Éirí amach phobal na Túinéise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léirsió ag tacú leis an éirí amach sa Túinéis i Nantes, an Fhrainc, an 15 Eanáir, 2011.

Is éard is Éirí amach phobal na Túinéise 2010-2011, ar a dtugtar "an Réabhlóid seasmaine" ná sraith eachtraí ceannairceacha sa Túinéis ó mhí na Nollag 2010 go dtí an lá atá inniu ann a ba chúis leis an tUachtarán Zine El Abidine Ben Ali teitheadh ón tír. Bhí an tUachtarán Ben Ali i gceannas ar an Túinéis le 23 bliain agus bhí an pobal millteanach míshásta leis an leatrom a d'imir sé orthu.