Plean Schlieffen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alfred Graf von Schliefen

Is éard a bhí i gceist le Plean Schlieffen ná plean slógtha Arm Impiriúil na Gearmáine a bhí dréachtaithe ag Alfred von Schlieffen, Marascal Machaire a bhí ina Cheann Foirne ar Arm na Gearmáine sna blianta 1891-1905. Is é an rún a bhí ag Schlieffen leis an bplean ná a chinntiú nach dtógfadh sé mórán dua ná ama ar an Arm an Fhrainc a chloí.

Chrom Schlieffen ar an bplean a oibriú amach sa bhliain 1904. San am seo, bhí an tImpire Uilliam a Dó ag éirí buartha faoin mbagairt a d'aithin sé san Fhrainc agus sa Rúis araon. Shíl sé go bhféadfadh an dá namhaid a thír a ionsaí in éineacht, agus d'iarr sé ar Schlieffen plean a dhréachtú a chuirfeadh ar chumas na Gearmáine teacht slán as cogadh an dá chathéadan. Chríochnaigh Schlieffen an plean sa bhliain 1905.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, b'é an plean seo an t-aon cheann a fuair na ginearáil Ghearmánacha i dtaisceán na Foirne Ginearálta. (Bhí Schlieffen féin ag iompar na bhfód le dhá bhliain anuas cheana.) Ar an drochuair, ní raibh sé indéanta an chéad chéim den phlean - slógadh an Airm - a chur i gcrích gan neodracht na Beilge agus Lucsamburg a shárú. Nuair a chuir an tImpire Uilliam a Dó gairm shlógtha ar a chuid saighdiúirí, shíl sé nach raibh sé ach ag beartú an chlaímh, ach le fírinne, b'ionann an slógadh agus an t-ionsaí ar an mBeilg. Ó bhí neodracht na Beilge ráthaithe ag an mBreatain Mhór, tharraing an tImpire na Sasanaigh isteach sa chogadh leis an mbeart seo.