Åbo Akademi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í Åbo Akademi (Túrcú, An Fhionlainn) an t-aon ollscoil amháin taobh amuigh den tSualainn ina bhfuiltear ag teagasc trí mheán na Sualainnise. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1918, agus san am sin, bhí trí roinn ann: Roinn na nEalaíon, Roinn na Matamaitice is na hEolaíochta, agus Roinn na hEolaíochta Polaitiúla.