Nimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar ceimiceach atá dochrach don cholainn má ionghabhtar, ionanálaítear nó instealltar é. Is féidir go dtarlóidh an damáiste ar bhealaí éagsúla, go díreach ainsealach nó de réir a chéile thar am le nochtadh arís is arís eile. Is féidir gur ábhar saorga í, dúil nádúrtha, nó ábhar orgánach a dhíorthaítear ó bhaictéar, ainmhíplanda. Cuid mhaith drugaí atá teiripeach sna dáileoga cearta, is nimhiúil iad i ndáileoga iomarcacha. Samplaí is ea aonocsaíd charbóin (a chuireann bac ar iompar ocsaigine ag an bhfuil má ionanálaítear í), ciainíd, stricnín is arsanaic (a úsáideadh ó am go chéile go fealltach), paraicéiteamól (a dhéanann damáiste don ae le dáileoga iomarcacha), agus luaidhe (a dhéanann damáistí éagsúla do pháistí nuair a fhulaingíonn siad nochtadh fadaithe).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Nimh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 484.