Aino

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Carachtar tábhachtach in eipic náisiúnta na Fionlainne, Kalevala, is ea í Aino. Cailín óg álainn í, agus is deartháir di an laoch óg Joukahainen. Nuair a casadh Väinämöinen, an seandraoi, ar Joukahainen ar an mbealach mór, ní raibh ceachtar den bheirt sásta an tslí a ghéilleadh don fhear eile, agus sa deireadh, thosaigh siad ag canadh amhráin draíochta agus orthaí i gcomórtas le chéile. Sa deireadh, fuair Joukahainen é féin sáite istigh i bpoll portaigh ag an gcumhacht a bhí i gcuid amhránaíochta an tseanfhir. Le teacht slán as an gcruachás seo, gheall sé a dheirfiúr do Väinämöinen mar bhean chéile. Thaitin an smaoineamh go mór le máthair Aino, nó bhí sí barúlach gur fear mór tábhachtach ab ea é Väinämöinen, agus go mbeadh sé onórach aici an cailín a phósadh ar a leithéid de ghróintín. Níor aontaigh Aino léi, nó b'fhearr léi í féin a bhá ná seanfhear a phósadh. Rinne Väinämöinen iarracht í a tharrtháil, ach in áit an chailín, ní bhfuair sé ach iasc. Nuair a d'fhéach sé leis an mbreac a mharú, d'éalaigh sé uaidh. Aino a bhí ann, i gclí an éisc.

Níltear cinnte, an raibh an t-ainm sin Aino ann ar aon nós sa bhéaloideas. Creideann go leor saineolaithe nach bhfuil ann ach athfhoirm fhileata den fhocal Fionlainnise ainoa a chiallaíonn "an t-aon cheann amháin". Mar sin, is dócha nárbh é "mo dheirfiúr Aino" a bhí i gceist ag Joukahainen ach "an t-aon deirfiúr amháin atá agam", agus gurbh é Elias Lönnrot, eagarthóir na heipice, an chéad duine a bhain ciall an ainm as an bhfocal.

Inniu, is gnáthainm mná é Aino san Fhionlainn. Is iomaí cailín a baisteadh as Aino nuair a bhí an náisiúnachas rómánsúil ag rith damhsa sa tír i dtús na fichiú haoise, agus bhí Aino ar an ainm ba choitianta ar na mná Fionlannacha sna 1920idí. Ansin, d'éirigh sé ní ba neamhghnáiche arís, ach inniu, i dtús na tríú mílaoise, tá an tseanráchairt ar an ainm arís, mar a bhí sna fichidí.

I bhféilire ainmneacha na Fionlainne, ceiliúrtar lá Aino ar an deichiú lá de Mhí Bealtaine.

Mná mór le rá ar baisteadh an t-ainm Aino orthu[athraigh | edit source]

  • Aino Aalto née Aino Marsio, bean chéile an ailtire mhóir Alvar Aalto. Bhí sí féin ina hailtire agus ina dearthóir.
  • Aino Ackté, an chéad réaltóg idirnáisiúnta ón bhFionlainn i saol na ceoldrámaíochta clasaicí.
  • Aino Kallas née Aino Krohn, scríbhneoir. Phós sí Oskar Kallas, taidhleoir Eastónach, agus shocraigh sí síos san Eastóin. Scríobhadh sí scéalta rómánsúla tragóideacha faoi mhóitífeanna Eastónacha, go háirithe Sudenmorsian ("Brídeog an Mhic Thíre"), Reigin pappi ("An Ministir i Reigi") agus Barbara von Tisenhusen.
  • Aino-Kaisa Saarinen, scíálaí trastíre
  • Aino Sibelius née Aino Järnefelt, bean chéile an cheolchumadóra Jean Sibelius