An Mhonacais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Monacais
(Munegascu)
Á labhairt: Monacó
Cainteoirí san Iomlán: 35,657 (2006)
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Rómánsach
  Italo-Western
   Gallo-Iberian
    Gallo-Romance
     Gallo-Italic
      Ligurian
       Monégasque

Stádas Oifigiúil
Foras Pleanála Teanga: (Níl aon rialtóir ann)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 /
ISO 639-2 roa
ISO 639-3 lij
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Mhonacais (nó Munegascu, mar a deir lucht a labhartha féin) teanga dhúchasach mhuintir Mhonacó. Teanga Rómánsach í, agus is féidir a rá gurb ionann í, a bheag nó a mhór, agus an chanúint a labhraítear i Genova san Iodáil. Ní hí an Mhonacais teanga oifigiúil Mhonacó, nó is easaoránaigh ón bhFrainc iad formhór mór na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i Monacó, agus mar sin, is í an Fhraincis teanga oifigiúil an stáit. Mar sin féin, táthar ag iarraidh an tseanteanga a choinneáil beo sna scoileanna, agus bíonn sí le feiceáil go poiblí in áiteanna i Monacó.

Comhartha dátheangach (Fraincis agus Monacais) i Monacó