Kalevala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharKalevala

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus eipic náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarElias Lönnrot Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Chairéilis agus an Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánImpireacht na Rúise, 1835 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1828
Tréith
Seánralaoithe agus mórdhán Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair

Is é Kalevala eipic náisiúnta na Fionlainne, a chuir Elias Lönnrot i dtoll le chéile sa naoú haois déag.

Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 1835, agus tháinig an leagan deifinideach i gcló sa bhliain 1849. Don dara leagan seo - Uusi Kalevala nó Kalevala nua - is gnách tagairt mar "Kalevala". Áirítear Kalevala ar ceann de na saothair is tábhachtaí i stair litríochta na Fionlainne, agus é ina spreagadh mór do mhúscailt an náisiúnachais san Fhionlainn sa naoú haois déag. Chuir sé cor i gcinniúint na Fionlainnise chomh maith, nó bhí an teanga ann bunaithe ar na canúintí Oirthearacha, agus an teanga liteartha a bhí á cleachtadh san am sin, bhí sí ag tarraingt ar thobar an Iarthair amháin.

Filíocht Tíre na Fionlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Breacadh samplaí de bhéal-litríocht na Fionlainne síos an chéad uair sna 1670idí, agus san ochtú haois déag, chuaigh tuilleadh bailitheoirí i mbun na hoibre seo. Bailíodh dhá mhilliún véarsa béaloidis san am sin, a bheag nó a mhór, agus glactar leis go bhfuil timpeall is milliún agus dhá chéad míle véarsa acu foilsithe. Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, bhí an bhailitheoireacht ina faisiún mór, agus í ag tabhairt spreagadh chun Cairéileachais - is é sin, adhradh na Cairéile (críocha thoir na Fionlainne agus na críocha Rúiseacha a bhí in aice leo) mar áit ina raibh an tsibhialtacht shean-Fhionlannach ag maireachtáil beo i bhfoirm níos glaine ná sa chuid eile den Fhionlainn.

Saothar Lönnrot[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhailigh Elias Lönnrot agus na bailitheoirí eile, ar nós A. J. Sjögren agus D. E. D. Europaeus, an chuid ba mhó de na laoithe sa Chairéil agus i dtimpeallacht Chathair Pheadair, áit a raibh canúint Fionlainnise á labhairt i gcónaí san am sin. I Mí Mheán Fómhair 1833, agus é ar cuairt sa Chairéil an ceathrú huair, rith le Lönnrot gurbh fhéidir go raibh na laoithe suite i bhfráma na hinsinte leanúnaí, in áit a bheith ina seoda scartha béaloidis.

Mar sin, nuair a chuir Lönnrot na véarsaí in eagar, chóirigh sé iad ionas go raibh eipic iomlán ann agus sórt plota loighciúil inaitheanta ag baint léi. Uaireanta, bhí cúpla carachtar aige a nasc sé le chéile in aon phearsa amháin, le go mbeadh an scéal ag freagairt don phlota a bhí ceaptha aige féin. Deirtear gur béaloideas glan atá in aon tríú cuid den eipic, gur béaloideas "cóirithe" atá i gcaoga faoin gcéad de, agus gur chum sé timpeall is 14 % de na véarsaí trína chasadh féin a bhaint as athleaganacha na ndánta. An beagán eile, tháinig sé go díreach ó pheann agus ó intinn Lönnrot féin.

Foilsiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an chéad leagan de Kalevala, is é sin, "Vanha Kalevala" ("sean-Khalevala") mar a thugtar air inniu, i gcló ina dhá irisleabhar sna blianta 1835-1836. Is é an teideal a bhí air ná Kalewala, taikka Wanhoja Karjalan Runoja Suomen Kansan muinoisista ajoista ("Kalevala, nó seanlaoithe ón gCairéil faoi sheansaol mhuintir na Fionlainne" - tabhair faoi deara gurb é an "w" in áit an "v" a d'úsáidtí i scríbhneoireacht Fionlainnise na naoú haois déag). Bhí 32 laoi, nó 12,078 véarsa, sa seanleagan seo de Kalevala. D'fhairsing Lönnrot an leagan seo go cuimsitheach sa leagan nua a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1849, agus is é an leagan nua seo a léitear inniu mar théacs caighdeánaithe. Caoga laoi atá ann ar fad.

