Nicearagua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República de Nicaragua
Bratach Nicearagua Armas Nicearagua
Bratach Armas
Mana:
Amhrán náisiúnta: Salve a ti, Nicaragua
Suíomh Nicearagua
Príomhchathair Managua
12°9′ Thuaidh 86°16′ Thiar
An chathair is mó Managua
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Rialtas Poblacht
Daniel Ortega
Neamhspleáchas
Ón Spáinn
 
15 Meán Fómhair 1821
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
129,494 km² (97ú)
7.7%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
(107ú)
5,465,100
42/km² (157ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$20.996 billiún (108ú)
$4,100 (119ú)
Airgeadra Córdoba C$ (NIO)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
UTC (UTC-6)
(UTC)
Fearann Idirlín .ni
Glaochód +505

Is tír i Meiriceá Láir í Poblacht Nicearagua (as Spáinnis: República de Nicaragua) a bhfuil teorainneacha aici le Hondúras ó thuaidh agus Cósta Ríce ó dheas. Tá cósta an iarthair ar an Aigéan Ciúin agus cósta an oirthir ar an Mhuir Chairib. Is í Managua an príomhchathair. Is í an tír is mó i Meiriceá Láir í Nicearagua ó thaobh na fairsinge de cé nach bhfuil an daonra níos mó ná na tíortha eile sa réigiún. Cosúil leis an gcuid eile den réigiún, ba chóilíneacht Spáinneach í go dtí gur baineadh a neamhspleáchas amach i 1850. Mar thoradh ar sin, is í an Spáinnis an teanga oifigiúil cé go labhraítear teangacha eile ar chósta na Cairibe, an Béarla ina measc.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Ranna (príomhbhailte):
1 Boaco (Boaco)
2 Carazo (Jinotepe)
3 Chinandega (Chinandega)
4 Juigalpa (Chontales)
5 Estelí (Estelí)
6 Granada (Granada)
7 Jinotega (Jinotega)
8 León (León)
9 Madriz (Somoto)
10 Managua (Managua)
11 Masaya (Masaya)
12 Matagalpa (Matagalpa)
13 Nueva Segovia (Ocotal)
14 Rivas (Rivas)
15 Río San Juan (San Carlos)
Réigiúin Uathrialacha
16 Región Autónoma del Atlántico Norte, RAAN (Bilwi)
17 Región Autónoma del Atlántico Sur, RAAS (Bluefields)

Tá achar 129,494 km² ag Nicearagua agus tá an tír ar chomhéid leis an Ghréig. Tá dhá loch móra i Nicearagua, Loch Nicearagua, an ceann is mó, agus Loch Mhanagua. Tá an príomhchathair Managua, ina bhfuil timpeall 27% den daonra ina chónaí, suite ar bhruacha loch Mhanagua. Tá trí réigiún difriúla i Nicearagua - Ísealchríocha an Aigéin Chiúin, Sléibhte an lár-thuaiscirt agus na hÍsealchríocha Atlantacha. Tá roinnt bolcáin lonnaithe in iarthar na tíre, mar shampla Mombacho díreach taobh amuigh de Granada agus Momotombo gar do León. Ó thaobh an riaracháin de, tá an tír eagraithe i gcúig roinn déag (departamentos) agus dhá réigiún uathrialacha, de réir shamhail na Spáinne, Región Autónoma del Atlántico Norte agus Región Autónoma del Atlántico Sur, ar a dtugtar RAAN agus RAAS. Roimh 1985 ní raibh ach aon réigiún ann, Zelaya. Tá an dara foraois bháistí is mó i Meiriceá sa cheantar Atlantach. Níl mórán daoine ina gcónaí ann agus tá an cósta níos gairbhe ná cósta an Aigéin Chiúin. Timpeall Bluefields cloistear níos mó Béarla ná Spáinnis, mar gheall ar stair an cheantair sin mar chóilíneacht Sasanach, agus tá an ceantar níos cosúla le tíortha na Cairibe ná an chuid eile de Nicearagua.

Stair[athraigh | edit source]

Thóg Nicearagua a hainm ó cheannaire treibhe, Nicaroa, a bhí ina chónaí ar bhruacha Loch Mhanagua nuair a tháinig na chéad ionróirí Spáinneacha sna 1520í. Chuir na Spáinnigh an t-ainm sin le chéile leis an bhfocal agua nó uisce, mar gheall ar na locha móra sna críocha sin. Chuir an conquistador Francisco Hernández de Córdoba tús le dhá lonnaíocht, Granada ar Loch Nicearagua agus León taobh thoir de Loch Mhanagua, i 1524. Ba chuid de ríocht Ghuatamala faoi choróin na Spáinne na bailte sin. Tógadh isteach in Impireacht Mheicsiceo an tír roimh neamhspléachas a bhaint amach mar chuid de Phoblacht Chónaidhmeach Mheiriceá Láir i 1821. Bhain an tír staid amach mar phoblacht i 1838 le briseadh na Cónaidhme. Bhí an tír scoilte idir lucht liobrálach i León agus lucht coimeádach i nGranada. Pléascadh cogaí cathartha amach uaireanta eatarthu mar gheall ar an teannas a bhí ann. Le linn an 19ú haois d'éirigh go maith leis an dtír agus tháinig inimircigh Eorpacha nua ón Ghearmáin is ón Iodáil.

