Juan Manuel de Rosas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Juan Manuel de Rosas

Rugadh Juan Manuel de Rosas (rugadh Juan Manuel José Domingo Ortiz de Rozas y López de Osornio, 30 Márta, 1793 - 14 Márta, 1877) i mBuenos Aires ar an 30 Márta, 1793. Polaiteoir coimeádach Airgintíneach a bhí ann a rialaigh cúige Buenos Aires ó 1829 go 1852. Bhí cáil air as an tír a aontú, rialtas éifeachtúil a chur ar fáil agus an eacnamaíocht a neartú.

Ba mhac é le León Ortiz de Rosas y de la Cuadra agus Agustina Teresa López de Osornio. Bhain sé le ceann de na teaghlaigh ba shaibhre a bhí i réigiún Rio de la Plata ach d’fhág sé an baile agus é ina stócach agus chuaigh ag obair sna cuibhrinn lena ghaolta. Sula raibh 20 bliain slánaithe aige phós é María de la Encarnación de Ezcurra y Arguibel, a bhí cúpla bliain níos óige ná é ar an 16 márta 1813, agus rugadh iníon amháin dóibh Manuela Robustiana de Rosas y Ezcurra, i mí Bhealtaine 1817 i mBuenos Aires. Bhunaigh Rosas monarcha sailleadh feola nuair a bhí sé 22 bliain d’aois agus bhí rath ar an ngnó láithreach. Bhí ag éirí chomh maith sin leis gur chuir na rainséirí ina choinne agus gur cumadh dlíthe chun a mhonarcha a dhúnadh.

Cheannaigh Rosas gabháltas mór talún ansin agus bhí ina rainséir é féin. In ionad dul i ngleic leis na gaucho mheall sé chuige iad agus bhí meas agus ómós acu dó. Nuair a bhris cogadh cathartha amach sa bhlilain 1820 d’eagraigh Rosas reisimin gaucho agus bhain sé clú agus cáil amach ar son a chuid iarrachtaí chun síocháin agus ord a bhaint amach.

Nuair a mharaigh arm Lavalle Manuel Dorrego, a bhí i gceannas an rialtais i mBuenos Aires, toghadh Rosas mar ghobharnóir ina áit sa bhliain 1829. D’éirigh go maith lena chéad téarma ach dhiúltaigh sé seasamh arís cé go raibh an-tacaíocht aige ón phobal. Bhí Rosas i gcumhacht ó am go ham ina dhiaidh sin agus é ina cheannaire láidir i gcónaí.

Nuair nach raibh sé i gcumhacht (1832-1835) bhí Rosas i mbun feachtais mhíleata i gcoinne bundúchasaigh na tire i ndeisceart na hAirgintíne.

Sa bhliain 1835 ofráladh “la suma del poder” do Rosas, rud a thug lánchumhacht gan mhaoirseacht dó agus ba ansin a thosaigh a réim mar dheachtóir.

Cuireadh míliste darbh ainm an Mazorca ar bun chun imeaglú a dhéanamh ar lucht freasúra agus fiú iad a mharú. Mar cheannaire, chuir Rosas é féin in iúl mar ionadaí an phobail, fear a raibh dlúthbhaint aige leis na gaucho agus le sliocht na hAfraice san Argaintín. D’éirigh leis an tír a aontú le linn a réime mar gheall air seo. Thug Rosas cuireadh do na hÍosánaigh filleadh ar an tír fosta agus thug siadsan lántacaíocht dó dá bharr sin. Rosistas a thug a lucht leanúna orthu féin. Mar chomhartha den ollchumhacht a bhí aige cuireadh portráid de Rosas ar taispeáint i ngach eaglais agus ionad poiblí sa tír. Mhaigh Rosas gur Feidearálaí a bhí ann ach i ndáiríre choinnigh sé a chumhacht go lárnach agus ba thíoránach é. Tharla an-chuid foréigin lena linn, mharaigh sé aon duine a sheas ina choinne nó nár thug tacaíocht dó.

D’éag a bhean Encarnación ar an 20 Deireadh Fómhair, 1828.

Bunaíodh an Asociacion de Mayo – Cumann na Bealtaine, chun cur i gcoinne an deachtóra. Grúpa scríbhneoirí a bhí ann a chuaigh leis an bpolaitíocht mar gheall ar ghníomhartha Rosas.

Faoi dheireadh thiontaigh go leor dá lucht tacaíochta féin i gcoinne Rosas. D’eagraigh an Ginearál Urquiza, gobharnóir Cúige Entre Ríos, arm ina choinne. Chuidigh an Bhrasaíl agus Uragua leis an éirí amach. Cuireadh deireadh le réimeas Rósas nuair a chaill sé Cath Caseros ar an 5 Feabhra, 1852.

Chaith Rosa deireadh a shaoil ar imirce i Sasana, mar fheirmeoir i Southampton. Cuireadh ansin ar dtús é ach tugadh a chorp ar ais chun na hAirgintíne i 1989 agus cuireadh arís é i reilig La Recoleta.