo an Ghinearáil ar cheist ón Teachta Dála Seán Ó Duinn, a bhí den bharúil go raibh sé de chlaonadh sna hiriseoirí an cló Rómhánach a roghnú thar an gcló Gaelach, agus é ag fiafraí den Aire Oideachais, nár mhithid an rud céanna a dhéanamh sna scoileanna freisin.

Bhí an chuma ag teacht ar an scéal, áfach, nach bhféadfaí an cló Gaelach a choinneáil beo mórán eile, agus nach raibh an Roinn Oideachais ach ag iarraidh an rud dosheachanta a choinneáil siar. Ar an 10ú Feabhra 1954, fuair an tAire Oideachais Seán Ó Maoláin ceist den chineál chéanna le freagairt ón Teachta Dála Breandán Mac Fheorais. Is é an rud a dúirt sé ná nach raibh sé de rún ag an Roinn Oideachais an cló Rómhánach a chur i bhfeidhm ar na leabhair scoile go léir, nó ní raibh na múinteoirí ródhoirte don smaoineamh, a d'áitigh sé.

1960idí[athraigh | edit source]

Thit sé ar chrann Phádraig Uí Irghile, Aire Oideachais de chuid Fhianna Fáil, an cló nua a thabhairt isteach. Sa bhliain 1963, d'ordaigh sé go gcuirfí deireadh le húsáid an tseanchló sa chóras oideachais, agus go raibh an cló Rómhánach le tabhairt isteach de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana.

An Cló ar na Saolta Seo[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm i ndeireadh na ndaichidí, caitheadh an cló Gaelach i dtraipisí freisin, díomaite den chorrúsáid a bhaintear as mar mhaisiú. Is ar éigean is féidir teacht trasna ar leabhar Gaeilge a foilsíodh ó shin ina mbeadh an cló Gaelach á úsáid in éineacht leis an litriú nua. Is dócha nach bhfuil ach aon sampla amháin ann - Na Glúnta Rosannacha le Niall Ó Dónaill, a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain 1952, an chéad uair.

Le teacht an idirlín agus ré an deartha dhigitigh áfach tháinig borradh éigin faoin gcló Gaelach. Tá roinnt foilseachán agus suíomhanna ann a chuireann téacs ar fáil sa chló Gaelach.

Samplaí Reatha[athraigh | edit source]

ſeo ſampla den ċló Gaelaċ maɼ atá ſa lá atá inniu ann.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Gnéithe dár nDúchas - The Irish Language, Máirtín Ó Murchú, Bord na Gaeilge (1985). ISBN 0-906404-20-7