Conradh Versailles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomh-Aire Lloyd George na Ríochta Aontaithe, Príomh-Aire Vittorio Emanuele Orlando na hIodáile, Príomh-Aire Georges Clemenceau na Fraince agus Uachtarán Woodrow Wilson na Stát Aontaithe.

Conradh síochána idirnáisíunta ab ea é an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin. Síníodh é ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince, cothrom cúig bliana ón lá a fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire, ceann de na h-eachtraí ba mhó a chuir tús leis. Cé gur chuir an sos cogaidh a bhí sínithe ar an 11 Samhain 1918 stad leis an troid féin, lean an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh sé mhí ag Comhdháil Síochána Pháras sular ghlacadh leis.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.