Uragua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República Oriental del Uruguay
Poblacht Oirthearach Uragua
Bratach Uragua Armas Uragua
Bratach Armas
Mana: Libertad o Muerte
Amhrán náisiúnta: Orientales, la Patria o la tumba
Suíomh Uragua
Príomhchathair Montevideo
34°53′ Theas 56°10′ Thoir
An chathair is mó Montevideo
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Rialtas Poblacht
José Mujica
Danilo Astori
Neamhspleáchas
• Fógraithe
• Glactha leis
ón Bhrasaíl
1825
1828
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
176,215 km² (90ú)
1.5
Daonra
 • Meas. ó 2009
 • Daonáireamh 2002
 • Dlús
 
3,494,382 (131ú)
3,399,237
19.8/km² (195ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2010
US$ 48.14 billiún (96ú)
US$ 14,342 (88ú)
Airgeadra Peso (UYU)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
UYT (UTC-2)
UYST (UTC-3)
Fearann Idirlín .uy
Glaochód +598

Is tír i Meiriceá Theas í Uragua, nó Poblacht Oirthearach Uragua, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil (Spáinnis: República Oriental del Uruguay). Orientales nó Oirthearaigh a thugtar ar mhuintir na tíre féin go minic, go háirithe sa chanúint Spáinnise a labhraítear i dtíortha Río de la Plata. Orientales, la patria o la tumba an teideal atá ar amhrán náisiúnta na tíre féin - "an tír dhúchais nó an uaigh, a Oirthearacha". Tá teorainneacha aici leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín. Is í Montevideo an phríomhchathair. Cathracha eile iad Paysandú, Salto, Artigas, Rivera, Melo, Treinta y Tres, Punta del Este, agus Tacuarembó. Tá thart ar thrí mhilliún is ceithre chéad míle duine ina gcónaí ann. Níl ach 176,220 ciliméadar cearnach d'achar ann, agus mar sin, tá sí ar an gceann is lú de thíortha na Spáinnise i Meiriceá Theas.

Ar an bhfeirmeoireacht is mó a mhaireadh Uragua go dtí le déanaí, ach tá an tír ag dul chun tionsclaíochta ar na saolta seo, agus an ríomhaireacht ag dul chun cinn. Is í Uragua an tír is mó a easpórtálann bogearraí ríomhaireachta i Meiriceá Theas.

Stair Uragua[athraigh | edit source]

Idir an Bhrasaíl agus an Airgintín[athraigh | edit source]

Bhí Uragua, nó Banda Oriental, mar a thugtaí uirthi roimh an neamhspleáchas, ina cnámh spairne idir an Bhrasaíl agus an Airgintín ar feadh i bhfad. D'fheicfeá a rá gur comhréiteach ab ea é stát ar leith a ghairm den chúige seo. Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal nach raibh ann ach ceann de chúigí na hAirgintíne, nó nuair a tháinig gluaiseacht fhrith-Spáinneach ar bun i mBanda Oriental, bhí a ceannaire, iar-bhuachaill bó agus iar-oifigeach in arm na Spáinne, darbh ainm José Cervasio Artigas, - bhí sé ag cur troda ar na Spáinnigh le tacaíocht na nAirgintíneach.

Tháinig scoilt idir Artigas agus na hAirgintínigh, áfach, nuair a bhí siad siúd ag ullmhú tionól bunreachtúil don stát nua s'acu. Chuir Artigas in iúl do mhuintir Bhuenos Aires go raibh rialtas dúchais le cumhachtaí fairsinge de dhíth air do Bhanda Oriental. Ní raibh muintir Bhuenos Aires sásta a leithéid a ghéilleadh dó. A mhalairt ar fad, chuir siad díormaí armtha go Montevideo le scaradh Bhanda Oriental ón Airgintín a chosc. San am céanna, bhí na Portaingéiligh ag iarraidh an cúige a fhorghabháil, rud a d'éirigh leo sa bhliain 1820. B'éigean d'Artigas dul ar deoraíocht óna bhólaí dúchais, agus chaith sé a raibh fágtha dá shaol ar imirce san Airgintín agus i bParagua.