Na hImeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Aino-Taru" (scéal Aino) is ábhar don triptic seo le hAkseli Gallen-Kallela ón mbliain 1891.

An Chéad Scéal faoi Väinämöinen (ón chéad laoi go dtí an deichiú laoi)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chuid seo de Kalevala, tugtar cur síos ar chruthú an domhain agus na hollchruinne. Tháinig an chéad duine ar an bhfód. Casadh an seandraoi Väinämöinen ar an bhfear óg Joukahainen, agus i ndiaidh don bheirt cath a chur ar a chéile gan úsáid a bhaint ach as buafhocail agus as orthaí, fágadh Joukahainen cloíte, ionas go gcaithfeadh sé a deirfiúr Aino a ghealladh don tseanfhear mar bhean chéile. B'fhearr le hAino í féin a bhá ná an seanfhear a phósadh. Ansin, theastaigh ó Joukahainen sásamh an bháis sin a bhaint as Väinämöinen agus díoltas a agairt ar an seanfhear. Scaoil sé urchar le Väinämöinen as a bhogha, ach d'éirigh le Väinämöinen éalú i mbád a thug a fhad le Pohjola ("Ríocht an Tuaiscirt") é. I bPohjola dó, casadh Louhi, "bean tí an Tuaiscirt" (banríon na ríochta sin) air, agus thit sé i ngrá le hiníon Louhi. Mar íocaíocht as an iníon, gheall Väinämöinen do Louhi sampo a thógáil do Louhi. Is é is sampo ann ná muileann draíochta a mheileann ór agus saibhreas don duine ar leis é. Mheall Väinämöinen an gabha Ilmarinen - "Gobán Saor" na miotaseolaíochta Fionlannaí - go Pohjola leis an sampo a shaoirsiniú dó.

An Chéad Scéal faoi Lemminkäinen (ón chéad laoi déag go dtí an cúigiú laoi déag)[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhuadaigh Lemminkäinen an mhaighdean Kyllikki ón Oileán (Saari), agus thug siad an gealltanas dá chéile nach mbeadh Kyllikki ag cuartaíocht ná Lemminkäinen ag cogaíocht. Ansin, áfach, bhris Kyllikki a leath féin den ghealltanas, agus mar sin, chuaigh Lemminkäinen amach ag cur cogaidh:

En usko unia naisten enkä vaimojen valoja!
Oi emoni, kantajani! Tuo tänne sotisopani,
kanna vainovaatteheni! Mieleni minun tekevi
juomani soan olutta, soan mettä maistamahan.
"Ní chreidim in aislingí na mban ná i ngealltanais na mban céile!
Ó, a mháthair, a d'iompair chun saoil mé! Tabhair dom mo chulaith chatha,
iompair chugam m'éadach cogaidh! Is é is mian liom anois
leann an chogaidh a ól, blas a fháil de mhil an chogaidh."

Chuaigh Lemminkäinen go Pohjola le cogadh a chur agus le hiníon Louhi a fhuadach, ach mharaigh "buachaill bó an hata fhliuch" (märkähattu karjapaimen) é le hurchar ón gcúl, agus fágadh a chorp ar snámh in abhainn Ríocht an Bháis (Tuonela). Thug máthair Lemminkäinen cuairt ar Tuonela agus d'éirigh léi é a aimsiú in abhainn Tuonela agus a athbheochan.

