Vlaidímír Leinín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vlaidímír Leinín
Владимир Ильич Ленин
Lenin CL.jpg

Cathaoirleach Choiste Choimeasáir na bPobal (Ceannaire na Rúise)
In oifig
8 Samhain 191721 Eanáir 1924
Réamhtheachtaí: (Oifig nua)
Comharba: Alexei Rykov agus Iósaf Stailín

Dáta breithe 22 Aibreán 1870
  Simbirsk, Impireacht na Rúise
Dáta báis 21 Eanáir 1924
  Gorki, Cúige Mhoscó, APSS
Páirtí Boilséiveach
Céile Nadezhda Krupskaya
Síniú
Unterschrift Lenins.svg

Ceannaire agus réabhlóidí Cumannach as an Rúis ab ea Vlaidímír Ílídts Leinín (Rúisis: Влади́мир Ильи́ч Ле́нин), nó Leinín de gnáth (22 Aibreán, 187021 Eanáir, 1924). Ceannaire an pháirtí Bhoilséivigh ab ea é, agus an chéad cheannaire ar Aontas na Sóivéadach tar éis Réabhlóid Dheireadh Fómhair sa bhliain 1917.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Saolaíodh Vlaidímír Ílídts Úliánov in Simbirsk, cathair cois abhainn Volga. D'athraigh sé a shloinne ó Úliánov (Rúisis: Улья́нов) go Leinín níos déanaí, ach níl aon eolas ann maidir leis an bhfáth ar roghnaigh sé an t-ainm Leinín. Is tuairim amháin é gur thóg sé an t-ainm ón abhainn Lena, ach níor fhág Leinín aon eolas cinnte faoi seo.

Leinín - Thart ar an mbliain 1887

Mac le hIlya Nikolaevich Ulyanov (1831 - 1886) ab ea é, oibrí státseirbhíse a bhí i bhfabhar le daonlathas agus oideachas saor. Bhí máthair liobrálach ag Leinín, Maria Alexandrovna Blank (1835 - 1916). Bhí dúchas measctha aige; Gearmánach, Cailmíc agus Giúdach. Ba bhall den Eaglais Ceartchreideamh Rúiseach é.

Mac léinn cliste ab ea Leinín, agus bhí suim aige i Laidin agus Gréigis. Bhí dhá thubaiste i saol Leinín mar bhuachaill óg, agus bhí tionchar mór acu air. Ar dtús, fuair a athair bás sa bhliain 1886. An bhliain ina dhiaidh, crochadh a dheartháir Alexander Ulyanov mar ghlac sé páirt i scéim chun Sár Alastar III a mharú. D'athraigh na h-eachtraí seo saol Leinín go deo, agus as seo amach bhí dearcadh réabhlóideach aige. Thosaigh sé ag déanamh staidéar ar obair Karl Marx agus Nikolai Chernyshevsky, agus ag iarraidh scéim Marxachas a chur le chéile chun réabhlóid rathúil a fháil. Sa bhliain 1887, d'fhág sé an mheánscoil agus chuaigh sé isteach in Ollscoil na Cazáine. Thosaigh sé ag glacadh páirt in agóide mic léinne, agus mar thoradh cuireadh amach as an ollscoil é i mí Nollaig 1887. Seoladh amach é ar dheoraíocht, ach tháinig Leinín ar ais go Kazan i 1888, agus thosaigh sé ag buaileadh leis na ngrúpaí Marxacha. Sa bhliain 1889, bhog Léinin chun chónaigh i Samara, agus i 1890 d'aistrigh sé Forógra an Páirtí Cumannach go Rúisis. Cé go raibh sé amach as Ollscoil Kazan, lean Leinín ar aghaidh ag staidéar dlí ina aonar. Fuair sé na grádaí is fearr sa rang, agus bronnadh céim agus ceadúnas dlí air ón Ollscoil Chathair Pheadair i 1891.

An réabhlóidí[athraigh | edit source]

Thosaigh Leinín ag obair ina chabhróir do dhlíodóir i Samara, agus ansin chuaigh sé go dtí Cathair Pheadair i 1893. Léigh sé Marx do dhaoine anseo, agus shocraigh sé cruinnithe leis na h-oibrithe. Thosaigh sé ag úsáid an t-ainm Leinín ag an am seo, agus ba cheannaire é ar na Daonlathaí Sóisialta Chathair Pheadair. D'fhoilsigh Leinín a chéad obair, agus chuaigh sé ar a chéad turas thar lear i 1895 nuair a chuaigh sé go dtí an Eilvéis. Bhuail sé le Georgi Plekhanov, agus a ghrúpa "Emancipation of Labour". Chuaigh sé go dtí Beirlín agus Páras chomh maith. Nuair a fhill Leinín abhaile go Cathair Pheadair, bhunaigh sé Conradh Gleic don Saoirse an Lucht Oibre. Sheol sé amach páipéir réabhlóideacha, agus cuireadh é i bpríosún ar 7 Nollaig, 1895. Seoladh é go dtí Shushenskoye na Sibéire ar feadh trí bliana.

Leinín faoi ghlas i 1895.

Níor stad Leinín den obair sa tSibéir. D'fhoilsigh sé litríocht réabhlóideach sa bhliain 1897, agus a obair mhór Forbairt Caipitleachais san Rúis, i mí Aibreán 1899. Sa bhliain 1898, bhuail Leinín le Nadezhda Konstantinovna Krupskaya, agus pósadh iad i mí Iúil. I 1900, bhí a phianbhreith críochnaithe aige agus thaistil sé ar fud na Rúise agus na hEorpa, mar shampla Zurich, An Ghinéiv, München, Prág, Vín agus Londain. San Ghearmáin, bhunaigh sé an nuachtán Iskra ("spréach") le cabhair ó Phlekhanov i Munich. Páipéar réabhlóideach ab ea é, chun a theachtaireacht a scar amach. Bhí Leinín i bhfabhar le daonlathas sóisialta, in áit daonlathas polaitiúil, mar i daonlathas polaitiúil bíonn an chumhacht ag na daoine meánaicmeach, na daoine a cloígheann na h-oibrithe. D'fhoilsigh Leinín na smaointe seo i 1902 sa Cad Atá Le Déanamh.

Ag an am céanna, thosaigh Leinín ag eagrú na mBoilséiveach i bPáirtí Daonlathach Sóisialta na nOibrithe. Ciallaíonn Boilséiveach "móramh", agus Meinséiveach "mionlach". Rugadh na téarmaí nua ag an Dara Comhdháil Páirtí i 1903, nuair a rinneadh vótáil ar treo an pháirtí as seo amach. Go bunúsach, thacaigh na Boilséivigh an lámh láidir a úsáid agus bhí na Meinséivaigh i gcoinne. Bhuaigh Leinín agus na Boilséivigh, ach chaill sé roinnt tacaíocht agus d´fhág sé Iskra ar 1 Samhain. Chuir sé bun ar nuachtán nua ina áit, Vperyod! (Ar aghaidh!) sa Ghinéiv i 1905. Chuaigh Leinín go dtí an Fhionlainn i 1907, mar bhí imní air nach raibh sé sábháilte san Rúis. Lean sé ar aghaidh ag scríobh i gcónaí, d’fhoilsíodh Materialism and Empirio-Criticism i Moscó i 1908. Chuaigh sé go dtí an Eilvéis arís, agus go dtí An Fhrainc. I 1912, chuaigh sé go dtí Kraków chun obair leis an páipéar Boilséiveach Pravda (Fírinne). Bunaíodh an páirtí nua Boilséiveach i bPrág. Cuireadh cosc ar Pravda san Rúis i gceann tamaill.

Mar gheall ar an réabhlóid san Rúis i 1905 agus 1906, d’aontaigh an Sár parlaimint nua a bhunaigh sa tír. Ní raibh a lán cumhacht ag an bparlaimint nua, ach bhí Leinín ábalta é a úsáid chun a smaointe a scar amach. Bhí cruinniú acu i gKraków i 1914 chun scéim a chruthaigh, ach bhris amach an Chéad Chogadh Domhanda agus chuir na h-Ostaraigh Leinín i bpríosún. Bhí sé ábalta dul ar ais go dtí an Eilvéis, an t-aon tír amháin a bhí neodrach. Thosaigh sé ag scríobh arís, agus d’iarr sé ar na Boilséivigh fanacht amach as an gcogadh, mar ba phlota caipitlíoch é chun na margaidh a rialaigh. Mar thoradh, dhiúltaigh gach Boilséiveach san Rúis an cogadh a thacaigh. Ghlac Leinín páirt den fhrithchogadh comhdháil i Zimmerwald i 1915.

An réabhlóid[athraigh | edit source]

Thosaigh an chéad céim den réabhlóid, Réabhlóid na Feabhra i 1917, nuair a bhí éirí amach i gCathair Pheadair. Thug Sár Nioclás II a chumhacht suas, agus tháinig an Rialtas Sealadach isteach ina áit, le hAlexander Kerensky mar cheannaire. Cháin Leinín an rialtas liobrálach nua i bPravda ar 16 Aibreán, agus dúirt sé gur ba cheart réabhlóid sóisialach a eagrú. Fuair sé cabhair ó rialtas na Gearmáine, a bhí ag troid i gcoinne an Rúis sa chogadh. Thóg siad é agus a bhean ar ais san Rúis faoi rún. Shroich sé Cathair Pheadair ar 16 Aibreán, agus bhí slua mór tacaíthe ag fanacht leis ag an Stáisiún Traenach na Fionlainne sa chathair. Chuaigh Leinín go díreach go dtí Cathair Pheadair agus ghlac sé páirt san chéad éirí amach i mí Iúil. Theip ar an t-éirí amach, agus bhí ar Leinín éalaigh go dtí an Fhionlainn arís. Ach bhí a lán tacaíocht aige fós san Rúis, agus tháinig Leinín ar ais go dtí Cathair Pheadair i mí Deireadh Fómhair agus thosaigh an Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Bhuaigh na Boilséivigh, agus scriosadh an Rialtas Sealadach ar an 7 Samhain, 1917. Bhunaigh sé rialtas na n-oibrithe ar an 8 Samhain, agus bronnadh an teideal "Cathaoirleach Choiste Choimeasáir na bpobail" ar Leinín.

Leinín i gcumhacht[athraigh | edit source]

Bhailigh Leinín na grúpaí réabhlóideacha go léir le chéile, chun an Páirtí Cumannach a chruthú. Thosaigh sé ag eagrú eacnamaíocht na Rúise ar smaointe Marx, agus shínigh sé an Conradh Brest-Litovsk chun deireadh a chur leis an gcogadh. I mí Lúnasa 1918, thóg sé an t-ordú chun Sár Nioclás II agus a chlann ar fad a chuir chun báis, mar bhí tacaíocht acu ó na Bánaigh (Meinséivigh) fós. Ar 30 Lúnasa, rinne Fanya Kaplan ón Páirtí Réabhlóideach Sóisialach iarracht Leinín a mharaigh, ach tháinig Leinín slán as. Mar thoradh, thosaigh Leinín An Sceimhle Dearg, agus bailíodh gach duine a bhí ina “namhaid an stát” agus seoladh iad go bpríosún.

Leinín agus Stailín le chéile i 1919.

Cogadh cathartha na Rúise[athraigh | edit source]

Bhí na Bánaigh fós i gcoinne Leinín, agus bhí a lán tacaíocht acu. Bhí air Leinín an t-Arm Dearg a eagrú, agus briseadh amach an cogadh cathartha i 1917. Bhí tionchar dona ag an chogadh ar an eacnamaíocht agus bhí gorta i gceann tamall. Mar thoradh, bhunaigh Léinin an Scéim Eacnamaíochta Nua, scéim a bhí beagnach caipitlíoch. I mí Bealtaine 1922, bhí stróc ag Leinín, agus d’fhágadh roinnt beagnach pairilis air.

Leinín agus Stailín[athraigh | edit source]

Ag an am céanna, bhí cumhacht Ióisiaf Stailín ag fás freisin. Thacaigh Stailín Leinín ar dtús, agus bhí Leinín sásta le obair Stailín i rith an chogaidh chathartha. Ach i gceann tamaill, chonaic Leinín gurb duine contúirteach é Stailín, agus rinne sé iarracht é a chur as an rialtas.

Bás[athraigh | edit source]

Lean Leinín ar aghaidh ag obair agus ag scríobh do dtí an deireadh. Bhí stróc aige arís i mí Nollaig 1922, agus bhí air éirí as pholaitíocht. I mí Márta 1923, bhí stróc eile aige, bhí air fanacht sa leaba agus ní raibh sé ábalta caint. Fuair sé bás ar 21 Eanáir, 1924.


Tá corp Leinín le feiceáil fós sa Másailéam Leinín, Moscó.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]



Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev