Əbülfəz Elçibəy
| Əbülfəz Elçibəy Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev |
|
|
2ú hUachtarán na hAsarbaiseáine
|
|
| In oifig 16 Meitheamh 1992 – 1 Meán Fómhair 1993 |
|
| Réamhtheachtaí: | Ayaz Mutallibov |
| Comharba: | Heyder Əliyev |
|
|
|
| Dáta breithe | 24 Meitheamh 1938 |
| Poblacht Shóivéadach Fhéinrialaitheach Shóisialach Naxçıvan, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine, (An tAontas Sóivéadach) | |
| Dáta báis | 22 Lúnasa 2000 |
| Ankara, An Tuirc | |
| Páirtí | Azərbaycan Xalq Cəbhəsi Partiyası |
Polaiteoir Asarbaiseánach agus iar-easaontóir Sóivéadach a bhí in Əbülfəz Elçibəy. Saolaíodh i Naxçıvan é ar an 24 Meitheamh 1938, agus shíothlaigh sé in Ankara sa Tuirc ar an 22 Lúnasa 2000.
B'é Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev a fhíorainm, ach mar scríbhneoir, bhaist sé an sloinne Elçibəy ("Teachtaire Uasal") air féin. B'é an chéad Uachtarán san Asarbaiseáin a vótáladh isteach go daonlathach, ar an 17 Meitheamh 1992. Bhí sé féin ina intleachtóir leathanaigeanta, ach nuair a bhí sé ina Uachtarán, bhí an Asarbaiseáin díreach sáite i gcogadh leis an Airméin, rud a spreag an náisiúnachas go mór mór. Mar sin, bhí sé sásta náisiúnaithe pan-Turcacha a cheapadh mar Airí Rialtais. Níor éirigh le rialtas Elçibəy, ach an oiread, cuma cheart chiallmhar a chur ar eacnamaíocht na tíre ná fiú an cogadh a bhuachan, agus bhí na hAirí náisiúnaíocha féin lofa le breabaireacht. I dtús an Mheithimh 1994, bhí na trúpaí Airméanacha ag ascnamh leo go tiubh isteach ar chríocha na hAsarbaiseáine, agus d'éalaigh Elçibəy féin as an bpríomhchathair le teacht slán. Ansin, áfach, b'é an sean-mhaorlathach iar-Shóivéadach Heydər Əliyev a shealbhaigh an chumhacht i ndiaidh Elçibəy, agus i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna, gaireadh Uachtarán nua de go hoifigiúil. D'fhill Elçibəy go Baku sa bhliain 1997 le dul le polaitíocht arís, agus é ina bhall de pháirtí an fhreasúra anois. Sa bhliain 2000, haithníodh go raibh ailse phróstatach air. Cailleadh go gairid ina dhiaidh sin é in Ankara, an Tuirc, áit a ndeachaigh sé ar lorg leighis.