An Fhionlainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Fhionlainnis
suomi

Cineálteanga, teanga bheo agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais5,413,380 (2012)
Dúchasach doan Fhionlainn agus Cúige Leningrad
Stáitan Fhionlainn, an Eastóin, an tSualainn, an Iorua agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Úralacha
teangacha Fionn-Úgracha
teangacha Fion-Pheirmeacha
Finno-Volgaic (en) Aistrigh
Finno-Samic (en) Aistrigh
Finnic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Scandinavian Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheFinnish Language Office (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Stairhistory of the Finnish language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1fi
ISO 639-2fin
ISO 639-3fin
Glottologfinn1318
Linguasphere41-AAA-a
Ethnologuefin
ASCL1602
IETFfi

Is í an Fhionlainnis an teanga a labhraíonn an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne (92%) ó dhúchas. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Fhionlainn. Tá Fionlannaigh eitneacha ina gcónaí taobh amuigh den Fhionlainn freisin, agus cuid mhaith acu ag labhairt na teanga: tá Fionlannaigh le fáil sa tSualainn, i gCeanada, san Astráil agus sna Stáit Aontaithe. I Minnesota is mó is féidir teacht ar dhaoine de phór na Fionlainne, sna Stáit Aontaithe.

Labhraítear canúint bhundúchasach sheanfhaisiúnta den Fhionlainnis i dTuaisceart na Sualainne freisin, agus í éirithe an-difriúil leis an bhFionlainnis chaighdeánaithe faoi bhrú na Sualainnise. Tá lucht a labhartha ag iarraidh an chanúint seo a chaighdeánú anois, mar theanga ar leith. Meänkieli nó "ár dteanga féin" a thugann siad uirthi - "meidän kielemme" an leagan caighdeánaithe.

Níl an Fhionlainnis róchosúil le formhór na dteangacha Eorpacha, cé nach bhfuil cultúr na Fionlainne difriúil le cultúr na dtíortha Lochlannacha ar aon nós. Ceann de na teangacha Fionn-Úgracha is ea í, agus is iad na teangacha gaolmhara atá aici ná an Eastóinis agus an Ungáiris, chomh maith le roinnt mhaith teangacha neamhfhorleathana ar fud na Rúise. Tá gaol an-dlúth ag an bhFionlainnis leis an Eastóinis, agus an teanga sin réasúnta intuigthe ag an bhFionlannach. Ón taobh eile de, ní féidir leis an Ungárach bun ná barr a dhéanamh den Fhionlainnis. Baineann an dá theanga sin le craobhacha difriúla an chrann ginealais: is teanga Fhinneach í an Fhionlainnis, ach is teanga Úgrach í an Ungáiris.

Gramadach na Fionlainnise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gramadach na Fionlainnise bunaithe ar an táthú. Is é sin, is gnách iarmhíreanna éagsúla a úsáid in áit na bhfocal scoite. Is féidir an prionsabal seo a ghléiniú le cúpla sampla:

Fionlainnis: Olen kirjoittamaisillani artikkelin Wikipediaan

Gaeilge: "Tá mé ar tí alt a scríobh ar an Vicipéid"

Anailis ar an sampla:

  • ol-
  • -en
  • kirjoitta- scríobh
  • -ma- a
  • -isi-
  • -lla- ar
  • -ni
  • artikkeli alt
  • -n iarmhír a thaispeánann gurb é an tuiseal cuspóireach - cuspóir an ghnímh - atá againn anseo
  • Wikipedia- (an) Vicipéid
  • -an ar (nó "isteach i", le bheith beacht barainneach).

