Valtimo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Valtimo

Ceantar nó kunta i gCúige na Fionlainne Thoir é Valtimo. Sa bhliain 2008, bhí dhá mhíle go leith de dhaoine ina gcónaí ansin. Tá an ceantar 838 ciliméadar cearnacha ar achar, agus é ag críochantacht le Nurmes, Rautavaara agus Sotkamo. Tá cnoic, nó fiú sléibhte beaga, i Valtimo a shroicheann a fhad le 335 méadar aníos ó dhromchla na farraige.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, chuir timpeall ar mhíle duine ó Suojärvi sa Chairéil fúthu i Valtimo, nuair a ghéill an Fhionlainn a gceantar dúchais don Aontas Shóivéadach. Is í an Chairéilis, seachas an Fhionlainnis, teanga dhúchais an lucht imirce seo, agus í le cloisteáil i Valtimo inniu féin.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile