An Chairéilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cairéilis
(karjala)
Á labhairt: An Rúis, An Fhionlainn
Réigiún: Poblacht na Cairéile
Cainteoirí san Iomlán: 118,000
Rang: ~
Líne ghinealaigh: Úrailis

 Fionn-Úgrais
  Finneach
   Cairéilis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: ~
Foras Pleanála Teanga: Níl údarás teanga ann
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 ~
ISO 639-2 krl
ISO 639-3 krl
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Fhinneach is ea í an Chairéilis. Tá an teanga seo á labhairt i bPoblacht na Cairéile in iarthuaisceart na Rúise. Tá an teanga an-chosúil leis an bhFionlainnis ach níl siad intuigthe go rómhaith ag cainteoirí a chéile.

Labhraítear an Chairéilis i bPoblacht na Cairéile thar aon áit eile. Thairis sin, tá sí ó dhúchas ag dornán daoine i gCúige Tver, níos faide ó dheas sa Rúis. Rinne na Cairéalaigh imirce go Tver i ndiaidh na bliana 1617, nuair a thit fód a ndúchais leis an tSualainn, agus eagla orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu ar chúiseanna reiligiúin.

Is deacair a rá, cá mhéad duine a labhraíonn an teanga inniu. Bhí sí á labhairt ag tríocha míle duine san Fhionlainn féin roimh an Dara Cogadh Domhanda, ach nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an chuid den Chairéil a bhain leis an bhFionlainn, scaipeadh na Cairéalaigh seo ar fud na Fionlainne. Ansin, ligeadh an teanga i ndearmad, go háirithe nuair a d'fhás an chéad ghlúin eile aníos, agus iad ag foghlaim na Fionlainnise mar phríomhtheanga. Mar sin féin, glactar leis go bhfuil Cairéilis ag deich míle duine, a bheag nó a mhór, san Fhionlainn.

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur minic a thugann na Fionlannaigh "Cairéilis" ar an gcineál Fionlainnise a labhraítear faoin tuath in Oirthear na Fionlainne inniu, go háirithe timpeall Joensuu. Ní Cairéilis atá ann ach canúint Fionlainnise nach bhfuil mórán difríochta idir í agus canúintí eile an oirthir i ndiaidh an iomláin. Scéal eile ar fad gur chuir cuid mhór fíor-Chairéalaigh fúthu sa taobh seo den tír i ndiaidh an chogaidh, go háirithe i Valtimo, ceantar tuaithe i dtuaisceart chúige na Fionlainne Thoir. Tá tionchar na gCairéalach le haithint i gcónaí ar shaol, ar chanúint agus ar chultúr Valtimo.

Cé go bhfuil na Rúisigh ina dtromlach i bPoblacht na Cairéile sa Rúis inniu, is féidir teacht ar shráidbhailte faoin tuath ansin i gcónaí ina bhfuil Cairéilis ó dhúchas ag gach aon duine. Cairéalaigh is ea iad duine as gach naonúr (11 % den daonra) i bPoblacht na Cairéile, ach is follasach nach bhfuil an teanga ag gach duine a deir gur Cairéalach é féin.

Is deacair aon teanga scríofa amháin a chaighdeánú don Chairéilis. Is gnách trí phríomchanúint a aithint:

  • an Fhíor-Chairéilis (Fionlainnis: varsinaiskarjala, Rúisis: собственно карельский, sobstvenno karelskiy). Tá fochanúint Thuaisceartach na Fíor-Chairéilise (Fionlainnis: vienankarjala, viena) an-chosúil leis an bhFionlainnis, agus is féidir a mhaíomh nach bhfuil ann ach canúint de chuid na Fionlainnise. Maidir le fochanúint Dheisceartach na fíor-Chairéilise (Fionlainnis: eteläkarjala), tá an tionchar Rúisise i bhfad níos láidre uirthi, agus í sách dothuigthe ag na Fionlannaigh. Leis an ngrúpa seo a bhaineann canúint Tver, mar shampla
  • Cairéilis Olonets (Fionlainnis: aunuksenkarjala, Cairéilis Olonets: livvi, Rúisis: ливвиковский, livvikovskiy). Labhraítear an chanúint seo timpeall Olonets.
  • Lúidis (Fionlainnis: lyydi, Lúidis: lüüdin kiel´). Tá an chanúint seo á labhairt timpeall Kondopoga (Fionlainnis: Kontupohja) agus Pryazha (Fionlainnis: Prääsä).

Samplaí[athraigh | edit source]

Cairéilis Olonets

Jumal suvaičči muailmua muga äijäl, ga andoi aino Poijan, ku ni üksi häneh uskojis ei kaduos, a suas ilmanigäzen eloksen. (Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Eoin, an tríú caibidil, an séú véarsa déag.)

Fionlainnis, ar mhaithe leis an gcomparáid: Sillä niin on Jumala maailmaa rakastanut, että hän antoi ainokaisen Poikansa, jottei yksikään, joka Häneen uskoo, hukkuisi, vaan saisi iankaikkisen elämän.

Gaeilge (de réir Bhíobla Mhaigh Nuad): "Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin, gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige."

As Vicipéid na Cairéilise
Zinaida Dubininan nimi on hüvin tundiettu meijän Karjallas. Häi on karjalan kielen da kul’tuuran tiedäi da kannattai. Inehmine mielihüväl kirjuttau kerdomuksii, suarnoi da runoloi omas küläs Kotkatjärves, čomas luonnos. Häi tahtou, ku kaikiel muailmas tundiettuu Kalevala-eepossua Anuksen karjalazet voidas lugie omal muamankielel, sendäh kiändäü eeppillizii runoloi livvikse. Tärgiennü ruavonnu hänen mieles on Biblien kiändämine. Häi on varmu, ku “kniigoin kniigu” da usko avvuttau ristikanzale hengillizesti kehittüö da muuttua parembakse.
Fionlainnis
Zinaida Dubininan nimi on hyvin tunnettu meillä Karjalassa. Hän on karjalan kielen ja kulttuurin tuntija ja tukija. Hän kirjoittaa mielellään kertomuksia, tarinoita ja runoja omasta kylästään Kotkatjärvestä ja sen kauniista luonnosta. Hän toivoo, että Aunuksen karjalaiset voisivat lukea koko maailman tuntemaa Kalevala-eeposta omalla äidinkielellään, ja kääntää siksi eeppisiä runoja livviksi. Tärkeänä työnä hänen mielessään on Raamatun kääntäminen. Hän on varma, että "kirjojen kirja" ja usko auttaa ihmistä kehittymään henkisesti ja tulemaan paremmaksi.
Gaeilge
"Tá an-aithne ar ainm Zinaida Dubinina anseo sa Chairéil. Tá sí ina saineolaí ar theanga agus ar chultúr na Cairéile, agus is crann taca don dá rud í. Is maith léi scéalta, seanchas agus dánta a bhreacadh síos faoina sráidbhaile dúchais féin, Kotkatjärvi, agus an dúlra álainn timpeall na háite. Ba mhaith léi go bhféadfadh Cairéalaigh Olonets Kalevala, an eipic ar chuala an saol mór iomrá uirthi, a léamh ina dteanga dhúchais, agus í ag cur Cairéilis Olonets ar dhánta eipiciúla mar sin. Tá sí den bharúil gur obair thábhachtach é Cairéilis a chur ar an mBíobla, agus í cinnte go gcabhraíonn 'Leabhar na Leabhar' agus an creideamh leis an duine forbairt agus feabhsú a dhéanamh."