Aleksis Kivi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Aleksis Kivi (10 Deireadh Fómhair 1834 - 31 Nollaig 1872), nó Alexis Stenvall, mar ab ainm dó ar dtús, bunaitheoir na litríochta Fionlainnise. B'eisean a scríobh an chéad úrscéal Fionlainnise riamh, mar atá, Seitsemän veljestä ("Seachtar deartháracha").

A Shaol[athraigh | edit source]

Aleksis Kivi

Saolaíodh Alexis Stenvall sa bhliain 1834 i bparóiste Nurmijärvi i sráidbhaile Palojoki, nó Paloo, mar a thugtar ar an áit i gcanúint a muintire féin. Gréasaí ab ea é a athair, Eric Johan Stenvall. Anna Christina ab ainm dá mháthair, née Hamberg. Bhí triúr mac ann roimhe, agus rugadh iníon ina dhiaidh, Agnes, a cailleadh nuair a bhí sí ina déagóir óg. Bhí an dá theanga, idir Shualainnis agus Fhionlainnis, á labhairt i Nurmijärvi nuair a bhí Alexis ina bhuachaill, agus dealraíonn sé go raibh an tSualainnis ar a thoil aige ó thús. Ar a laghad, nuair a chuaigh sé ar scoil i Heilsincí agus é aon bhliain déag d'aois, d'fhoghlaim sé an tSualainnis go paiteanta. Nuair a bhí sé ar scoil, thosaigh sé ag brionglóidigh faoi scríbhneoireacht, agus dúirt sé le cara leis gur theastaigh uaidh "bheith ina fhile, cosúil le Runeberg". Ina scoláire dó, chum sé filíocht as Sualainnis, agus rinne sé iarracht dráma Sualainnise dá chuid féin a stáitsiú in éineacht leis na daltaí eile.

Bhí an bochtanas ag teannadh ar Alexis, áfach, agus b'éigean dó éirí as an scoil sa bhliain 1852. Lean sé leis ag staidéar sa bhaile, áfach, agus chuaigh sé faoi scrúdú ardteistiméireachta nuair a bhí sé trí bliana fichead d'aois. Ar dtús, cuireadh chun scoile é le go ndéanfaí ministir de, ach nuair a chuaigh sé ar an ollscoil, bhí sé meáite ar dul le scríbhneoireacht, beag beann ar an diagacht.

I ndiaidh staidéar ollscoile, shocraigh Alexis síos i Siuntio (Sjundeå as Sualainnis) i dteach Fanjunkars. Bhí Charlotta Lönnqvist, bean an tí a bhí fiche bliain ní ba sine ná Alexis, sásta lóistín a thabhairt don fhear óg beagnach saor in aisce, rud a spreag go leor ráflaí, nó síleadh go raibh Alexis ina leannán aici. Ar aon dul, is beag sult a bhainfeadh sí as a chuid scríbhneoireachta, ós rud é go raibh sí dall ar fad ar an bhFionlainnis. San am sin, bhí an Fhionlainnis an-lag i Siuntio, agus tá cuid mhaith Sualainnise á labhairt timpeall na háite inniu féin.

Sa bhliain 1860, chum Alexis an chéad dráma, Kullervo. B'ansin a bhaist sé an t-ainm cleite úd Aleksis Kivi air féin. "Balla cloiche" is brí lena fhíor-shloinne Sualainnise Stenvall, agus ar dtús, theastaigh uaidh an t-ainm sin a lomaistriú go Kivivalli. Ansin, áfach, d'fhág sé an -valli ar lár, agus ghlac sé leis an sloinne Kivi, a chiallaíonn "Cloch". Bhí Kullervo bunaithe ar mhóitíf as Kalevala, eipic náisiúnta na Fionlainne, ach níorbh é sin an t-aon chineál litríochta a bhí léite aige. A mhalairt ar fad, bhí sé eolach ar shaothar William Shakespeare agus ar an litríocht chomhaimseartha Lochlannach.

Bhain Kivi amach roinnt duaiseanna sna 1850idí agus sna 1860idí lena chuid drámaí, go háirithe le Nummisuutarit ("Gréasaithe an Mhachaire"), a bhí bunaithe ar an dráma Sualainnise, Bröllopsdansen ("Rince na Bainise") a scríobh Kivi sula ndeachaigh sé le scríbhneoireacht Fionlainnise. Thuill Nummisuutarit duais an Stáit dó sa bhliain 1865, agus inniu féin, tá sé ar an dráma is minicí a stáitsítear san Fhionlainn.

