Gaeilge Chonnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í Gaeilge Chonnacht an cineál Gaeilge a labhraítear i gCúige Chonnacht, is é sin, i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo. Labhraítear Gaeilge Chonnacht in áiteanna éagsúla eile sa tír; ar ndóigh i nGaeltacht na Mí (Ráth Cairn agus Baile Ghib). Tá Gaeilge Chontae na Gaillimhe réasúnta láidir i gcónaí, ach is dócha nach bhfuil an teanga róláidir in aon áit i Maigh Eo a thuilleadh. Is í Ceathrú Thaidhg an áit is láidre Gaeilge i gContae Mhaigh Eo.

Maidir leis na canúintí gaolmhara a chuaigh in éag le déanaí, bhí lucht curtha in eagar an Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects[1] ábalta cuid mhaith eolais a bhailiú ó na cainteoirí deireanacha i ndeisceart Chontae Shligigh agus in iardheisceart Chontae Liatroma, chomh maith le Contae an Chláir.

Na chéad chanúineolaithe a chuaigh i ngleic le canúintí nua-aimseartha na Gaeilge, bhí siad den tuairim gur chóir gan ach dhá mhórchanúint Gaeilge a aithint, is é sin, an ceann thuaidh agus an ceann theas, agus an teorainn idir an dá mhórghrúpa seo canúintí ag rith trasna na hÉireann ó Chaoláire na Gaillimhe go Cuan Bhaile Átha Cliath. Inniu, glactar leis go bhfuil sé níos praiticiúla trí mhórchanúint - Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan - a aithint, agus go bhfuil cúiseanna teangeolaíochta leis an deighilt seo, sa bhreis ar na cúiseanna follasacha tíreolaíochta.

Fochanúintí[athraigh | edit source]

Is é an deighilt a dhéanann Ruairí Ó hUiginn ar na fochanúintí éagsúla san aiste a scríobh sé do Stair na Gaeilge (lch. 543) ná:

  • Gaeilge Oileáin Árann agus Chois Fharraige. Is é seo an cineál Gaeilge a mhúintear sa leabhar cáiliúil le Mícheál Ó Siadhail, Learning Irish. Sa chanúint seo, fágtar an -th- agus an -ch- caol idir gutaí ar lár, ionas go ndéantar [bo:r] ("bó'r") den fhocal bóthar agus [draid] nó [dre:d] ("draighead", "draed") den fhocal droichead. Seo an cineál Gaeilge a bhí ó dhúchas ag Máirtín Ó Cadhain, rud atá le haithint go soiléir ar a chuid scríbhneoireachta.
  • Gaeilge Oirthear na Gaillimhe, is é sin, Gaeilge Bhaile an Chláir. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an gcanúint seo i bhfoirm scríofa sa bhailiúchán béaloidis úd Seanchas Thomáis Laighléis, a chuir Tomás de Bhaldraithe in eagar[2]. Sa chanúint seo, déantar leofa de leo agus díofa de díbh, rud ba mhó a shamhlófaí le Gaeilge Uladh.
  • Gaeilge Iarthar Chonamara. Seo an cineál Gaeilge a chloisfeá i Ros an Mhíl, sa Cheathrú Rua, i gCarna, agus i Ros Muc, agus seo an cineál Gaeilge is mó a bhí acu siúd a chuaigh go Ráth Cairn thiar sna tríochaidí leis an áit a thabhairt chun míntíreachais. Sa chanúint seo, ní dhéantar bór de bóthar, ach ina dhiaidh sin féin tá sí iontach cosúil le Gaeilge Chois Fharraige.
  • Gaeilge Thuaisceart Chonamara, is é sin, Gaeilge Shraith Salach, mar shampla. Sa chineál seo Gaeilge, déantar [u] fada de -adh i ndeireadh na bhfocal, rud atá níos cosúla le Gaeilge Mhaigh Eo agus le Gaeilge Uladh ná le Gaeilge Dheisceart na Gaillimhe, a dhéanann guta cúnta (guta doiléir, schwa) den chineál seo foirceann.
  • Gaeilge Íochtar Chonnacht - is é sin, Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo. (Tabhair faoi deara go dtagraíonn "íochtar tíre" don tuaisceart agus "uachtar tíre" don deisceart sna logainmneacha go minic - gnás atá bun os cionn leis an dóigh a dtaispeántar an tír sna mapaí.) Tá an chanúint seo sách cosúil leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Oileán Acla.