An Dara Scéal faoi Väinämöinen (ón séú laoi déag go dtí an ochtú laoi déag)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Väinämöinen go Tuonela le dul i dteagmháil le hAntero Vipunen, draoi marbh a raibh orthaí neamhghnácha ar eolas aige. Fuair sé ó Antero na buafhocail a bhí de dhíth le bád draíochta a thógáil. Sheol Väinämöinen ar an mbád draíochta go Pohjola, agus ansin, bhí seisean agus Ilmarinen in iompairc le chéile faoi iníon Louhi.

An Chéad Scéal faoi Ilmarinen: cleamhnas agus pósadh Ilmarinen (ón naoú laoi déag go dtí an cúigiú laoi fichead)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le cuidiú ó iníon Louhi, d'éirigh le hIlmarinen na tascanna a chomhlíonadh a chuir Louhi roimhe: an pháirc lán nathracha a threabhadh, ruaigeadh a chur ar na faolchúnna agus ar an mbéar i bPohjola agus iasc as abhainn Tuonela a mharú. I ndiaidh dó an obair seo a dhéanamh, phós Ilmarinen an cailín, agus ceiliúradh a mbainis. Cuid den scéal is ea an cur síos fada a thugtar ar ghrúdú an leanna.

An Dara Scéal faoi Lemminkäinen (ón séú laoi fichead go dtí an tríochadú laoi)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sammon puolustus - "An Sampo á Chosaint". Ba é an péintéir Akseli Gallen-Kallela a rinne an saothar seo sa bhliain 1895. Tá Väinämöinen ag beartú an chlaímh, agus Louhi ag ionsaí an bháid ón aer i gcruth an iolair. Tá a cuid saighdiúirí ar a muin, agus lucht leanúna Väinämöinen ag iarraidh í a choinneáil siar ón mbád leis na maidí rámha.

Bhí Lemminkäinen míshásta, ó nach bhfuair sé cuireadh chuig bainis Ilmarinen. Thug sé aghaidh ar Pohjola agus rug sé bua ar fhear céile Louhi i gcomhrac aonair. Tháinig sluaite armtha Pohjola ag agairt díoltais air, agus d'éalaigh sé go Saari (an tOileán, áit ar casadh Kyllikki air). Nuair a tháinig sé ar ais, fuair sé amach gur chuir an namhaid a theach trí thine idir an dá linn. In éineacht lena chara Tiera, chuaigh sé go Pohjola le díoltas a imirt ar Louhi, ach ansin, chuir Louhi na farraigí ag sioc lena hortha, agus b'éigean do Lemminkäinen filleadh abhaile.

An Scéal faoi Kullervo (ón chéad laoi déag is fiche go dtí an séú laoi déag is fiche)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí faltanas idir an bheirt dheartháracha Untamo agus Kalervo. Mharaigh Untamo a dheartháir agus a mhuintir siúd, amach ón mbean chéile agus í díreach ag iompar clainne. Saolaíodh mac do bhean chéile Kalervo, ar ar tugadh an t-ainm Kullervo. Rinne Untamo iarracht i ndiaidh a chéile le Kullervo a mharú, ach bhí fuar aige. Sa deireadh, dhíol sé Kullervo le hIlmarinen mar sclábhaí. Bhí bean chéile Ilmarinen ag céasadh Kullervo, mar shampla chuir sí cloch sa bhuilín aráin a thug sí do Kullervo mar bhia an bhealaigh, agus é ag dul ag buachailleacht. Sa deireadh, mharaigh Kullervo an bhean. Ansin, chaithfeadh Kullervo éalú. Agus é ar a sheachnadh ó Ilmarinen, casadh a mhuintir air - nó ní raibh siad marbh ar aon nós, ní raibh ann ach gur shíl sé an t-am ar fad go raibh siad básaithe. Mheall sé cailín chun comhriachtana leis, ach ansin, d'iompaigh sé amach gurb ise a dheirfiúr féin. Chuir an cailín lámh ina bás féin, agus d'fhill Kullervo go teach Untamo le fear an tí agus a mhuintir a mharú scun scan. Sa deireadh, chuir sé an cheist ar a chlaíomh, an maródh sé é:

Kullervo, Kalervon poika, tempasi terävän miekan,
katselevi, kääntelevi, kyselevi, tietelevi,
kysyi mieltä miekaltansa, tokko tuon tekisi mieli
syöä syyllistä lihoa, viallista verta juoa.
"Kullervo, mac Kalervo, tharraing sé amach an claíomh géar,
agus é á bhreathnú, á chasadh, ag fiosrú agus ag fiafraí,
ag fiafraí dá chlaíomh, ar mhaith leisean
greim a bhaint as feoil an chiontóra, fuil an choirpigh a ól."

agus seo an freagra a fuair sé:

Miekka mietti miehen mielen, arvasi uron pakinan,
vastasi sanalla tuolla: - Miks en söisi mielelläni,
söisi syyllistä lihoa, viallista verta joisi?
Syön lihoa syyttömänki, juon verta viattomanki.
"Thuig an claíomh aigne an fhir, léigh sé a intinn,
d'fhreagair sé mar seo: - Cén fáth nár mhian liom
greim a bhaint as feoil an chiontóra agus a chuid fola a ól?
D'íosfainn feoil an éigiontaigh féin, d'ólfainn fuil an duine mhacánta."

Agus mar sin, rinne Kullervo féinmharú leis an gclaíomh a bhí sásta fuil an chiontóra a ól. Is iad na focail dheireanacha sa dán seo ná an rabhadh a thugann Väinämöinen dóibh siúd a d'imreodh drochíde ar pháiste:


Lapsi kaltoin kasvattama, poika tuhmin tuuittama
ei tule älyämähän, miehen mieltä ottamahan,
vaikka vanhaksi eläisi, varreltansa vahvistuisi.
"An páiste a fágadh faoi dhrochbhuime, an mac ar himríodh drochíde air,
ní thiocfaidh an chiall aige, ná meabhair an fhir fhásta,
cuma cé chomh sean nó láidir a éireoidh sé."

An Dara Scéal faoi Ilmarinen: an seachtú laoi déag is fiche agus an t-ochtú laoi déag is fiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anois, bhí Ilmarinen fágtha ina bhaintreach fir. Shaoirsinigh sé bean chéile dó féin as ór agus as airgead geal, ach fuair sé fuar í, agus thréig sé í. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Pohjola le hiníon eile le Louhi a fhuadach ansin, ach ní raibh rath ar an gcleamhnas sin. Ar an turas seo, chonaic Ilmarinen, áfach, go raibh muintir Phohjola ar mhuin na muice anois, agus an Sampo ag meilt só agus saibhris dóibh. Thug sé cur síos ar shaol mhuintir Phohjola do Väinämöinen, agus chomhairligh siad an Sampo a sciobadh ar ais uathu siúd le lámh láidir.

Fuadach an tSampo: ón naoú laoi déag is fiche go dtí an ceathrú laoi is dhá scór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Väinämöinen, Ilmarinen agus Lemminkäinen ar an mbád mór go Pohjola leis an Sampo a fhuadach. Ansin, bhuail an bád fochais nárbh fhochais í ar aon nós ach liús mór millteanach. Mharaigh an triúr an t-iasc seo, agus bhain Väinämöinen cnámh na smige as leis an chéad kantele a dhéanamh di. (Is é is kantele ann ná gléas ceoil náisiúnta na Fionlainne, agus é cosúil leis an lir.) I bPohjola dóibh, thosaigh Väinämöinen ag seinm, agus chuir a chuid ceoil muintir Pohjola ina dtoirchim suain. D'fhuadaigh siad an Sampo. Ansin, áfach, mhúscail screadach na coirre móna Louhi, agus tháinig sí sna sálaí ag an triúr leis an Sampo a thógáil ar ais uathu. Ar dtús, d'ardaigh sí ceo draíochta timpeall an bháid, ionas gur chailleann an triúr a dtreo, agus ansin, tháinig sí i gclí an iolair le cath a chur faoin Sampo. Sa teagmháil seo, thit an Sampo isteach san fharraige, agus níor fágadh ach bloghanna agus iarsmaí ag dul le sruth. Na hiarsmaí seo féin, áfach, ba leasú do thailte Kalevala cois farraige iad. Más bocht féin atá an talamh, is amhlaidh is saibhre don fharraige, ós ansin a thit an Sampo.

Díoltas Louhi: ón gcúigiú laoi is dhá scór go dtí an naoú laoi is dhá scór[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'agair Louhi díoltas ar mhuintir Kalevala: ghoid sí an tine uathu agus chuir sí an ghrian agus an ghealach i bhfolach orthu. D'éirigh le hIlmarinen an tine a thabhairt ar ais, agus chuir Väinämöinen d'fhiacha ar Louhi na pláinéid bheannaithe a chur ar ais in airde na spéire.

An Laoi Dheireanach: mac Marjatta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir gur fáthscéal (allagóire) í an laoi seo faoi theacht na Críostaíochta go dtí an Chairéil. D'ith cailín óg darb ainm Marjatta bódhearc (cineál caor) agus thosaigh sí ag iompar clainne. Saolaíodh an mac di sa stábla (cosúil le hÍosa Críost) agus thréig a tuismitheoirí í. Thug Väinämöinen ordú an leanbh a mharú, ach ansin, tháinig caint ag an leanbh, agus é ag cur peacaí a óige i gcuimhne do Väinämöinen. Bhaist seanfhear darb ainm Virokannas an leanbh agus é ag gairm "rí na Cairéile" de. D'imigh Väinämöinen leis, agus fearg air, ó bhí an chuma ar an scéal nach raibh áit ar bith fágtha dó ina sheanbhólaí dúchais a thuilleadh.

Sliocht as Kalevala[cuir in eagar | athraigh foinse]

An bhfuil a fhios agat, cad é ba chóir dúinn a dhéanamh?

An eol duit an rud is mian liom?

Sea, seanamhráin a chanadh in éineacht

agus ár gcuid laoithe a reic le chéile!

Ní mór dúinn seoda ár seanmhuintire a thaispeáint ar an sean-nós.

Mothaím na focail ag tonnadh ar mo theanga

agus aithním na scéalta ag borradh thar mo bhéal,

ag teacht talcánta tréan mar a bheadh sruth uisce ann

agus ag titim trí phoill mo chuid fiacal.

A dheartháir dhil agus a chompánaigh chaoimh,

an bheirt againn a d'fhás aníos le chéile,

tar liom go ndéana muid ár gcuid amhránaíochta,

agus ár dhá nguth á bhfí is á bhfuáil le chéile,

anois, i ndáil chomhairle don bheirt againn, rud nach minic.

Nó is annamh agus is ró-annamh a chastar le chéile sinn

i gcríocha corracha cúil seo an Tuaiscirt.

Sín chugam do lámh, mar sin,

agus muid ag bualadh ár gcuid méar trasna a chéile

go mbeidh muid ag canadh na laoithe

agus más fada féin iad, beidh éileamh ar thuilleadh acu.

Beidh foghlaim inár gcuid amhrán

le nós a saoil a theagasc don aos óg,

dóibh siúd atá ag fás aníos inár measc

le go mbeidh bláth ar ghlúin óg ár muintire.

Beidh na focail acu a fuair muid le hoidhreacht,

na hamhráin ar tháinig muid trasna orthu

faoi chrios an tsaoi úd Väinämöinen,

faoi chasúr an tsaoir úd Ilmarinen,

ar bharr an chlaímh a bhí Lemminkäinen a bheartú,

ar bharr na saighde a scaoil Joukahainen,

ar fud pháirceanna an Tuaiscirt

agus i dtír Kalevala féin.

