Túrcú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Túrcú
Turun kaupunki – Åbo stad
Túrcú
Suíomh

60°27′ Thuaidh 22°16′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Finland.svg An Fhionlainn
Cúige: Länsi-Suomen lääni
Méara: Mikko Pukkinen
Déimeagrafaic
Achar: 306.42 km²
Daonra: 175,286[1]
Dlús daonra: 722/km²
Crios ama: CET/CEST (UTC+2/+3)
www.turku.fi

Is í Túrcú (Turku i bhFionlainnis agus Åbo i Sualainnis, an dara theanga sa tír) in iardheisceart na Fionlainne an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar Heilsincí. Chuaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualannach go lámh na Rúise i ndiaidh Chogadh na Fionlainne sna blianta 1808-9, agus glactar leis go coitianta go raibh sé de rún ag Impire na Rúise an Fhionlainn a scaradh ón tSualainn tríd an bpríomhchathair a athrú go háit ba chóngaraí don mháthairthír. Na hoifigí Rialtais a fágadh i dTúrcú, haistríodh iad féin go Heilsincí i ndiaidh an dóiteáin mhóir a rinne an-damáiste ar an gcathair sa bhliain 1827.

Stair[athraigh | edit source]

D'fhás an t-áitreabh san 13ú haois timpeall ar Chnoc Unikankare, agus sa bhliain 1300, tógadh Ard-Eaglais ar an gcnoc. B'ansin a bhí lárionad an chreidimh agus na trádála san Fhionlainn le linn na Meánaoise. Bhí caisleán suite i gcóngar don Ard-Eaglais leis an áit a chosaint ar na foghlaithe iasachta, ach mar sin féin, chreach na Rúisigh ó Novgorod an chathair sa bhliain 1318, agus d'ionsaigh na Danmhargaigh í faoi dhó sa chéad leath den tséú haois déag.

Caisleán Thúrcú

I ndiaidh na Meánaoise féin, bhí Túrcú ina príomhchathair ar an bhFionlainn. Bhí Eoin III, Rí na Sualainne, ina Ard-Diúc ar an bhFionlainn sular bhain sé amach ríchathaoir na Sualainne, agus sna blianta 1556-1563, bhí sé ag reáchtáil cúirte i gCaisleán Thúrcú i stíl mhaithe agus mhóruaisle na hEorpa. Bunaíodh a lán institiúidí agus forais thábhachtacha i dTúrcú sa tseachtú haois déag, nuair a bhí an saol síochánta, cosúil leis an Acadamh Ríoga sa bhliain 1640, an chúirt dlí sa bhliain 1620, nó oifigí an rialtais chúigiúil sa bhliain 1617.

Sa chéad leath den ochtú haois déag, chuir an tSualainn agus an Rúis dhá chogadh ar a chéile - Cogadh Mór an Tuaiscirt (1700-1720) agus Cogadh na Hataí (1742-1743). (Is éard atá i gceist leis na Hataí ná an páirtí frith-Rúiseach i bpolaitíocht na Sualainne san am - is é an leasainm a bhí ar an bpáirtí eile ná na Caipíní.) I rith an dá chogadh, shealbhaigh na Rúisigh an Fhionlainn ar feadh tréimhse, agus a fhad is a mhair an fhorghabháil, bhí rialtas míleata na Rúiseach suite i dTúrcú. Is é an t-ainm a thug na Fionlannaigh ar an dá thréimhse forghabhála ná "fearg" - "An Fhearg Mhór" sna blianta 1713-1721, agus "An Fhearg Bheag" sna blianta 1742-1743.