Tá saibhreas ar leith ag baint leis an mbriathar, a bhfuil an dúrud foirmeacha infinideacha aige:

  • juosta rith
  • juostakseen le rith, le bheith ábalta rith
  • juoksemaisillaan ar tí rith
  • juosten agus mé/tú/...ag rith

agus leis an ainmfhocal, agus an oiread tuiseal atá aige:

  • auto gluaisteán
  • auton gluaisteáin, an ghluaisteáin (tuiseal ginideach)
  • autoa (cuid) den ghluaisteán
  • autolla ag an ngluaisteán, ar an ngluaisteán
  • autolta ón ngluaisteán
  • autolle don ghluaisteán, i dtreo an ghluaisteáin
  • autoksi (le bheith) ina ghluaisteán, (ag iompú) ina ghluaisteán, (ag claochlú) go gluaisteán
  • autona (tá sé) ina ghluaisteán, i ról an ghluaisteáin
  • autossa istigh sa ghluaisteán

Cé go bhfuil sé deacair ag an bhfoghlaimeoir na míreanna seo uile a úsáid, is gá cuimhne a choinneáil air gur imir na teangacha Ind-Eorpacha, go háirithe na teangacha Gearmáinice ina timpeallacht an-tionchar ar úsáid na Fionlainnise, agus, ainneoin shaibhreas na bhfoirmeacha, níl sé dodhéanta cuid mhór de ghramadach na Fionlainnise a mhíniú i dtéarmaí na gramadaí traidisiúnta atá bunaithe ar ghramadach na Laidine.

Stór Focal na Fionlainnise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann an Fhionlainnis iarmhíreanna chun focail nua a fhréamhú, agus sin go flúirseach:

  • kirja leabhar
  • kirjoittaa scríobh
  • kirjailija scríbhneoir
  • kirjallinen liteartha
  • kirjain litir (comhartha)
  • kirje litir (a sheoltar)
  • kirjata cur in áirithe
  • kirjaus áirithint
  • kirjava breac, ildaite
  • kirjasto leabharlann

Is féidir leis na Fionlannaigh déanamh in uireasa go leor focal idirnáisiúnta, ós rud é go bhfuil an-loighic ag roinnt le húsáid na n-iarmhíreanna seo. Mar sin féin, tá roinnt mhaith focail iasachta san Fhionlainnis féin.

An chuid is sine acu is féidir a aithint mar fhocail iasachta ar aon nós, tagann siad as an tsean-Ghearmáinic nó as an tsean-Lochlainnis, as na teangacha Bailteacha - as seanchanúintí ar fhorbair an Laitvis agus an Liotuáinis astu - agus as an tsean-Slaivis nó as an tsean-Rúisis. I measc na n-iasachtaí Gearmáinice, tá focail ar nós kuningas = rí (cf. king an Bhéarla, König na Gearmáinise, konungur na hÍoslainnise), kauppa = trádáil, tráchtáil, siopa (cf. kaufen = "ceannacht" sa Ghearmáinis), kaunis = álainn (gaolmhar le schön na Gearmáinise; glactar leis gur "skauniz" an fhoirm den fhocal seo a bhí le fáil sa Phróta-Ghearmáinic).

Tháinig na céadta focal isteach ón tSualainnis, go háirithe nuair a bhí an Fhionlainn ina cuid den tSualainn. Focail chultúrtha Eorpacha a bhí iontu go minic a raibh a bhfréamha san Fhraincis, sa Laidin nó sa Ghréigis. Cuireadh córas fuaimeanna na Fionlainnise i bhfeidhm ar na focail seo, cosúil le sohva ó soffa na Sualainnise (tolg, cúiste). Tháinig cuid mhór focal Rúisise isteach ó na canúintí Oirthearacha, nuair a cuireadh Kalevala i gcló an chéad uair. Bhí teanga na heipice náisiúnta seo sách breac le hiasachtaí Rúiseacha nó Slavacha, ach níor aithin muintir Iarthar na Fionlainne mar fhocail iasachta iad, agus mar sin, chuaigh cuid mhaith acu in úsáid sa teanga oifigiúil féin. Téarmaí den chineál seo iad leima "stampa", rotu "cine" agus viesti "teachtaireacht".