Bhí cuid mhaith urraithe agus lucht tacaíochta ag Kivi i measc lucht léinn Heilsincí, agus muinín acu as Kivi agus a bhua scríbhneoireachta. Ní raibh saol na cathrach oiriúnach do Kivi, áfach, nó bhí sé i bhfad róthugtha don bhiotáille, agus ba mhinic a chuaigh sé ar an drabhlás go hiomlán nuair a thosaigh sé ag ól. Mar sin, chaithfeadh a chuid cairde é a shábháil as measc dhruncaeirí na cathrach ó am go ham. B'é lár a leasa é go gcaitheadh sé an chuid ba mhó dá am i Siuntio ag scríbhneoireacht ar a shuaimhneas. Agus an méid sin ráite, bhí an t-uaigneas ag luí ar Kivi go minic i Siuntio, i bhfad ar shiúl óna chuid cairde agus lucht gaoil, rud atá le léamh ar a chuid scríbhinní chomh maith. Níor phós Kivi riamh.

Tá idir rómánsachas agus réalachas le haithint ar shaothar Kivi, agus é ar an chéad phearsantacht láidir i stair litríocht na Fionlainnise. Is féidir a rá gurbh eisean a bhunaigh amharclannaíocht na Fionlainne lena chuid drámaí. Bhí an ról céanna ag Kivi i litríocht na Fionlainne agus a bhí ag Dubhghlas de hÍde, Pádraic Ó Conaire, agus an tAthair Peadar Ua Laoghaire - an triúr acu - i litríocht na Gaeilge.

Sna 1870idí, fuair an bhiotáille an ceann ab fhearr ar Kivi. B'é ba chúis leis ná an fháilte fhuar a bhí ag na léirmheastóirí roimh an úrscéal a chríochnaigh sé i ndiaidh deich mbliana oibre, mar atá, Seitsemän veljestä. B'é an file August Ahlqvist ba mhó a lochtaigh an leabhar, agus an chuma ar an scéal go raibh sé in éad le Kivi. Is é an breithiúnas a bhí aige ar an úrscéal "nach bhféadfaí a leithéid a fhoilsiú in aon teanga shibhialta".

Chaith Kivi tréimhse i ngealtlann Lapinlahti, ach ansin, chuaigh sé ar lóistín i dteach a dhearthára Albert Stenvall i dTuusula. B'ansin a bhásaigh sé i ndiaidh cupla mí, ar an lá deireanach den bhliain 1872. Bhí sé ocht mbliana déag is fiche d'aois. Is iad na focail dhéanacha a labhair sé ná Minä elän, elän - "tá mé i mo bheo i gcónaí, i mo bheo".

A Shaothar[athraigh | edit source]

Drámaí[athraigh | edit source]

  • Bröllopsdansen
  • Lea
  • Nummisuutarit
  • Karkurit ("Na hÉalaitheoirí")
  • Kihlaus ("An Cleamhnas")
  • Olviretki Schleusingenissä ("Ar Lorg na Beorach i Schleusingen")
  • Yö ja päivä ("Oíche is lá")
  • Kullervo

Tá an dráma seo bunaithe ar mhiotas de chuid Kalevala faoi Kullervo, an buachaill a bhí ina dhaor i dteach an fhir (Untamo) a mharaigh a athair Kalervo agus a mhuintir. Nuair a d'éirigh le Kullervo a shaoirse a bhaint amach sa deireadh, d'imir sé a dhíoltas ar uasal agus ar íseal. Sa deireadh, casadh a dheirfiúr air, ach ó nach raibh a fhios aici cérbh í, mheall sé chun comhriachtana í. Nuair a fuair sé amach faoi sin, áfach, chuir sé lámh ina bhás féin.

  • Margareta

Úrscéal[athraigh | edit source]

  • Seitsemän veljestä

Is é Seitsemän veljestä, nó Seachtar Deartháracha, an chéad úrscéal Fionlainnise a scríobhadh riamh. B'é Cumann Litríochta na Fionlainne a d'fhoilsigh é sa bhliain 1870. Tugann sé cur síos greanntragóideach ar shaol seachtar deartháracha agus iad ag fás aníos ina leathdhilleachtaí, ó fuair a n-athair, fear mór sealgaireachta, bás ó lapa an bhéir nuair nach raibh siad ach ina dtachráin nó ina mbuachaillí beaga.

De réir a chéile, tagann siad i mbun a méide, ach ós rud é nach raibh athair ar bith os a gcionn a bhféadfaidís patrún a thógáil leis, níl siad in ann freagracht an fhir fhásta as a saol féin a ghlacadh orthu féin. Tá siad ina staicíní aiféise ag na daoine ina dtimpeall, ag imeacht le fiántas agus ar an drabhlás, agus ní theipeann an tuathal orthu. Sa deireadh, cinneann siad ar oiliúint oibre a tharraingt orthu féin beag beann ar na daoine eile. Mar sin, cuireann siad fúthu i bhfad ar shiúl ón áitreabh daonna, i gcroí na coille duibhe, leis na tailte ansin a thabhairt chun míntíreachais. De réir a chéile, tagann an chiall le haois, agus sa deireadh, tá siad i ndiaidh an oiread aitheantais a bhaint amach dóibh féin is gur féidir leo pósadh agus socrú síos mar fheirmeoirí.

Filíocht[athraigh | edit source]

  • Kanervala