Sa dara leath den ochtú haois déag, bhí an saol ní ba síochánta arís, agus thosaigh fás ag teacht ar an tionsclaíocht sa chathair, cosúil leis an longcheártaíocht agus le tionsclaíocht an tobac. Tháinig an cultúr sna salaí ag an eacnamaíocht, nó sa bhliain 1771, bunaíodh an chéad iris nó nuachtán sa chathair, Tidningar utgifne af et Sällskap i Åbo ("Scéalta á bhfoilsiú ag cumann áirithe i dTúrcú"), nó Åbo Tidningar ("Scéalta Åbo"). Bhí an iris á foilsiú go dtí an bhliain 1778 agus arís sna blianta 1782-85. B'é Henrik Gabriel Porthan, a rinne an-taighde ar an mbéaloideas Fionlannach, a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris. Go bunúsach, b'é Cumann Aurora, cumann liteartha agus tírghráúil, a bhí ag foilsiú na hirise, ach go praiticiúil, tháinig deireadh le hobair an chumainn i rith na mblianta, agus thit sé ar chrann Porthan an iris a choinneáil ag imeacht.

I ndiaidh chogadh na mblianta 1808-1809, thit an Fhionlainn ón tSualainn le hImpireacht na Rúise. Bhí an tImpire buartha faoi chomh cóngarach agus a bhí Túrcú do Stócólm, agus sa bhliain 1812, hathraíodh feidhmeanna na príomhchathrach soir go Heilsincí. Ar an 4 Meán Fomhair 1827, chuaigh Túrcú trí thine, nuair a bhí na tithe adhmaid triomaithe i ndiaidh an tsamhraidh the, agus na splancacha ag dul ó theach go teach go sciobtha. Fuair seachtar is fiche de dhaoine bás sa dóiteán, agus fágadh 11,000 duine gan teach gan dídean. Bhí an chathair léirscriosta chomh dona is gur chinn na húdaráis an chuid eile d'fheidhmeanna na príomhchathrach, go háirithe an tAcadamh, a aistriú go Heilsincí chomh maith. Fágadh Ard-Easpag Liútaránach na Fionlainne ag obair i dTúrcú, áfach, agus inniu féin, tá Túrcú ina príomhchathair reiligiúnach ar an bhFionlainn.

Geograife[athraigh | edit source]

Tá Túrcú ar an mbeagán cathracha san Fhionlainn a tháinig ar an bhfód go nádúrtha, gan aon ordú oifigiúil faoi bhunú na cathrach. Is é is cúis leis sin ná an gheograife, nó tá inbhear breá isteach go lár na cathrach, rud a fhágann gur dual di bheith ina háit mhór trádála.

Níl ach caolas farraige idir Túrcú agus Stócólm, agus na longa paisinéirí ag dul eatarthu go tiubh.

Ard-Eaglais Thúrcú (1814)

Oideachas[athraigh | edit source]

Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (Katedralskolan i Åbo), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil ("Acadamh Åbo") sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, Åbo Akademi, an ollscoil Sualainnise, agus Turun Yliopisto, an ollscoil Fionlainnise.

Le Feiceáil[athraigh | edit source]

I ndiaidh an dóiteáin féin, maireann go leor iarsmaí den Mheánaois i dTúrcú, rud is annamh san Fhionlainn, ó tá cuma an-nua-aimseartha - ró-nua-aimseartha b'fhéidir - ar go leor den tír. Is í an Ard-Eaglais suaitheantas Thúrcú, ach thairis sin, tá an Caisleán ann, cé go ndearna na buamaí Sóivéadacha an-dochar dó i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Ritheann Abhainn Aura (Fionlainnis: Aurajoki, Sualainnis: Aura å) tríd an gcathair, agus cuid de shaol samhraidh na cathrach é an dóigh a mbíonn lucht na spaisteoireachta ag trasnú na habhann ar an mbád traidisiúnta farantóireachta, Föri, cé go bhfuil go leor droichid ann chomh maith.

Tá roinnt iarsmalann ag oibriú sa chathair, ach is í Aboa Vetus & Ars Nova an ceann is nua acu. Ar dtús, ní raibh ach dánlann na healaíne nua-aimseartha - Ars Nova - le bunú ansin, ach nuair a bhí dúshraith á cur faoin músaem, tháinig na tógálaithe ar an oiread iarsmaí ón Meánaois gur hathraíodh an bunsmaoineamh, agus cuireadh Aboa Vetus - músaem Shean-Túrcú - ar bun san áit chéanna le hArs Nova. hOsclaíodh an dá mhúsaem sa bhliain 1995.

Tagairtí[athraigh | edit source]