An Ghuine Mheánchriosach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República de Guinea Ecuatorial
République de Guinée équatoriale
República da Guiné Equatorial
Bratach na Guine Meánchiorclaí Armas na Guine Meánchiorclaí
Bratach Armas
Mana: Unidad, Paz, Justicia (Spáinnis)
Unité, Paix, Justice (Fraincis)
Unidade, Paz, Justiça (Portaingéilis)
Aontacht, Síocháin, Ceartas
Amhrán náisiúnta: Caminemos pisando la senda
Suíomh na Guine Meánchiorclaí
Príomhchathair Malabo
3°21′ Thuaidh 8°40′ Thoir
An chathair is mó An Phríomhchathair
Teangacha oifigiúla Spáinnis, Fraincis, Portaingéilis
Rialtas Poblacht
Teodoro Obiang Nguema Mbasogo
Ricardo Mangue Obama Nfubea
Neamhspleáchas
ón Spáinn
12 Deireadh Fómhair, 1968
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
28,051 km² (144ú)
~
Daonra
 • Meas. ó 2010
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
700,000 (166ú)

18/km² (187ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$23.796 bhilliún (112ú)
$50,200 ()
Airgeadra CFA Franc (XAF)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+1)
(UTC+1)
Fearann Idirlín .gq
Glaochód +240

Is tír san Afraic í an Ghuine Mheánchiorclachan Ghuine Mheánchriosach. Is í Malabo an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht de chuid na Spáinne í. Bhain an tír a neamhspleáchas amach ar 12 Deireadh Fómhair na bliana 1968.

Tá an chuid is mó den tír suite ar chósta thiar na hAfraice, idir Camarún agus an Ghabúin. Rio Muni a thugtar ar an chuid mór-roinneach seo. Oileáin san Atlantach an chuid eile den Ghuine Mheánchiorclach, Annobón agus Bioko (Fernando Po sa tseanam) go háirithe. Is ar an oileán Bioko atá an phríomhchathair suite.

Tá an Ghuine Mheánchiorclach ar cheann de na tíortha is measa ó thaobh chearta an duine de. Ón bhliain 1968 go dtí 1979 bhí deachtóireacht bhrúidiúil i réim faoin uachtarán Francisco Macías Nguema. Duine as triúr, fuair sé bás nó theith ón tír. Chuir coup d'état fuilteach deireadh lena a réimeas úd ar 3 Lúnasa 1979; tháinig Teodoro Obiang chun cumhachta agus cuireadh Nguema chun báis as a chuid coireanna. Cé gur laghdaigh na mi- agus drochusáidi ba mheasa bionn staid na gcearta daonna go dona ansin i gcónaí.

Is é an Ghuine Mheánchiorclach an náisiún is saibhre san Afraic o thaobh olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ach is i lámha mionlaigh atá an saibhreas céanna. Is iad cócó agus artola na táirgí is tábhachtaí sa Ghuine Mheánchiorclach. Maireann an chuid is mó de na daoine as an talmhaíocht nó as an iascaireacht.

Malabó ón aer