An t-amhrán a chuala mé ó bhéal an tseanfhir

agus é ag saoirsiniú coise don tua,

an t-amhrán a chuala mé ó bhéal na máthara

agus í ag casadh an roithleáin,

nuair nach raibh ionamsa ach ruidín beag bídeach

ag déanamh mo lámhacáin trasna an urláir

agus má chonacthas féasóg thart ar mo bhéal

ní féasóg cheart a bhí ann ach smál bán bainne.

Chuala an saol mór ar Sampo

agus is iomaí ciall a baineadh as Louhi,

chuaigh Sampo in aois ag na scéalaithe

agus mhaslaigh Louhi í féin ag insint léi,

b'í an véarsaíocht ba trúig bháis do Vipunen

más súgach an sórt bás a fuair Lemminkäinen.

Scéalta de chineál eile atá agam:

scéalta iad a d'fhoghlaim mé,

scéalta a phioc mé suas ón díog,

scéalta a fuair mé amuigh san fhraoch,

scéalta a bhain mé as measc an chonnaidh,

scéalta a d'fhás idir na plandaí ísle,

scéalta a fuair mé liom abhaile

ó thuras buachailleachta fadó,

scéalta ó na túrtóga meala,

scéalta a d'inis an bhó dhubh dom,

scéalta a d'aithris an tarbh breac.

Scéalta a dhúisigh ionam le teacht an tseaca,

scéalta a thit orm mar chith fearthainne,

scéalta a séideadh anuas orm le gaoth na spéire,

scéalta a siabadh orm le tonnta na farraige,

scéalta a cheol na héanacha dom,

scéalta a shiosc an choill liom,

scéalta a luchtaigh mé ar mo charr sleamhnáin,

scéalta a thug mé liom chuig mo mhuintir,

agus an chuid acu nár thoill isteach ansin,

chuir mé faoi bhéillic iad

nó sa chiste mhór copair.

Is fada ag fanacht lena seal iad

agus iad fágtha i leataobh, mo chuid laoithe.

An mba mhiste iad a tharraingt anuas

agus a thabhairt chun solais,

an ciste a chur i lár an urláir

agus an taisce a oscailt?

Tógfaidh mé amach ceann maith

agus leathfaidh mé amach an chuid eile acu

mar a bheifeá ag meilt seagail don arán

agus á chur ar coipeadh le haghaidh leanna.

Ach mura maith libh blas an bhia

agus más leamh libh an léann féin

bíodh aige, más amhlaidh,

níl ach blas an uisce fágtha ansin

sa scéal i ndiaidh lae fhada

san amhrán a canadh istoíche

le ball bán an lae úir a fháiltiú.

Tionchar Kalevala[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid den litríocht dhomhanda atá i gKalevala inniu, agus d'imir sé a thionchar ar a lán ealaíontóirí agus scríbhneoirí san Fhionlainn féin chomh maith leis an gcoigríoch.

Is léir gur san Fhionlainn ba thúisce a chuaigh Kalevala i gcion ar na healaíontóirí. Tharraing an file náisiúnta Aleksis Kivi ar Khalevala ina gcuid scríbhneoireachta, go háirithe sa dráma a bhunaigh sé ar scéal Khullervo. Scríobh file tábhachtach eile, Eino Leino, a lán dánta faoi mhóitifeanna de chuid Khalevala. Bhunaigh an ceolchumadóir Jean Sibelius rogha a chuid saothar ar an eipic freisin. Ba é Akseli Gallén-Kallela an duine ba thábhachtaí de na péintéirí a chuaigh ar lorg ábhair i gKalevala.

D'fhoghlaim J.R.R. Tolkien roinnt Fionlainnise, agus an-suim aige in imeachtaí agus i gcarachtair Khalevala. Bhunaigh sé Turin (príomhcharachtar an scéil úd The Children of Hurin) ar Khullervo i gKalevala.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]