Neamhspleáchas d'Uragua[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1822, d'fhógair an Bhrasaíl neamhspleáchas ar an bPortaingéil agus, rud follasach, ghlac na Brasaíligh leis gur cúige dá gcuid féin ab ea í Banda Oriental anois. Trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh drong de lucht leanúna Artigas amach in aghaidh na Brasaíle le tacaíocht ón Airgintín. Is é an chiall a bhain na Brasaíligh as seo go raibh an Airgintín á n-ionsaí, agus chuaigh siad chun cogaidh lena dtír féin a chosaint ar an ionradh. Mhair an Airgintín agus an Bhrasaíl ag cur cogaidh ar a chéile go ceann trí bliana, ach ansin, rinne Sasana eadráin eatarthu, agus sa deireadh thiar thall, bhí siad sásta neamhspleáchas a fhágáil ag Banda Oriental. Mar sin a tháinig Poblacht Oirthearach Uragua ar an bhfód, nó an Phoblacht Taobh Thoir d'Abhainn Uragua, mar a d'fhéadfá an t-ainm a thuiscint freisin. Nó is amhlaidh gur ainm abhann é Uruguay ar dtús, agus go bhfuil stát Uragua suite ar bhruach thoir na habhann áirithe seo.

Liobrálaigh agus Coimeádaigh[athraigh | edit source]

Saoirse gan só a bhí ann, i dtús báire. Bhí Uragua á stróiceadh agus á streachailt as a chéile ag an dá phríomhpháirtí polaitíochta, nó ní raibh siad sásta treabhadh le chéile ar aon nós. B'iad na Liobrálaigh agus na Coimeádaigh na páirtithe sin, agus bhí trioblóidí den chineál chéanna ag crá go leor tíortha eile san ilchríoch san am sin. In Uragua, thosaigh an faltanas polaitíochta seo mar chath pearsanta idir Fructuoso Rivera, an Liobrálach, agus Juan Lavalleja, an Coimeádach. Go minic, bhí na comharsana, an Airgintín agus an Bhrasaíl, ag cur a ladair i gcúrsaí inmheánacha Uragua. Sa bhliain 1832, d'éirigh Lavalleja amach in aghaidh Rivera. Sa bhliain 1836, arís, d'éirigh Rivera amach in aghaidh Manuel Oribe, an tUachtarán nua a bhí róchairdiúil le Lavalleja, dar leis. Bhain Rivera amach an Uachtaránacht sa bhliain 1839, i ndiaidh cathanna fada i gcoinne na dtrúpaí Airgintíneacha a bhí ag cabhrú le hOribe. Ansin, chuaigh Rivera i gcomhghuaillíocht leis na reibiliúnaigh a bhí ag cur cogaidh ar Juan Manuel de Rosas, deachtóir na hAirgintíne. B'é seo ba chúis leis an gCogadh Mór, nó Guerra Grande, idir an Airgintín agus Uragua.

An Cogadh Mór[athraigh | edit source]

Bhí Oribe agus deoraithe Uraguacha eile ag troid le taobh na hAirgintíne, agus shealbhaigh siad an tír go hiomlán - ach amháin Montevideo, an phríomhchathair. Bhí comhghuaillithe Rivera, an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc, ag soláthar do Montevideo ón bhfarraige, agus iad ag baghcatáil na hAirgintíne.

Justo José de Urquiza

Mhair an Cogadh Mór sna blianta 1843-1852, agus Montevideo faoi léigear an t-am ar fad. Ansin, áfach, chuir an Ginearál Justo José de Urquiza ruaigeadh ar Uribe agus ar Rosas féin, agus b'é sin deireadh an chogaidh ar fad.

I nDiaidh an Chogaidh[athraigh | edit source]

An tUachtarán a toghadh i ndiaidh an chogaidh, níor mhair sé ach bliain ag rialú na tíre roimh an chéad réabhlóid eile. Ansin, ceapadh triúracht in áit an Uachtaráin, mar atá, Rivera, Lavalleja, agus Venancio Flores. Ní raibh mórán maithe san iarracht seo ach oiread, áfach, nó fuair an bheirt seanfhundúirí bás go gairid ina dhiaidh sin, agus sa bhliain 1855, chuir an chéad choup d'état eile Flores ó chumhacht. An chuid eile de na 1850idí, bhí cogadh cathartha á chur idir na Liobrálaigh agus na Coimeádaigh gan stad gan staonadh.

Sa bhliain 1860, shealbhaigh na Coimeádaigh an tír, ach níor mhair siad i bhfad á rialú. Nó tháinig Venancio Flores agus lucht a leanúna ar ais sa bhliain 1863 le "Crosáid na Saoirse" a thabhairt chun críche, mar a thug Flores ar a bhfeachtas. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig na Brasaíligh isteach freisin, agus cé nach raibh siad róchairdiúil leis na hAirgintínigh ná le Flores roimhe seo, chuidigh siad leis anois an rialtas Coimeádach a chloí. D'iarr an rialtas ar Pharagua teacht chun fortachta, ach ní raibh gar ann. Ar ais i gcumhacht dó, chuaigh Flores, na hAirgintínigh, agus na Brasaíligh chun cogaidh ar Pharagua in éineacht. B'é seo Cogadh na Trípháirtíochta, a rinne léirscrios gan a leithéid eile ar Pharagua.

B'iad na Liobrálaigh a rialaigh an tír a raibh fágtha den naoú haois déag. Sna blianta 1870-72 rinne na Coimeádaigh iarracht an chumhacht a sciobadh chucu le lámh láidir, ach níor éirigh leo. Ina dhiaidh sin féin, mhair siad ag cur sórt treallchogaíochta in áiteanna. Dá réir sin, chuir na rialtais Liobrálacha béim ar fhorbairt na bhfórsaí armtha, agus bhí ról tábhachtach ag oifigigh an airm i bpolaitíocht na tíre.

Sa dara leath de na 1870idí, nuair a bhí an Coirnéal Lorenzo Latorre ag rialú na tíre, cuireadh tús leis an scolaíocht ghinearálta in Uragua. Fiú i ndiaidh lá Latorre, lean na rialtais ag forbairt scolaíochta agus oideachais in Uragua, agus de réir a chéile, d'iompaigh an tír ina lárionad tábhachtach cultúrtha i Meiriceá Theas.

José Batlle y Ordóñez - Ailtire an Daonlathais in Uragua[athraigh | edit source]

I ndeireadh na naoú haoise déag, tháinig José Batlle y Ordóñez ar stáitse na polaitíochta. Liobrálach a bhí ann, ach má bhí féin, ní raibh sé róshásta le polaitíocht a pháirtí féin ach oiread leis na Coimeádaigh. Bhí sé ar an bpolaiteoir ba chumasaí a saolaíodh in Uragua riamh. Bhain sé amach oifig an Uachtaráin sa bhliain 1903, agus ó sin i leith, chrom sé ar leasuithe tábhachtacha polaitíochta agus dlí a chur i gcrích. Faoina cheannas-san a reachtaíodh an dlí um lá oibre ocht n-uaire an chloig. Ceadaíodh an colscaradh, agus cuireadh deireadh le pionós an bháis. Níl anseo ach cupla sampla de na hathruithe a tháinig ar dhlíthe Uragua nuair a bhí Batlle y Ordóñez i mbun na gcúrsaí.

Sa bhliain 1907, d'fhág Batlle y Ordóñez an Uachtaránacht ag Claudio Willman, duine de lucht a leanúna. Chuaigh sé féin ag taisteal an domhain le heolas a fháil ar na córais éagsúla pholaitiúla sna tíortha coimhthíocha. Nuair a d'fhill sé abhaile, vótáladh isteach arís é ina Uachtarán, agus sna blianta 1911-15, lean sé leis ag cur athrú cuma ar shaol Uragua. Bhí suim ar leith aige i gcóras polaitiúil na hEilvéise, agus theastaigh uaidh "Eilvéis Mheiriceá Theas" a dhéanamh dá thír dhúchais.

