An Lucsambuirgis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lucsambuirgis
(Lëtzebuergesch)
Á labhairt: Lucsamburg, An Bheilg, An Fhrainc, An Ghearmáin
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 300,000
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Ard-Ghearmáinis
    Gearmáinis an Láir-Iarthair
     Lucsambuirgis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Lucsamburg
Foras Pleanála Teanga: Conseil Permanent de la Langue Luxembourgeoise (CPLL)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 lb
ISO 639-2 ltz
ISO 639-3 ltz
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Lucsambuirgis an teanga is mó a labhraítear i Lucsamburg, agus í ó dhúchas ag trí chéad míle duine. Go bunúsach, níl ann ach canúint Meán-Ghearmáinise, agus í an-ghaolmhar leis na canúintí Meán-Ghearmáinise eile, cosúil le caint na ndaoine i gKöln, mar shampla.

Níl an Lucsambuirgis ina teanga oifigiúil sa tír ach ón mbliain 1984 i leith. Tá litriú ar leith aici ón mbliain 1946 anuas, ach rinneadh leasuithe air sa bhliain 1999. Baintear úsáid ócáidfhreastalach aisti sna scoileanna le rudaí deacra a mhíniú sa chaint, ach is iad an Ghearmáinis agus an Fhraincis na teangacha scríofa a chleachtar. Bíonn an Lucsambuirgis le cloisteáil ar an raidió agus ar an teilifís go minic, ach ní bhaintear mórán úsáide aisti sna clómheáin, cosúil leis na nuachtáin agus na leabhair. Is í an Fhraincis teanga an dlí agus na reachtaíochta i Lucsamburg, agus ní thagann leabhar na reacht i gcló in aon teanga eile, cé go bpléann parlaimint Lucsamburg na dlíthe nua trí mheán na Lucsambuirgise. Ní teanga oifigiúil í an Lucsambuirgis san Aontas Eorpach ach an oiread, agus ní chuirtear aistriúchán oifigiúil Lucsambuirgise den reachtaíocht Eorpach ar fáil do na saoránaigh - glactar leis mar phrionsabal go bhfuil an Fhraincis ag cách.

Tá saol poiblí Lucsamburg dírithe ar dhaoine a bhfuil an trí theanga acu idir Lucsambuirgis, Ghearmáinis agus Fhraincis. Is í an Fhraincis teanga na bhfógraí poiblí, ach is í an Ghearmáinis is mó a úsáidtear sna nuachtáin. Má thagraíonn nuachtán d'fhocail a labhair polaiteoir, státseirbhíseach nó boc mór éigin eile as Lucsambuirgis nó Fraincis, is sa teanga sin a thabharfar na focail, agus má thráchtar ar an reachtaíocht, ní thabharfar an tagairt ach as Fraincis. Deirtear go bhfuil tríbhéascna (triglossia) i bhfeidhm sa tír.

Cé gur canúint de chuid na Gearmáinise í an Lucsambuirgis, tá sí á forbairt ina teanga chaighdeánaithe ar leith, agus is é dearcadh mhuintir Lucsamburg gur siombail lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnta í. Go háirithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Lucsamburg forghafa ag na Naitsithe, theastaigh ó mhuintir na tíre tabhairt le fios nach raibh siad ina nGearmánaigh, más ionann a bheith i do Ghearmánach agus a bheith i do Naitsí.

Ba é Michel Rodange (1827-1876) a chuir tús le litríocht na Lucsambuirgise, agus is dócha gurb é Josy Braun (a rugadh sa bhliain 1938) an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí. Sa bhliain 1997, d'fhoilsigh Braun an chéad úrscéal bleachtaireachta sa teanga.

An Cupla Focal as Lucsambuirgis[athraigh | edit source]

  • Jo - Sea/Tá
  • Neen - Ní/Níl
  • Wëllkomm! - Fáilte!
  • Wéi geet ët? - Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú?
  • Ech heesche ... - ...is ainm dom
  • Entschellegt! - Gabh mo leithscéal.
  • Zwee béier, wann ech glieft - Dhá phionta, más é do thoil é
  • Kënnt Dir mir de wech zëm .... weisen? - An feidir leat a rá liom, cá bhfuil an ...?
  • Villmols merci - Go raibh míle maith agat
  • Äddi - Slán