Bhí Nicearagua faoi réim chlann amháin don chuid is mó den 20ú haois, an clann Somoza. Tháinig Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe i dtír i 1909 chun an t-uachtarán Zelaya a ruaigeadh. Bhunaigh SAM an Garda Náisiúnta i 1927 faoi chomhaontú a dhearbhaigh siad chun deireadh a chur leis an iliomad arm beaga a bhí sa tír. Chuir ginearál amháin i gcoinne an chomhaontaithe sin, Augusto César Sandino, agus rinne sé ionsaithe óna chríocha sna sléibhte i dtuaisceart na tíre ó 1927 go 1933, nuair a d'fhág na Muirshaighdiúirí an tír. Tháinig Anastasio Somoza García chun cinn i bpolaitíocht na tíre. Mharaigh lucht Shomoza Sandino tar éis cuireadh a thabhairt dó teacht chun cainte leis i 1934. Thóg Somoza an uachtaránacht i 1936. Dúnmharaíodh é i 1956. Tháinig a mhic i gcomharba air, Luis Somoza Debayle a fuair bás i 1967 agus Anastasio Somoza Debayle.

Tar éis an éirí amach i gCúba ag deireadh na 1950í, bhí na fórsaí frith-Shomoza go mór faoi thionchar na réabhlóide sin. Bhunaigh siad eagraíocht faoin ainm Frente Sandinista de Liberación Nacional (FSLN) agus sandinistas a tugadh orthu. Bhí ceannfort na heagraíochta lonnaithe i gCósta Ríce. Rinne Somoza iarracht iad a chur faoi chois, le cabhair ó SAM, ach faoi dheireadh bhí air olltoghchán a eagrú i 1963, cé gur lean an deachtóireacht ar aghaidh. Bhuail crith talún cathair Mhanagua ar 23 Nollaig 1972 agus d'fhág thart faoi 20,000 marbh. Fuair an tír cúnamh idirnáisiúnta a chuir Somoza agus a chomhghleacaithe ina bpócaí féin, in ionad an chathair a atógáil. D'iompaigh meánaicme na tíre i gcoinne Somoza ina dhiaidh sin. Chuir na Saindinistigh deireadh le réimeas mhuintir Somoza i mí Iúil 1979 lena réabhlóid agus tháinig Daniel Ortega chun cumhachta. Chuir rialtas Ronald Reagan cosc iomlán trádála i bhfeidhm agus thosaigh siad aire míleata a thabhairt do shean-arm Shomoza, ar a tugadh na Contras nó Contraigh (ciallaíonn contra i gcoinne nó frith i Spáinnis). Rinne an choimhlint is an cosc trádála damáiste ollmhór don gheilleagar agus ní raibh na Saindinistigh in ann páirteanna breise a fháil do stáisiúin leictreachas agus a leithéid. Tháinig an cairdinéal Obando y Bravo amach mar phríomhphearsa an fhreasúra le linn na 1980í. Thug sé cuairteanna ar Mhiami, ceanncheathrú na gContrach, mar idirghabhálaí idir na Saindinistigh is na Contraigh.

Bhuaigh Violeta Chamorro, baintreach an eagarthóra nuachtáin frith-Somoza Pedro Joaquín Chamorro a dúnmharaíodh in Eanáir 1978, an toghchán uachtaránachta mí Feabhra 1990 mar cheannaire ar chomhghuaillíocht frith-Shaindinisteach. Chuir rialtas George Bush, a tháinig mar chomharba ar Reagan, deireadh leis an gcosc trádála láithreach. Tháinig iar-mhéara Mhanagua, Arnoldo Alemán, i gcomharba ar Chamorro i 1996. Bhuaigh Enrique Bolaños an t-olltoghchán i gcoinne Ortega i 2001.

Polaitíocht[athraigh | edit source]

Is poblacht í Nicearagua faoi chóras uachtaránachta. Bhain Daniel Ortega an uachtaránacht amach don tríú huair ar 5 Samhain 2006.

Cultúr[athraigh | edit source]

Tá daonra Nicearagua an-óg le timpeall 40% faoi ocht mbliana déag d'aois. Is mestizos iad an chuid is mó dóibh. Tá iarthar na tíre go mór faoi thionchar chultúr na Spáinne ós rud é gur choilíneacht Spáinneach a bhí ann agus tá na búndúchasaigh a bhí ann roimh theacht na n-ionróirí measctha leis an bpobal latino don chuid is mó. Ba choimirceas Briotánach é oirthear na tíre agus tá an Béarla á labhairt ann fós. Tá daoine ó bhunú Afracach ann freisin, lena gceol damhsa féin, an Palo de mayo. Tá cáil ar fhilíocht Nicearagua i measc na tíortha ina labhraítear Spáinnis agus is ceann de na filí is mó aithne é Darío Rubén. Is é an baseball cluiche náisiúnta Nicearagua, toradh ar thionchar SAM.

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • Dialann ó Nicearagua le Peadar Kirby, An Clóchomhar Tta.

Tagairtí[athraigh | edit source]