An Túinéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Túinéis
تونس (ar) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHumat Al Hima (12 Samhain 1987) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«حرية، كرامة، عدالة، نظام» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósTúinis Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 34°N 10°E / 34°N 10°E / 34; 10

PríomhchathairTúinis Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán11,565,204 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús70.69 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Afraic Thuaidh
European Union tax haven blacklist (en) Aistrigh (–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla163,610 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeJebel ech Chambi (en) Aistrigh (1,544 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleShatt al Gharsah (en) Aistrigh (−17 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síCoimirceas Francach na Túinéise Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú20 Márta 1956
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach agus semi-presidential system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Túinéise Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Ionadaithe an Phobail Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Túinéise Cuir in eagar ar WikidataMuhammad VIII al-Amin (1956–1957) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Túinéise Cuir in eagar ar WikidataAhmed Hachani (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil46,687,298,709 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraTunisian dinar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.tn Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+216 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála190, 198, 193 agus 197 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreTN Cuir in eagar ar Wikidata
An Túinéis

Is tír í an Túinéis (Araibis: تونس) atá suite i dTuaisceart na hAfraice. Tá teorainn aici leis an Ailgéir, agus an Libia. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 11.50 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain 2018. Is í Túinis an phríomhchathair.

Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an Aontas Eorpach agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach.

Stair na tíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi riail an Impireacht Otamánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an chéad ghabháil Otamánach ar an Túinéis sa bhliain 1534 faoi cheannas Barbarossa Hayreddin Pasha le linn ré Suleiman Ollásach. Bhí ar an Impireacht Otamánach athghabháil a dhéanamh ar an Túinéis chun smacht ar an tír a fháil ar ais ón Spáinn sa bhliain 1574. Bhí siad i gceannas ar an tír go dtí gabháil na Francaigh sa bhliain 1881.

I dtosach bhí an tír faoi rialtóir (Pasha) ach roimh bhfad is réigiún uathrialaitheach faoi ceannas áitiúil (na 'Beyigh') taobh istigh den Impireacht a bhí ann. Mhair an féinriail seo faoi na Beyigh Hussein idir 1705 go dtí neamhspleáchas i 1957. Le linn na tréimhse seo, bhí scothaicme iasachta i gceannas ar an tír agus bhí Tuircis mar theanga gnó an stáit.

Faoi riail na Fraince[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1869, d'fhógair an Túinéis go raibh sí bancbhriste. Tháinig coimisiún idirnáisiúnta isteach chun geilleagar na tíre a riaradh. Tháinig na Francaigh i gcumhacht le linn na 1880'í. Rinne an Fhrainc ionradh ar an Túinéis in 1881 le thart ar 36,000 saighdiúir. Bhí an Túinéis mar choimirceas de chuid an Fraince ón bhliain 1883.

Faoi na Francaigh, bhí béim ar áitreabh Eorpach a fhorbairt agus tháinig méadú ar líon na Francaigh sa tír. Faoi 1945 bhí 144,000 daoine ón Fhrainc sa tír.

Idir 1942 agus 1943 bhí an Túinéis mar suíomh de Feachtas na Túinéise. Bhí roinnt catha ann idir An Ais agus na Comhghuaillithe. Is é an Túinéis an t-aon Tír Arabach a bhí faoi forghabháil na Gearmánaigh le linn An Dara Cogadh Domhanda. Bhí na Gearmánaigh chun cinn i dtosach, ach bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe ar deireadh.

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an Túinéis a neamhspleáchas amach sa bhliain 1956. Bhí Habib Bourguiba chun thosaigh san feachtas chun neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí sé mar chéad Uachtarán na tíre tar éis neamhspleáchas chomh maith. Is é an gluaiseacht shaolta 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique' (RCD) a bhí i gcumhacht sa tír tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.

In 1987 d'fhógair dochtúirí go raibh Habib Bourguiba ró-thinn chun a bheith mar cheannaire na tíre agus tháinig Príomh Aire Zine El Abidine Ben Ali isteach mar Uachtarán ó 1987 go dtí an bhliain 2011. Bhí corbadh curtha ina leith go minic le linn a cheannaireacht. D'áitigh eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós "Tarscaoileadh Idirnáisiúnta" agus 'Freedom House' go raibh cearta daonna sáraithe ag an rialtas le linn ceannaireacht Ben Ali agus chur sé bac ar obair eagraíochtaí ar son cearta daonna sa tír.

Earrach na nArabach agus réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Réabhlóid na Túinéise ina fheachtas dian easumhlaíocht shibhialta. Bhí na ceardchumann chun cinn sna hagóidí. Bhí na hagóidí seo mar spreagadh do Earrach na nArabach. Is é bás Mohamed Bouazizi, díoltóir sráide a chur lámh ina bhás féin nuair a chur sé é féin trí thine ar 17 Nollag 2010 toisc go raibh a chuid earraí coigistithe agus é náirithe ag oifigeach bardasach, a bhí mar thúsphointe den réabhlóid. Bhí olc ar na daoine agus bhí feachtas agóidíochta agus foréigean ar na sráideanna. D'éirigh an tUachtarán Zine El Abidine Ben Ali as oifig ar [[14 Eanáir]] [[2011]] tar éis 23 bliain mar cheannaire na tíre. Lean na agóidí ar aghaidh go dtí go raibh cosc curtha ar an páirtí a bhí i gcumhacht, an 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique'.

Ar an 23ú Deireadh Fómhair 2011 bhí toghchán agus d'fhógair breathnóir neamhchlaonta idirnáisiúnta go raibh sé saor agus cothrom. Is é an gluaiseacht 'Ennahda' a bhfuair an méid suíochán is mó, 90 as 217. Ar 12 Nollaig 2011 bhí Moncef Marzouki, iar-ghníomhaí ar son cearta daonna, tofa mar uachtarán.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dhaonáireamh 2014, bhí daonra 10,982,754 sa Túinéis.[1] Buíochas le clár pleanail clainne, tháinig laghdú ar fhás an daonra sa Túinéis go 1% go bliantúil.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Araibis teanga oifigiúil na tíre agus is í Araibis na Túineise teanga an phobail. Tá lucht labhartha beag freisin ag teangacha na mBeirbeireach (timpeall 28,000 de réir Ethnologue).

Cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici, tá an Fhraincis an-tábhachtach sa Túinéis. Ag an iar-bhunscoil, múintear eolaíocht tríthi. Úsáidtear go forleathan an teanga i gcúrsaí oideachais agus gnó agus sna meáin. Sa bhliain 2010, bhí an Fhraincis ag 6 639 000 nó 64% an daonra sa Túinéis.[2] De ghnáth, tá comharthaí siopaí, biachláir agus comharthaí sraide scríofa san Araibis agus san Fhraincis.

Na Cathracha is mó[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dhaonáireamh 2014, is iad na cathracha is mó ná:

Rang Ainm Gobharnóireacht Daonra
1 Túinis Túinis 638,345
2 Sfax Sfax 272,801
3 Sousse Sousse 221,530
4 Ettadhamen-Mnihla Ariana 142,953
5 Kairouan Kairouan 139,070
6 Bizerte Bizerte 136,917
7 Gabès Gabès 130,984
8 La Soukra Ariana 129,693
9 Ariana Ariana 114,486
10 Gafsa Ben Arous 111,170

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an tIoslam an reiligiún oifigiúil agus is mó sa Túinéis. Tá formhór na Túinéiseach ina Sunnaíoch agus tá an chuid eile acu ina Hanafite nó Ibadi. Is í an Chríostaíocht an dara reiligiún is mó sa tír le timpeall 25,000 creidmheach agus is é an Giúdachas an tríú reiligiún is mó le 900 creidmhigh. Meastar gurb í an Túinéis an tír Moslamach is sásta Giúdaigh a glacadh. Ar Djerba, tá pobal Giúdach beag ann le 2,500 bliain.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tajine Túinéiseach

Cumaisctear bia Meánmhuirí agus bia gaineamhlaigh i mbia na Túineise. Cosuil na tíortha Meánmhuirí eile, tá an aiste bia bia bunaithe ar ola olóige, bia mara, feoil agus spíosraí. Tá traidisiún an chócaireacht láidir sa Túineis le béilí dúchasacha mar Brik, Cúscús Túinéiseach, Sailéad Mechouia, Sailéad Túinéiseach, Kefta, Khobz Mella, Lamb à la Gargoulette, Tajine Túinéiseach agus Khobz Tabouna.[3]

Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an sacar an spórt is mó a thaitníonn le daoine sa Túinéis. Sa bhliain 2004 bhuaigh foireann sacair náisiúnta na Túinéise Corn Sacair An Afraic. I ndiaidh an tsacair, imrítear go minic taecuando, cearáité, liathróid láimhe agus lúthclheasaíocht freisin sa Túinéis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]