Eduardo Galeano

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eduardo Galeano

Rugadh Eduardo Galeano i Montevideo, Uragua, i 1940. Chaith sé an chuid is mó dá shaol thar lear, san Airgintín mar a raibh sé ina eagarthóir ar an iris Crisis, agus sa Spáinn. Tá sé ina údar ar chuid mhór leabhar agus altanna i dtréimhseacháin. I measc na saothar is cáiliúla dá chuid tá an tsraith úrscéalta Memoria del Fuego ("Cuimhne na tine", 1982-1986) agus Las venas abiertas de América Latina ("Féitheoga oscailte Mheiriceá Theas", 1971). Meascann sé finscéalta, stair, tuairisceoireacht agus cumadóireacht chun léargas iontach a thabhairt ar an limistéar ollmhór a bhí tráth faoi smacht na Spáinne agus na Portaingéile i Meiriceá Thuaidh agus Theas. Deir an t-údar féin gurb í an chuimhe an ní is tábhachtaí dó, mar go bhfeictear dó go bhfuil Meiriceá daortha chun dearmad a dhéanamh ar an saol atá thart.

Deir sé nár fhoghlaim sé a dhath ar scoil. Bhí postanna éagsúla aige mar dhéagóir, ach d'éirigh leis cartún polaitiúil a dhíol le nuachtán seachtainiúil an Pháirtí Shóisialaigh, El Sol, nuair nach raibh sé ach ceithre bliana déag d'aois, rud a spreag é chun na hiriseoireachta.

Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha mar iriseoir i 1960, agus niorbh fhada go raibh sé ina phríomheagarthóir ar an seachtaineán Marcha, agus ábhar le leithéidí Mario Vargas Llosa, Mario Benedetti, agus údair cháiliúla eile de chuid Mheiriceá Theas á fhoilsiú aige. Chuaigh sé as sin chuig an nuachtán laethúil Época mar eagarthóir. Níor thaitin sé le rialtóirí nua míleata Uragua, agus caitheadh i dtóin phríosúin é. Díbríodh as an tír é agus chuaigh sé chun na hAirgintíne mar ar bhunaigh sé Crisis. Bhí úrscéalta agus leabhair eile foilsithe aige faoin am seo, ina measc Las venas abiertas de América Latina, cur síos ar an slad a rinne Eorpaigh ar acmhainní nádúrtha na hilchríche, leabhar a aistríodh go Béarla agus go teangacha eile.

Ghnóthaigh Galeano an duais Casa de las Américas sa bhliain 1975 ar son an úrscéil La Canción de nosotros. Cuireadh ar ainm ar liosta na mbuíonta báis san Airgintín tar éis don arm dul i gceannas ar an tír sin sa bhliain 1976, agus b'éigean dó teitheadh chun na Spáinne, tír a bhí díreach tar éis an daonlathas a athbhunú tar éis bhás an deachtóra Franco. Chuir sé faoi ar chósta na Catalóine agus scríobh sé Memoria del fuego ansin, scéal Mheiriceá ag tosú le finscéalta na mbundúchasach faoin chruthú agus ag leanúint as sin trí choncas, cogaí saoirse, gabháltais agus athghabháltais go dtí na 1980í.

Caibidlí gearra atá sa tríológ, na céadta carachtar agus a gcuid eachtraí fite fuaite le chéile chun saothar ollmhór cruthaitheach a dhéanamh as na fíoreachtraí atá ar taifead i gcáipéisí. Tá an saothar seo ar fáil i mbreis is fiche teanga agus aitheantas dá réir ag Galeano mar cheann de na húdair is spéisiúla agus is bisiúla ar domhan.

D'fhill sé ar Montevideo, Uragua, sa bhliain 1985 agus tá sé ann ó shin, agus é ag scríobh leis i rith an ama.