Focail[athraigh | edit source]

  • aibéil (Mhaigh Eo) go tapaidh nó go sciobhthaí
  • aiteall sos báistí, turadh
  • araíocht: tá an lá in araíocht tá cuma mhaith ar an lá (go háirithe ag tabhairt le fios go bhfuil an lá oiriúnach d'obair de chineál ar leith, iascaireacht ach go háirithe)
  • bád aeir eitleán
  • bailithe imithe (díreach cosúil le Gaeilge na Mumhan)
  • báisteach is mó a úsáidtear, in áit fearthainn
  • bladhrúch bladhrach, búirfeach
  • blaoch glaoch. Tabhair faoi deara ag blaoch is ag bladhrúch = ag glaoch is ag búirfigh
  • bosca ceoil mileoidean
  • cantal drochghiúmar
  • cantalach cancránach, cnáimhseálach
  • casadh: is gnách ceol a chasadh i nGaeilge Chonnacht, in áit é a sheinm
  • céardós cén sórt, cén cineál
  • cinnt: leagan den bhriathar cinneadh é, ach is é is ciall leis ná "sárú, bheith ródheacair, teip": chinn sé orm ciall ar bith a bhaint as an méid seo níor éirigh liom ciall ar bith a bhaint as an méid seo; tá sé ag cinnt orm, tá sé cinnte orm, ciall ar bith a bhaint as an méid seo 7rl.
  • coisméig coiscéim
  • comhairleachan comhairliú
  • crúóg práinn, deifir, fuadar. (Crua-aenna is brí leis an bhfocal crúóga(í) i nGaeilge Uladh.)
  • cruthachtáil cruthú
  • cuisliméir (nó cuisliméara, de réir ghramadach na canúna) custaiméir
  • deargadh adhaint, fadú, lasadh (tine). An bhfuil deargadh agat? An bhfuil cipíní nó lastóir agat le haghaidh mo thoitín?
  • drochmhúinte olc, mallaithe, feargach. Daoine a bhíonn drochmhúinte i gConnachtaibh; i nGaeilge Uladh, áfach, is do na hainmhithe, na madraí mar shampla, is minice a thagraíonn an aidiacht seo.
  • éist!: úsáidtear an briathar seo sa chiall "ná bac!", "fág socair!", "éirigh as!"
  • eiteachtáil eiteach, diúltú
  • fainic! aire! rabhadh! seachain thú féin! togh do choiscéim!
  • foscadh (nó fascadh) fothain, cosaint ar an mbáisteach nó ar an ngaoth
  • gail gal, toit, tobac; gail a chaitheamh tobac a chaitheamh
  • geábh turas (sa dhá chiall: "turas taistil", nó "iarracht amháin")
  • ghoil, ag goil: seo an cineál comhthruailliú de dul agus gabháil a d'fheicfeá i nGaeilge Uladh freisin
  • gnaith gnó
  • lagachan lagú
  • leanacht leanúint
  • mórán: ní úsáidtear é ach amháin ar lorg briathar diúltach: tá neart acu ann a deirtear, agus níl mórán acu ann. Bheadh sé ceart go leor tá mórán acu ann a rá i nGaeilge Uladh, ach níl cuma chomh nádúrtha céanna ar an leagan sin i nGaeilge Chonnacht.
  • múr báisteach throm
  • ní mé ní fheadar, níl a fhios agam. Roimh cheisteanna reitriciúla is mó a chloisfeá é. Ní mé an bhfuil crothán céille ag an amadán sin. "An bhfuil crothán céille ag an amadán sin, meas tú?"
  • olc: Is éard atá i gceist le duine olc ná duine ar furasta fearg a chur air, duine taghdach. Duine mallaithe a thabharfadh muintir na Mumhan ar a leithéid.
  • scafánta luath
  • scaladh: tá an ghrian ag scaladh tá an ghrian ag taithneamh
  • sciobtha luath
  • taobhachtáil taobhú
  • tar éis: bíonn a lán leaganacha éagsúla de seo le cloisteáil sa chanúint: ar théis, léis, mar shampla. Tabhair faoi deara tar éis (is) go, ar théis (is) gó sa chiall cé go: Ar théis is nár chreid mé féin sna daoine maithe ariamh, bíonn a lán rudaí neamhshaolta ann.
  • tíocht teacht
  • togha an-mhaith, ar fheabhas. Chloisfeá mar aidiacht é, fiú: tá an rud seo togha.
  • ruainne a úsáidtear in áit blúire
  • sráid an clós timpeall an tí
  • toisiú (Maigh Eo) tosú
  • trust muinín a bheith agat as. Iasacht sheanársa é an focal seo i nGaeilge Chonnacht, agus is féidir córas iomlán réimnithe an bhriathair a chur i bhfeidhm air: duine a thrust; níor thrust mé an scabhaitéara sin ariamh ní raibh muinín agam as an scabhaitéir sin riamh
  • údar: úsáidtear sa chiall "cúis", "fáth" é freisin
  • úmachan (Maigh Eo) "ullmhú don turas"

Leabhair i nGaeilge Chonnacht[athraigh | edit source]

  • ÁR nOILEÁN - TUILE 'S TRÁ. Bailiúchán Bhéaloideas Árann. Mná Fiontracha, gan dáta. ISBN 0-9546061-1-6
  • BECKER, Heinrich (Eag.): I mBéal na Farraige. I gComhar le hOllscoil Wuppertal (Bergische Universität) sa Ghearmáin agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1997 (béaloideas) Conamara/Cois Fhairrge
  • BREATHNACH, Pádraic: Buicéad Poitín agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1978/1986 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Bean Aonair agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1984 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Ar na Tamhnacha. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1987 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Gróga Cloch. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1990 (úrscéal) Maigh Cuilinn
  • An Pincín agus scéalta eile. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • As na Cúlacha. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (úrscéal) Maigh Cuilinn
  • (Eag.)Maigh Cuilinn - a Táisc is a Tuairisc. Cló Chonamara, Indreabhán 1986 (béaloideas) Maigh Cuilinn
  • DE BHALDRAITHE, Tomás (Eag.): Seanchas Thomáis Laighléis. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1977/1981 (béaloideas) Baile an Chláir
  • IDIR MNÁ - Scríbhneoirí Ban Ros Muc. Pléaráca Chonamara, Ros Muc 1995 (cuimhní cinn, seanchas, béaloideas) Ros Muc, Conamara
  • MAC AMHLAIGH, Dónall: Beoir Bhaile agus scéalta eile. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1981 Conamara
  • Dialann Deoraí. Réamhrá le Niall Ó Dónaill. An Clóchomhar Teoranta, 1960/1966/1970. (dírbheathaisnéis) Conamara
  • MAC AN IOMAIRE, Séamas: Cladaí Chonamara. An Gúm, Baile Átha Cliath 1985 (seanchas) Conamara
  • MAC CON IOMAIRE, Liam: Breandán Ó hEithir - Iomramh Aonair. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (beathaisnéis) Conamara - Árainn
  • MAC LOCHLAINN, Alf: Fiáin na Bocs a Bhí ann an tAm Sin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair áitiúil) Conamara
  • MAG RUAIDHRÍ, Mícheál: Le Linn m'Óige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001 (cuimhní cinn) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • MAG UIDHIR, Séamas: Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • NÍ MHAINNÍN, Cáit: Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (dírbheathaisnéis) Conamara
  • Ó BAOILL, Pádraig (Eag.): Glórtha ár Sinsear. Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe. I gcomhar le Loughrea History Project. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005. (béaloideas) (Oirthear na Gaillimhe)
  • Ó CADHAIN, Máirtín: Athnuachan. Coiscéim. Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal) Conamara
  • An Braon Broghach. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991 (gearrscéalta) Conamara
  • Barbed Wire. Arna cur in eagar ag Cathal Ó hÁinle. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
  • Caiscín. Altanna san Irish Times 1953/56. Arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998 (iriseoireacht) Conamara
  • Cois Caoláire. Sáirséal - Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 2004 (géarrscéalta) Conamara
  • Cré na Cille. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1949/1965 (úrscéal) Conamara
  • Idir Shúgradh agus Dáiríre. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1975 (gearrscéalta) Conamara
  • Tone Inné agus Inniu. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair, polaitíocht) Conamara
  • An tSraith dhá Tógáil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970/1981 (gearrscéalta) Conamara
  • An tSraith Tógtha. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1977 (gearrscéalta) Conamara
  • An tSraith ar Lár. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1986 (gearrscéalta) Conamara
  • Ó Cadhain i bhFeasta. Eag. Seán Ó Laighin. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1990 (aistí, iriseoireacht, stair, polaitíocht, ábhar ilghnéitheach) Conamara
  • An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass. Eagarthóir: Seán Ó Laighin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002. (taighde agus tuairimí) Conamara (Béarla atá i gcuid den leabhar.)
  • Caithfear Éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar. Eagarthóir: Liam Prút. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1999 (aistí) Conamara
  • Ó CAITHLÍN, Antoine ("Tony Catherine Antoine William"): A Chomhairle Féin do Mhac Anna. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas) Oileán Acla
  • Seanfhocail as Acaill. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (béaloideas) Oileán Acla
  • Ó CATHÁIN, Séamas agus Caitlín Uí Sheighin (Eag): A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraigí Feasta! Cló Chonamara, Indreabhán 1987 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • (Eag): Le Gradam is le Spraoi. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • Ó CEALLAIGH, Colm: Brídín. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1995 (úrscéal) Conamara
  • Meilt Mhuilte Dé. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
  • Clann na Feannóige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2004 (gearrscéalta) Conamara
  • Ó CEANNABHÁIN, Peadar (Eag.): Éamon a Búrc - Scéalta. Leabhar Thaighde, an dóú himleabhar is dhá scór. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1983/2000 (béaloideas) Conamara
  • Ó COINCHEANAINN, Peadar: Inis Meáin - seanchas agus scéalta. Bill Doyle a mhaisigh, Pádraig Ó Siadhail a chóirigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993 (srair áitiúil) Oileáin Árann
  • Ó CONAOLA, Dara: Amuigh Liom Féin. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1988 (scéal) Oileáin Árann
  • Cor in Aghaidh an Chaim. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1983 (scéal) Oileáin Árann
  • Ó CONGHAILE, Mícheál: Mac an tSagairt. Cló Iar-Chonnachta, Béal an Daingin 1986 (gearrscéalta) Conamara
  • Seachrán Jeaic Sheáin Johnny. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 2002 (úrscéal) Conamara
  • Ó CONGHAILE, Seán: Cois Fharraige le mo Linnse. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1974/1984 (seanchas) Conamara
  • Ó CORBÁIN, Seán: Daoine Dathúla an Iarthair. Cló Chaisil, Baile Átha Cliath 2005. Oirthear na Gaillimhe
  • Ó CURRAOIN, Seán (Eag.): Iascairín Chloch na Cora - Scéalta agus Seanchas ó Bhearna agus na Forbacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000 Bearna - Na Forbacha
  • Ó DUINNSHLÉIBHE, Tomás: Taidhgín. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (úrscéal) Tuar Mhic Éadaigh
  • Ó FINNEADHA, Cóil Learaí: Tórramh an Bhardail agus Scéalta Eile. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995. (gearrscéalta) Conamara
  • Ó FLAITHEARTA, Liam: Dúil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970 (gearrscéalta) Oileáin Árann
  • Ó GIOLLAGÁIN, Conchúir (Eag.): Stairsheanchas Mhicil Chonraí - Ón Máimín go Ráth Cairn. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas, cuimhní cinn, dírbheathaisnéis) Ráth Cairn
  • Ó GRÁINNE, Diarmuid (Eag.): Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin - A Scéal Féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995/1997 (dírbheathaisnéis) Conamara
  • Ó hEITHIR, Breandán: An Chaint sa tSráidbhaile. Eagarthóir: Caoilfhionn Nic Pháidín. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1991 (iriseoireacht) Oileáin Árann
  • Lig Sinn i gCathú. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1983 (úrscéal) Oileáin Árann
  • Sionnach ar mo Dhuán. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1988 (úrscéal) Oileáin Árann
  • Ó LAIGHIN, Pádraig G.: Bánú Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997 (stair áitiúil) Deisceart Mhaigh Eo
  • Ó MÁILLE, Tomás: An Béal Beo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2002 (teanga)
  • An tIomaire Rua. Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. Máirtín Ó Cadhain a chóirigh an t-eagrán nua seo. An Gúm, Baile Atha Cliath 2007. (stair)
  • Ó NEACHTAIN, Joe Steve: Clochmhóin. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (gearrscéalta) Conamara
  • Scread Mhaidine. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2003 (úrscéal)
  • Lámh Láidir. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2005 (úrscéal)
  • Ó RÁIGHNE, Mícheál: Bóithrín na hAille Báine. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1994 (úrscéal) Conamara
  • Deoir ón tSúil. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1993 (úrscéal) Conamara
  • Nach Iomaí Cor sa Saol. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 2002 (úrscéal) Conamara
  • Ó RUADHÁIN, Seán: Pádhraic Mháire Bhán. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • RIDIRE AN GHÁIRE DHUIBH agus scéalta eile. Mícheál Mac Ruairí a d'inis. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • SCÉALTA MHÁIRTÍN NEILE, bailiúchán scéalta ó Árainn. Holger Pedersen a thóg síos, Ole Munch-Pedersen a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideasa Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1994 (béaloideas) Oileáin Árann

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Ó hUiginn, Ruairí: Gaeilge Chonnacht. Lch. 539-609 i: Stair na Gaeilge in ómós do Phádraig Ó Fiannachta, curtha in eagar ag Kim McCone, Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad 1994.
  • Ó Murchú, Séamas: An Teanga Bheo - Gaeilge Chonamara. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1998.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects. Dublin: Dublin. Institute for Advanced Studies. Wagner, H. (1959)
  2. Seanchas Thomáis Laighléis · Eag. Tomás de Bhaldraithe. €20.00 2011. ISBN 978-1-906883-17-1 (978-1-906883-17-1) (CIC www.cic.ie). Clúd. Bog.