Cath Verdun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Verdun, 1916

Bhí Cath Verdun (Fraincis: Bataille de Verdun) ar cheann de na cathanna is tábhachtaí i rith an Chéad Chogadh Domhanda ar an bhFronta Thiar. Bhuaigh arm na Fraince ar arm na Gearmáine tar éis don chath leanúint ar aghaidh ó 21 Feabhra go 18 Nollaig 1916. Fearadh é ar thalamh dronnlaigh ó thuaidh de chathair Verdun-sur-Meuse in oirthuaisceart na Fraince.