Sa bhliain 1917, chuir Batlle y Ordóñez gairm chruinnithe ar an tionól náisiúnta le bunreacht nua a achtú. Bunreacht réabhlóideach a bhí ann, nó chuir sé cuma an daonlathais nua-aimseartha ar Uragua. Thairis sin, bhí forálacha forásacha ann faoi íosmhéid pá, faoi phinsean is faoi chúrsaí oideachais agus oibreachais. Tríd is tríd, bhí an bunreacht ceaptha le hUragua a iompú ina stát soilíosach daonlathach.

Géarchéim na dTríochaidí agus Bláthú Nua le linn an Chogaidh[athraigh | edit source]

Fuair Batlle y Ordóñez bás sa bhliain 1929. Bhí an saol seascair síochánta in Uragua sna fichidí, ach nuair a thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda sna tríochaidí, mhéadaigh ar an míshuaimhneas polaitiúil arís. Chualathas na Cumannaigh ag éileamh athroinnt na dtailte, rud nár rith le Batlle y Ordóñez riamh, ó nár theastaigh uaidh trioblóidí a fháil leis na mórúinéirí tailte. Coimeádaigh ab ea iad a bhformhór siúd.

Fear de lucht leanúna Batlle y Ordóñez, Gabriel Terra, a vótáladh isteach ina Uachtarán sa bhliain 1931, agus b'eisean a stiúraigh an tír trí bhlianta na géarchéime sna tríochaidí. Níor sparáil sé an lámh láidir ar an bhfreasúra, agus chuaigh sé i muinín na bhfórsaí armtha le srianta a chur le gach corraíl pholaitiúil. Bhí sé meáite, áfach, ar chóras soilíosach Batlle y Ordóñez a tharrtháil, agus nuair a tháinig deireadh lena sheal Uachtaránachta, d'fhág sé an chumhacht ag a chomharba faoi chroí mór maith.

Le teacht an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh an saol chun feabhais in Uragua arís. Bhí an-ghal ar onnmhuirí na tíre ar an gcoigríoch, agus na Stáit Aontaithe ag íoc praghas ard as olann Uragua lena chinntiú nach dtaobhódh muintir na tíre le Hitler sa chogadh. Bhí tacaíocht láidir ag an Naitsíochas san Airgintín, agus Uragua ag teastáil ó lucht rialtais na Stát mar dhúnfort frith-Naitsíoch i limistéar Río de la Plata.

Chuaigh deachtóireacht Juan Domingo Perón i ndéine san Airgintín agus na daichidí ag druidim chun deireanais. Bhí Uragua ag fáiltiú dídeanaithe polaitiúla isteach ón Airgintín, rud nár thaitin le Perón ar aon nós. Mar sin, ní raibh na turasóirí ag teacht ón Airgintín go hUragua ar feadh i bhfad, rud a bhain cuid mhór den ghnáthioncam den tír. Tháinig Uragua slán as an gcaolas seo, áfach, agus an chéad leath de na caogaidí, bhí na hUraguaigh ag déanamh go maith arís.

An Ghéarchéim Nua[athraigh | edit source]

Ina dhiaidh sin, áfach, thit praghas na holla ar an margadh domhanda go tobann, rud a chuir eacnamaíocht Uragua trí chéile. Tharraing an ísle brí seo callán polaitiúil anuas ar an tír fosta, agus vótáil na saoránaigh isteach rialtas Coiméadach an chéad uair i ndiaidh na naoú haoise déag, in olltoghchán na bliana 1958. Bhain na Coimeádaigh triail as scéim dá gcuid féin le srianta a chur leis an mboilsciú, ach ní dheachaigh sí a dhath ar bith chun leasa don tír. Tháinig meath ar "Eilvéis Mheiriceá Theas", agus i rith na seascaidí, tháinig gluaiseacht treallchogaíochta, na Montoneros, ar an bhfód, rud nach samhlódh aon duine le hUragua roimhe sin. Sa bhliain 1972, thit rud neamhghnách eile amach, nó chuaigh na fórsaí armtha i gceannas ar Uragua.

