Corn Sacair an Domhain
- Féach ar Corn FIFA an Domhain 2010 don chomórtas is déanaí.
Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Corn Sacair an Domhain (nó Corn FIFA an Domhain). Eagraíonn FIFA an comórtas gach ceithre bhliain agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaigh an Iodáil Corn an Domhain sa bhliain 2006, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl san Afraic Theas sa bhliain 2010.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna chluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna chluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna chluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dhá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an ocht gcomórtas déag a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag seacht náisiún. Tá cúig bhua ag an Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite ag an Iodáil, agus is iad curaidh an domhain faoi láthair. Tá an corn buaite ag an Ghearmáin faoi thrí. Tá dhá bhua ag Uragua agus an Airgintín, agus ceann amháin ag Sasana agus an Fhrainc.
Na Comórtais [athraigh]
- Eochair
- ab — tar éis am breise
- pion. — ciceanna pionóis
- Nótaí
- ↑ Ní raibh aon chluiche don 3ú háit go hoifigiúil sa bhliain 1930. Chaill S.A.M agus an Iúgslaiv sna chluichí leathcheannais, ach tá S.A.M aitheanta ag FIFA sa 3ú háit, mar gur éirigh siad ní ba fhearr sa chomórtas ina iomlán.
- ↑ 2.0 2.1 Ní raibh aon chluiche ceannais imeartha sa bhliain 1950. Rinneadh grúpa de cheithre fhoireann (Uragua, an Bhrasaíl, an tSualainn agus an Spáinn) agus bronnadh an corn ar an bhfoireann leis na pointí ba mhó. B'é an bua ag Uragua i gcoinne na Brasaíle an ceann cinniúnach, agus is é sin fáth gur feictear air mar "chluiche ceannais" an chomórtais. Mar an gcéanna, feictear ar bhua na Sualainne in aghaidh na Spáinne mar an cluiche don 3ú háit.
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Corn FIFA an Domhain |
||
|
1930 1934 1938 1950 1954 1958 1962 1966 1970 1974 1978 1982 1986 1990 1994 1998 2002 2006 2010 |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.