Stair na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téann stair na Gaeilge siar go dtí timpeall 2600-1200 R.C.[1][2]

An tOgham agus an tSean-Ghaeilge[athraigh | edit source]

Cainteoirí Gaeilge sa bhliain 2007.

B'é an tOgham an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách an teanga a chur ar pár i litreacha Laidineacha le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí an tSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí. De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na Rúraíochta is na Fiannaíochta. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na Págántachta ar na seanscéalta Gaelacha ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe Págánta na gCeilteach a aithint iontu.

Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na nOghamchloch.

Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba sine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an séú haois. Is é Amra Choluim Chille an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair Colm Cille bás.

Sa tréimhse chéanna a scríobhadh Félire Oengusso. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.

An Mheán-Ghaeilge[athraigh | edit source]

De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea í an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin de réir chaint na ndaoine.

Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.

Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea Saltair na Rann ó dheireadh na deichiú haoisea; : céad go leith de ranna atá ann agus ábhair Bhíobla á gcardáil iontu.

Tháinig go leor litríochta eile ar an tsaol le linn ré na Meán-Ghaeilge. Chum Flann Mainistreach (1000-1056) dánta staire. Cumadh an Dinnshenchas le linn ré na Meán-Ghaeilge freisin.

Tá leaganacha Meán-Ghaeilge d'eipicí Laidine ann, mar shampla Cogadh na gCarad le Lucánas. Sampla eile de litríocht na linne seo is ea Aislinge Meic Con Glinne.

An Nua-Ghaeilge[athraigh | edit source]

Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua - caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad - ar a dtugtar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanais na ríme is na rithime (abair, clach agus cloch), ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagan seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a d'éilíodh dlíthe na filíochta.

Bhí na cúirteanna filíochta an-tábhachtach le linn ré na Nua-Gaeilge Moiche. Filí clúiteacha ba ea Dhonnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh (1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (1320-87), Tadhg Dall Ó hUiginn (1550-91), Eochaidh Ó hEodhusa (1567-1617), Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640) agus ar uile.

Baineann go leor de litríocht na Fiannaíochta leis an ré seo freisin, chomh maith le go leor litríochta inste nó reiligiúnda.

Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm Chionn tSáile deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na bPéindlíthe, má scríobhtaí in aon chor í, ní raibh ann ach meascán den chanúint áitiúil agus cibé blúirín den teanga Chlasaiceach a bhí foghlamtha ag an scríbhneoir, agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach le himeacht na gcéadta bliain.

Nuair a briseadh ar na Gaeil i gCath Chionn tSáile, tháinig meath ar sheansaol agus sheanlitríocht na nGael. Tá cuid thábhachtach d'oidhreacht na nGael ar fáil dúinn fós mar gheall ar shaothair a cumadh sa 16ú céád, mar shampla "Annála Ríoghachta Éireann" a cumadh faoi stiúir Mhíchíl Uí Chléirigh (1575-1645) agus "Forus Feasa ar Éirinn" le Seathrúin Chéitinn.

Tháinig deireadh le scoileanna na mbard agus leis an seanfhilíocht, agus baineadh úsáíd as méadraíocht na n-amhrán. Filí clúiteacha ba ea Seathrún Céitinn, Piaras Feiritéar (1600?–1653), Pádraigín Haicéad (1600-54), Dáibhí Ó Bruadair (1625-98) agus Aogán Ó Rathaille (1670-1728).

An 18ú céad agus an 19ú céád[athraigh | edit source]

Cé go raibh deireadh tagtha le ré na bpátrún, lean go leor daoine ar aghaidh ag cumadh saothar i nGaeilge, mar sheampla Peadar Ó Doirnín (1704-68), Aindrias Mac Craith (1708-95), Donnchadh Ruadh Mac Con Mara (1715-1810), Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1748-84), Eibhlín Dhubh Ní Chónaill (1748-1800), a chum Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nuair a maraíodh Art, a fear céile, sa bhliain 1773, Brian Merriman (1747-1805), an file a chum Cúirt an Mheán Oíche, Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835).

Le Déanaí[athraigh | edit source]

I ndeireadh na naoú haoise déag, cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós Risteard de Hindeberg orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach b'é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair Peadar Ua Laoghaire, a rug bua ar de Hindeberg agus an dóigh a raibh sé ag cur béim ar ghnáthchaint na ndaoine. Tháinig an t-úrscéal Séadna, i gcló sa bhliain 1907, go gairid i ndiaidh do Dhubhghlas de hÍde a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as Éirinn. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teanga. I ndiaidh Shéadna, aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de Don Quixote, agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, Mo Scéal Féin, a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.

Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain Pádraig Mac Piarais amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.

Bhí Pádraic Ó Conaire ina státseirbhíseach sóisearach i Londain nuair a chuala sé iomrá ar athbheochan liteartha na Gaeilge. B'as Gaillimh dó, agus canúint an cheantair timpeall aige, siúd is gur féidir lorg Ghaeilge Chontae an Chláir a aithint ar a stíl fosta, canúint a chuaigh i léig idir an dá linn. Scríobh sé scéalta faoi imirce na nÉireannach go Sasana, faoin saol crua a bhí acu thall ansin, faoin bhfánaíocht agus faoi athbheochan an spioraid náisiúnta. B'é an t-úrscéal greanntragóideach úd "Deoraíocht" a mhórshaothar. Thairis sin, scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus altanna iriseoireachta.

Comhartha bóthair.

Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig - tuairisc a thug Peig Sayers ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le Muiris Ó Súilleabháin. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-Ghaeltachta aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - Peig go háirithe - le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla.

Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht Chúige Uladh, Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann, a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí - mar a fheictear don léitheoir - dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.

Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht Mhuimhneach. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháracha ó na Rosa, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na scríbhneoirí ba mhó ó Chúige Uladh. Bhí siad páirteach i gCogadh Saoirse na hÉireann agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil An Druma Mór agus na dírbheathaisnéise Mo Bhealach Féin; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht Language Freedom Movement, a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.

Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge

Is é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhíchiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, Cré na Cille, amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig - rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht Mheiriceá Theas. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Ní raibh drogall ar bith air roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó Ghaeilge na hAlban, ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.

Go háirithe i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear Diarmaid Ó Súilleabháin agus Eoghan Ó Tuairisc ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd.

Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla L'Attaque, faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i gContae Mhaigh Eo, agus Dé Luain, faoi Éirí Amach na Cásca. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach.

Scríobh Breandán Ó Doibhlin aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí Seán Ó Riordáin ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.

Foinsí[athraigh | edit source]

  1. Mallory, J. P. (1991). "Two perspectives on the problem of Irish origins". Emania 9: 53–58. 
  2. Kruta, Venceslas (2000). "Les Celtes". Paris: Robert Laffont. 


Naisc[athraigh | edit source]