Mar a dúradh, cumadh cuid mhaith focal nua as fréamha Fionlannacha le freastal ar riachtanaisí na sochaí nua-aimseartha, cosúil le yliopisto "ollscoil" (yli- "ard, os cionn", oppia "foghlaim"), puhelin "teileafón, guthán" (puhua "caint, labhairt", puhella "cadráil, bheith ag cabaireacht"), muovi "plaisteach, pleaistic" (muovata "múnlú"). Chuaigh na focail universiteetti, telefooni agus plastiikka in éag i gcaint na ndaoine féin le fada, agus ní chloisfeá iad ach i gcaint mhagúil inniu.

Is léir go mbíonn cuid mhaith focal Béarla in úsáid i gcaint na ndaoine inniu, cosúil le meili ("ríomhphost"), netti ("an tIdirlíon"), veppi/weppi/webbi ("an Gréasán Domhanda") agus araile. Mar is léir, baineann an chuid is mó de na hiasachtaí Béarla le saol na ríomhairí. Is é an claonadh fadtéarmach sa teanga, áfach, focail nuachumtha Fionlainnise a chur in áit na n-iasachtaí Béarla. Tá blas an bhéarlagair ar printteri ("printéir, clóire") inniu, ó tháinig kirjoitin agus tulostin ina áit. Ní úsáidtear kompuutteri ("ríomhaire") ach i leathchaint mhagúil, nó is fearr le lucht an bhéarlagair féin leas a bhaint as an bhfocal dúchasach tietokone nó as an truailliú tietsikka. An duine a labhródh faoi sähköposti in áit meili, ní bheadh aon duine ag gáire faoi, cé go bhfuil blas na foirmeáltachta ar an téarma dúchasach i gcónaí. (Tá an focal dúchasach béarlagair sähkäri ag teacht ar an bhfód, agus níl sé as cosán a rá go bhfuil an-seansanna aige meili agus iimeili a ruaigeadh as an teanga sa deireadh.)

Fionlannis taobh amuigh den Fhionlainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seachas san Fhionlainn féin, labhraítear Fhionlainnis sa tSualainn, sa Rúis agus ag imircí ón Fhionlainn i S.A.M. agus ina lán tíortha eile.

Áiteanna i ndeisceart na Sualainne ina bhfuil cainteoirí Fionlainnise

Is í an Fhionlainnis an mháthairtheanga do 24,542 duine i S.A.M. (2010). Bhí an chuid is mó de na cainteoirí dúchais ag maireachtaint i Michigan agus i Minnesota. Sa bhliain 2011 bhí Fionnlainnis mar mháthairtheanga ag 17,415 duine i gCeanada, thíos ó 21,030 sa bhliain 2006.

Stair na Fionlainnise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gur eascair na teangacha Finneacha agus na canúintí Laplainnise ón bPróta-Fhinnic nó an Réamh-Fhionlainnis, agus gur tháinig scoilt idir an dá chraobh sin cúig chéad déag de bhlianta roimh bhreith Chríost. Scar an Fhionlainnis agus an Eastóinis (chomh maith le dlúthghaolta eile na Fionlainnise) ó chéile timpeall ar bhreith Chríost, agus bhí siad ag imirt a dtionchair ar a chéile ina dhiaidh sin féin. Mar shampla, tá tionchar na hEastóinise le haithint ar chanúintí an Iar-Dheiscirt.

Mícheál Agricola[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an tEaspag Fionlannach Mícheál Agricola a chruthaigh an chéad cheartlitriú don Fhionlainnis, cé go raibh focail Fhionlainnise curtha ar pár roimhe sin i lámhscríbhinní Laidine san Fhionlainn, logainmneacha ach go háirithe. Bhunaigh Agricola an litriú sin ar an tSualainnis, ar an nGearmáinis, agus ar an Laidin. Ina dhiaidh sin, áfach, is iomaí craiceann a chuir an Fhionlainnis scríofa di go fóill.

Scríbhneoireacht an Reifirméisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an Reifirméisean a chuir an fíor-thús leis an scríbhneoireacht Fionlainnise. Sa tséú haois déag, chum daoine ar nós Paavali Juusten, Erik Sorolainen agus Iacób Finno scríbhinní tábhachtacha Fionlainnise, chomh maith leis an Easpag Agricola féin. Sa tseachtú haois déag, bhí leabhair á scríobh san Fhionlainn i dteangacha ar nós na Fionlainnise, na Danmhairgise, na hEastóinise, na Gearmáinise agus na Sualainnise, ach ní raibh mórán tábhachta san am sin leis an tSualainnis féin mar theanga chultúrtha, gan aon trácht ar an bhFionlainnis. B'í an Laidin príomhtheanga na gcúrsaí cultúrtha.

Cuid thábhachtach d'fhorbairt liteartha na Fionlainnise ab ea na haistriúcháin a rinneadh ar na leabhartha dlí. B'é Martinus Olai, nó "Herra Martti" ("An tUasal Máirtín"), séiplíneach na bhFionlannach i Stócólm, a rinne an chéad aistriúchán den chineál seo sa bhliain 1548. Rinne Ljungo Thomae (Fionlainnis: "Ljungo Tuomaanpoika", nó "Ljungo, mac Thomáis") tuilleadh aistriúchán ar dhlíthe i dtús na seachtú haoise déag.

Hemminki Maskulainen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gurbh é Iacób Finno a scríobh an chéad leabhar d'iomainn eaglasta as Fionlainnis, is mó a choinnítear cuimhne ar Hemmingius Henrici (nó Hemminki Hollo - is minic a thugtar "Maskun Hemminki" nó "Hemminki Maskulainen" air freisin, is é sin, Hemminki ó Masku, ó b'as Masku in iardheisceart na Fionlainne dó) mar fhile eaglasta. I dtús na seachtú haoise déag, d'fhoilsigh sé an bailiúchán d'iomainn Yxi Wähä Suomenkielinen Wirsi-kirja ("Leabhar beag amháin d'amhráin eaglasta Fionlainnise"). Cantar cuid mhaith de na hamhráin i dteampaill na Fionlainne inniu féin.

Erik Sorolainen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1620idí, chuir an tEaspag Erik Sorolainen (nó Ericus Erici) in eagar díolaim seanmóireachta. Scríobh sé caiticiosma Fionlainnise freisin. Maidir le Paavali Juusten, b'as Laidin ba mhó a bhí sé ag scríobh, ach scríobh seisean caiticiosma sa teanga dhúchais freisin.

An Chéad Chlólann san Fhionlainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an chéad chlólann san Fhionlainn sa bhliain 1642, rud a chuir borradh faoin saol liteartha. B'é an chéad leabhar Fionlainnise a cuireadh i gcló sa tír féin ná Ylimmäisen keisari Jesuxen Christuxen mandati eli käsky ("Ordú Íosa Críost, an tImpire is Airde") le Johannes Matthiae Collinus.

Críochnú an Aistriúcháin ar an mBíobla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1642 freisin a críochnaíodh an chéad aistriúchán iomlán den Bhíobla (Biblia, se on Coco Pyhä Ramatu - "An Bíobla, is é sin, an Scrioptúr Naofa go léir"). Bhí an-tionchar ag an mBíobla seo ar fhorbairt theanga scríofa na Fionlainnise, ní nach ionadh.

Juhana Cajanus[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chuid is mó den litríocht a scríobhadh as Fionlainnis san am seo, litríocht chráifeach a bhí ann. Ceann de na saothair ab fhadsaolaí ab ea an t-iomann mór faoi ghiorra an tsaoil le Juhana Cajanus, Yxi Hengellinen Weisu ("Amhrán Spioradálta Amháin"), a aithnítear freisin mar Katoovaisuudesta ("Faoi Neamhbhuaine an tSaoil") nó ar na chéad fhocail, Etkös ole ihmisparka aivan arka ("Nach bhfuil tú scanraithe amach, a dhuine bhoicht"):

Etkös ole ihmisparka, aivan arka
Koskas itket päivät öitä
Koskas suret suuttumatta, puuttumatta
Koukon mustan murhatöitä.

"Nach bhfuil tú scanraithe amach, a dhuine bhoicht, agus tú ag gol de ló istoíche, agus tú ag caoineadh gan fearg gan fiántas faoin oiread daoine a sciobann an bás dubh leis."

Mattias Salamnius agus Ilo-Laulu Jesuxesta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1690, chríochnaigh Mattias Salamnius a dhán fada eipiciúil faoi bheatha Íosa Críost, Ilo-laulu Jesuxesta ("An tAmhrán Suairc faoi Íosa").

Kosk' ol' aika joutununna
Määräpäivät päättynynnä
Saattoipa Sanan edellä
Kantoi kaunis Gabrieli
Herran enkeli ihana
Nasaretin neitoiselle
Marialle mielehisen
Tulla Luojan tuottajaksi
Äidiksi ison Jumalan
Aivan uudella tavalla
Ilman miehen yhteyttä
Ilman Joosefin avutta

"Ó bhí an t-am istigh, agus lá an chaighdeáin ann, tháinig Gabriel, aingeal álainn Dé, le teachtaireacht a iompar chuig Muire, maighdean ó Nazarat, go saolófaí an Cruthaitheoir di, agus go mbeadh sí ina máthair ag Dia Mór féin, ar dhóigh nua ar fad: gan dul i dteagmháil le fear ar bith, gan chabhair a fháil ó Iósaf."

Suomalaisen Sana-Lugun Coetus - an Chéad Fhoclóir Fionlannise[cuir in eagar | athraigh foinse]

San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis. Tháinig an chéad fhoclóir Fionlainnise, Suomalaisen sana-lugun coetus, amach sa bhliain 1745. B'é Daniel Juslenius a bhreac síos é. Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé Aboa vetus et nova, tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!

Porthan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Henrik Gabriel Porthan an t-ainm ba thábhachtaí i saol cultúrtha na Fionlainne san ochtú haois déag, áfach. Bhí sé ina Ollamh in Acadamh Thúrcú, arbh é an chéad síol le hOllscoil Heilsincí. Thug sé isteach modh oibre na heolaíochta i léann na Fionlainne, agus chaith sé i dtraipisí na hipitéisí fánacha faoi bhunús na Fionlainnise a bhí coitianta go dtí sin - roimh lá Phorthan, bhí lucht an léinn san Fhionlainn ag áitiú go raibh gaol ag an bhFionlainnis leis an Eabhrais, cuir i gcás. Sna blianta 1766-1778, d'fhoilsigh Porthan a thráchtas faoi fhilíocht tíre na bhFionlannach, De poesi Fennica. Ní raibh Porthan féin ag saothrú na Fionlainnise, áfach - scríobh sé a chuid saothar i Sualainnis agus i Laidin. Bhí sé den tuairim, fiú, go raibh an Fhionlainnis ag dul in éag agus nach mbeadh le déanamh ach filíocht na bhFionlannach a bhreacadh síos agus a aistriú go Laidin le haghaidh na nglúinte a bhí le teacht.

Mar sin féin, ba mhór an spreagadh í obair Phorthan do lucht saothraithe na Fionlainnise. Nuair a bhunaigh Porthan iris Sualainnise dá chuid féin, Tidningar utgifne i Åbo, rith le Antti Lizelius, sa bhliain 1775, an chéad iris Fionlainnise - Suomenkieliset Tieto-Sanomat ("Teachtaireachtaí Eolais as Fionlainnis") - a fhoilsiú. Bhí Lizelius ábalta an leathmhíosachán seo a choinneáil ag imeacht ar feadh aon bhliain amháin. Ina dhiaidh sin féin, éacht mór ceannródaíochta a bhí ann.

An Naoú hAois Déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1809, d'éirigh le hImpireacht na Rúise an Fhionlainn a dhealú ón tSualainn agus a nascghabháil. Bhí féinrialtas fairsing ag an bhFionlainn, áfach, mar Ard-Diúcacht nach raibh ina gnáthchúige sa Rúis, agus mar sin, bhí na Fionlannaigh ábalta an teanga agus an cultúr dúchasach a fhorbairt réasúnta neamhthuilleamaíoch.

Bhí cúpla file ócáidiúla - Jacob Judén, nó Jaakko Juteini, agus Samuel Gustaf Bergh (Samuli Kustaa Kallio) - ann i dtús na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh stíl chomhaimseartha na filíochta Eorpaí agus stíl filíochta pobail na Fionlainne a phósadh ina gcuid iarrachtaí. Ní raibh Bergh róbhisiúil, nó níor fhág sé ach dornán dánta ina dhiaidh. Maidir le Juteini, soilsitheoir a bhí ann agus é ag iarraidh eolas agus faisnéis a spreagadh trí mheán na Fionlainnise i measc na cosmhuintire. Scríobh sé dánta, drámaí agus stumpaí próis sa teanga, ach b'as Sualainnis a chum sé an chuid ba mhó dá scríbhneoireacht, mar ba dual do scríbhneoirí Fionlannacha a ré. D'fhoilsigh sé leabhar aistí as Sualainnis sa bhliain 1827, Anteckningar af Tankar uti Varianta Ämnen ("Smaointí a bhreac mé síos faoi éagsúlacht ábhair") a tharraing na cinsirí anuas air, toisc go rabhthas ag síleadh go raibh sé ag ionsaí an reiligiúin, agus i ndiaidh an scannail sin, d'éirigh sé as an scríbhneoireacht.

Tháinig an chéad bhorradh mór ar an litríocht Fionlainnise sna 1840idí, nuair a d'fhoilsigh Elias Lönnrot an dá bhailiúchán móra béaloidis - Kanteletar, nó dánta liriciúla na Fionlainne, sa bhliain 1840, agus an leagan críochnaithe de Kalevala, an eipic náisiúnta, sa bhliain 1849. Faoin am seo, bhí sé ina chúis conspóide ag lucht athbheochana na Fionlainnise, cé acu ba chóir dóibh na canúintí Iartharacha nó na cinn Oirthearacha a roghnú mar dhúshraith don chaighdeán liteartha. Bhí an chuid ba mhó den litríocht a bhí ann go dtí sin scríofa i dteanga a bhí níos cóngaraí do chanúintí an Iarthair, ach san am céanna, bhí cuid mhór de na hintleachtóirí óga tar éis a gcuid Fionlainnise a fhoghlaim san Oirthear, agus iad den tuairim gur chóir canúint an taoibh sin den tír a shaothrú sa litríocht chomh maith. Ba é Kalevala a shocraigh an scéal seo, nó thug lucht an dá thaobh an oiread sin taitnimh dó is gur fhoghlaim lucht an Iarthair féin cuid mhaith focal Oirthearach as. Sa deireadh, chuaigh focail Oirthearacha in úsáid sa teanga scríofa go forleathan i scríbhneoireacht an Iarthair féin, ionas gur cruthaíodh stíl nua measctha ar dhóigh nádúrtha. Is í an stíl seo is bunús d'Fhionlainnis chaighdeánaithe an lae inniu.

Ba é Aleksis Kivi fíorbhunaitheoir na litríochta nua-aimseartha san Fhionlainn, áfach. Ina chuid scríbhneoireachta a tháinig an réalachas in áit an rómánsachais. Scríobh sé cuid mhaith dánta agus sraith drámaí, ach is é an t-úrscéal a scríobh sé an chuid is tábhachtaí dá shaothar - Seitsemän veljestä, nó Seachtar deartháireacha. Cineál bildungsroman é an t-úrscéal seo, nó tugann sé cur síos idir ghreannmhar agus réalaíoch ar shaol seachtar fear faoin tuath: ar dtús, is áibhirseoirí ainrianta iad, ach ansin, agus iad ina gcónaí in áitreabh uaigneach sa choill leis na tailte timpeall a mhíntíriú, tagann siad i gcrann mar fhir agus foghlaimíonn siad an dóigh cheart le freagracht a saoil a ghlacadh orthu.

Ba í Minna Canth an scríbhneoir mná ba thábhachtaí sa naoú haois déag. Scríbhneoir réalaíoch a bhí inti agus í faoi thionchar an liobrálachais agus an tSóisialachais féin. Thug sí cur síos ar shaol na ndaoine bochta san úrscéal Köyhää kansaa ("Daoine Bochta" is ciall le teideal an úrscéil féin) agus ar chruachás na mban sa dráma Työmiehen vaimo ("Bean Chéile an Fhir Oibre"). Tá Työmiehen vaimo ar ceann de na drámaí is mó a stáitsítear san Fhionlainn inniu féin.

Ba é Juhani Aho an chéad scríbhneoir Fionlainnise a bhí in ann a chuid a shaothrú ag scríbhneoireacht (bhí Kivi ag brath ar na hurraithe saibhre, agus maidir le Canth, bhí siopa á reáchtáil aici). Mhair Aho go dtí an bhliain 1921, agus chaith sé dhá scór bliain i mbun pinn. Saothair thábhachtacha ab ea Rautatie ("An Bóthar Iarainn"), scéal greannmhar faoi chéad turas na muintire tuaithe ar an traein; Juha, úrscéal atá bunaithe ar théama an triantán grá agus na himeachtaí suite sna laethanta anallód; agus Panu, úrscéal eile faoi réamhstair na bhFionlannach agus faoi laethanta na Págántachta. Sa bhreis ar na mórshaothair, scríobhadh sé sceitsí beaga, "sliseanna" (lastuja), mar a deireadh sé féin, ag tabhairt le fios nach raibh iontu ach cineál dramhaíl as ceárta an scríbhneora. Mar sin féin, bhí an-ráchairt ar na "sliseanna", agus léitear i gcónaí iad. A lán meafar a d'úsáid sé sna sliseanna, chuaigh siad i ngnáthchaint mhuintir na Fionlainne. D'fhoilsigh sé ocht ndíolaim acu lena lá.

Ba é Arvid Järnefelt an scríbhneoir ba mhó idé-eolaíochta i ndeireadh na naoú haoise déag. Fear de phór uasal a bhí ann a cuireadh i scoil Fionlainnise, le súil is go bhfoghlaimeodh sé teanga na cosmhuintire go paiteanta. Ar dtús shaothraigh sé a chuid ina dhlíodóir, ach ansin, chuir sé suim i saothar Tolstoy, agus chuaigh sé leis an idé-eolaíocht a bhí á craobhscaoileadh i leabhair dheireanacha an Rúisigh mhóir. D'éirigh sé as an dlí mar shlí bheatha, agus é ag rá nach raibh sé in ann breith ná breithiúnas a thabhairt ar aon duine. Chuaigh sé fiú ar cuairt chuig Tolstoy i Yasnaya Polyana, teach mór an scríbhneora in aice le Tula sa Rúis. Scríobh sé a lán faoi idé-eolaíocht Tolstoy agus faoi idéal an tsaoil shimplí fhónta fholláin. Is dócha gurb é an leabhar a scríobh sé faoina thuismitheoirí, Vanhempieni romaani ("Úrscéal mo thuismitheoirí"), is mó a léitear inniu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]