Henrik Gabriel Porthan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Henrik Gabriel Porthan. Ba é an t-ealaíontóir Johan Erik Hedberg a dhathaigh an pictiúr seo sa bhliain 1799.

Ba é Henrik Gabriel Porthan an t-ainm ba tábhachtaí i saol cultúrtha na Fionlainne san ochtú haois déag.

Rugadh Porthan i Viitasaari i Lár na Fionlainne ar an 8, nó ar an 9, Samhain 1739, agus fuair sé bás i dTúrcú ar an 16 Márta 1804. Ba iad an ministir paróiste Sigfrid Porthan agus a bhean Kristina Juslenius a thuismitheoirí.

Nuair nach raibh Henrik Gabriel beag ach cúig bliana, buaileadh a athair breoite le galar intinne, agus cuireadh an buachaill chuig a uncail, ministir paróiste eile. Ní raibh Henrik ach cúig bliana déag, nuair a chuaigh sé go hAcadamh Thúrcú le haghaidh staidéir. Sé bliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach a chéim mar Magister Philosophiae, is é sin, Máistir Fealsúnachta - céim a fhreagraíonn don Mháistir Ealaíon i dtíortha an Bhéarla. Sa bhliain 1760, thosaigh sé ag léachtóireacht san Acadamh. Bhí sé ina leabharlannaí chúnta ón mbliain 1764 anuas, agus sa bhliain 1772, rinneadh leabharlannaí de i Leabharlann na hOllscoile.

Bhí sé ina Ollamh in Acadamh Thúrcú, arbh é an chéad síol le hOllscoil Heilsincí, ón mbliain 1777 anuas. Is é an teideal oifigiúil a bhí air ná professor eloquentiae, is é sin, Ollamh le Deisbhéalaí, nó Ollamh le Reitric. Go praiticiúil, ollúnacht le Laidin, Gréigis agus staire a bhí ann, nó dhírigh Porthan ar na hábhair seo thar aon rud eile. Deirtear, fiú, gurbh eisean "athair na staire" i saol acadúil na Fionlainne. Thug sé isteach modh oibre na heolaíochta i léann na Fionlainne, agus chaith sé i dtraipisí na hipitéisí fánacha faoi bhunús na Fionlainnise a bhí coitianta go dtí sin - roimh lá Phorthan, bhí lucht an léinn san Fhionlainn ag áitiú go raibh gaol ag an bhFionlainnis leis an Eabhrais, cuir i gcás.

Sna blianta 1766-1778, d'fhoilsigh Porthan a thráchtas faoi fhilíocht tíre na bhFionlannach, De poesi Fennica. Ní raibh Porthan féin ag saothrú na Fionlainnise, áfach - scríobh sé a chuid saothar i Sualainnis agus i Laidin. Bhí sé den tuairim, fiú, go raibh an Fhionlainnis ag dul in éag agus nach mbeadh le déanamh ach filíocht na bhFionlannach a bhreacadh síos agus a aistriú go Laidin le haghaidh na nglúinte a bhí le teacht.

Mar sin féin, ba mhór an spreagadh í obair Phorthan do lucht saothraithe na Fionlainnise. Nuair a bhunaigh Porthan iris Sualainnise dá chuid féin, Tidningar utgifne i Åbo, rith le Antti Lizelius, sa bhliain 1775, an chéad iris Fionlainnise - Suomenkieliset Tieto-Sanomat ("Teachtaireachtaí Eolais as Fionlainnis") - a fhoilsiú. Bhí Lizelius ábalta an leathmhíosachán seo a choinneáil ag imeacht ar feadh aon bhliain amháin. Ina dhiaidh sin féin, éacht mór ceannródaíochta a bhí ann.

Is léir gur tharraing tráchtas Phorthan súil an domhain léannta i dtreo fhilíocht tíre na Fionlainne an chéad uair. Sa naoú haois déag, chuaigh Elias Lönnrot ag taisteal na tíre ar lorg na ndánta agus na laoithe arb iad amhábhar an dá mhórshaothar filíochta úd Kalevala agus Kanteletar a tháinig ó pheann Lönnrot. Is ar éigean a rithfeadh le Lönnrot an obair seo a chur i gcrích gan an cheannródaíocht a rinne Porthan roimhe.

Scríobh Porthan tráchtas faoi phiseoga na bhFionlannach ársa fosta, mar atá, De superstitione veterum Fennorum theoretica et practica (1782), agus rinne sé iarracht foclóir sanasaíochta Fionlainnise agus gramadach Fionlainnise a scríobh, obair nach raibh sé i ndán dó a chur i gcrích roimh a bhás, áfach. Mar sin féin, chuir sé an lucht léinn a tháinig ina dhiaidh ar bhealach a leasa leis na saothair seo.