Cuireadh na Montoneros faoi chois le lámh láidir, ach níor thug na míleataigh an chumhacht uathu. A mhalairt ar fad, lean siad ag géarleanúint easaontóirí ón eite chlé, agus cearta an duine ina gceap magaidh acu. Bhí siad, fiú, ag comhoibriú le rialtas míleata na hAirgintíne, uaireanta, ag céasadh radacaigh óga. I dtús na n-ochtóidí, áfach, thosaigh siad ag ullmhú na tíre don daonlathas arís, agus sa bhliain 1984, bhain José María Sanguinetti amach oifig an Uachtaráin.

Atógáil an Daonlathais[athraigh | edit source]

Thit sé ar chrann Sanguinetti struchtúr eacnamaíochta na tíre a chur in oiriúint d'éilimh na Fundúireachta Idirnáisiúnta Airgeadais. Thairis sin, chaithfeadh sé na hiarsmaí a ghlanadh a d'fhág an rialtas míleata ina dhiaidh, agus chinn sé ar phardún ginearálta a thabhairt do na saighdiúirí agus do na treallchogaithe araon. Bhí formhór na nUraguach sásta leis an bpolasaí seo, mar a léirigh an phobalbhreith. I ndiaidh Sanguinetti, vótáladh an polaiteoir coimeádach Luis Alberto Lacalle isteach mar Uachtarán, ach tháinig Sanguinetti ar ais i dtoghcháin na bliana 1995.

Tá liobrálú agus príobháidiú na heacnamaíochta ar ceann de na clocha is mó ar phaidrín an lucht rialtais in Uragua, ach ní mó ná sásta atá muintir na tíre a gcuid comhlachtaí stáit a fhágáil i lámha na bhfear gnó. Níl an seanchóras polaitíochta i réim níos mó ach oiread, ó tháinig lear maith páirtithe nua ar an bhfód sna nóchaidí. Mar sin, níl an vótóir i dtuilleamaí rogha an dá dhíogha idir na Coimeádaigh agus na Liobrálaigh a thuilleadh.

Cultúr Uragua[athraigh | edit source]

Is í an Spáinnis teanga na tíre, cé go bhfuair sí a hainm as an teanga Guaraní, teanga bhundúchasach a labhraítear go forleathan i bParagua, inniu féin. Tá na sloinnte Iodáilise iontach coitianta, nó cosúil leis an Airgintín, d'fháiltigh Uragua na sluaite móra d'Iodálaigh nuair a tugadh an tír chun míntíreachais. Caitlicigh is ea iad dhá dtrian na nUraguach. Thairis sin, tá pobail bheaga Phrotastúnacha, Ghiúdacha agus Airméineacha ann, ach is daoine neamhreiligiúnda iad an chuid is mó den fhuílleach.

Tá scríbhneoirí Uraguacha ann a bhfuil meas mór orthu ag na Spáinniseoirí ar fad, go háirithe Eduardo Galeano agus Mario Benedetti. Áirítear Benedetti ar duine de na scríbhneoirí próis is fearr dár tháinig as Meiriceá Theas.

Cosúil leis na Spáinniseoirí eile, tá na hUraguaigh thar a bheith doirte don tsacar, el fútbol. D'éirigh le foireann Uragua an Corn Domhanda a bhaint sa bhliain 1950, ach ar na saolta seo, tá sacar Uragua thíos leis an ngéarchéim eacnamaíochta chomh maith leis an lobhadh i saol an tsacair a tháinig chun solais le déanaí le scannail mhóra faoi chluichí réamhshocraithe. Mar sin féin, bíonn imreoirí sciliúla sacair ag teacht as Uragua i gcónaí, cosúil le hAlvaro Recoba ("El Chino") agus Diego Forlan.

Thairis sin, is maith le muintir Uragua an rugbaí, an chispheil agus an tumadóireacht.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala