Heydər Əliyev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Heydər Əliyev
Heydar Aliyev
Heydar Aliyev 1997.jpg

3ú hUachtarán na hAsarbaiseáine
In oifig
24 Meitheamh 199331 Deireadh Fómhair 2003
Réamhtheachtaí: Əbülfəz Elçibəy
Comharba: Ilham Aliyev

Dáta breithe 10 Bealtaine 1923
  Poblacht Shóivéadach Fhéinrialaitheach Shóisialach Naxçıvan, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine, (APSS)
Dáta báis 12 Nollaig 2003
  Cleveland, Ohio, SAM
Páirtí Yeni Azərbaycan Partiyası
Céile Zarifa Aliyeva

Polaiteoir Asarbaiseánach a bhí in Heydər Əlirza oğlu Əliyev (10 Bealtaine 1923-12 Nollaig 2003). Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar imeachtaí a shaoil, ach dealraíonn sé gurb i Naxçıvan a tháinig sé chun saoil. Bhain sé amach céim san oideachas i scoil traenála na múinteoirí i Naxçıvan, agus chaith sé seal ag staidéar ailtireachta. Ba nós leis a áitiú go ndeachaigh sé ag foghlaim staraíochta in Ollscoil Stáit Bakı, ach is é an tuairim atá ag lucht an tsaineolais go ndeachaigh sé go Leningrad le freastal ar scoil slándála an stáit ansin.

Sa bhliain 1944, chuaigh Əliyev ag obair do Choimeasáracht Phobail Slándála an Stáit (NKGB) san Asarbaiseáin, is é sin, an eagraíocht chéanna ar ar baisteadh KGB - Coiste Slándála an Stáit - sa bhliain 1954. Rinne Əliyev an-dul chun cinn sa KGB, agus sa bhliain 1967, bhí sé ina Mhaor-Ghinearál agus ina cheannasaí ar an KGB san Asarbaiseáin.

Sa bhliain 1969, cheap Leonid Brezhnev é ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí Cumannach san Asarbaiseáin, ó bhí sé de chlú air go raibh sé ar dóigh ag cur troda ar an mbreabaireacht is ar an gcaimiléireacht. B'éigean dó féin, áfach, go leor caimiléireachta a dhéanamh le gnaoi Brezhnev a tharraingt air féin. Nuair a tháinig Mikhail Gorbachev i mbun na gcúrsaí san Aontas Sóivéadach, thug sé bata is bóthar d'Əliyev mar bhreabaire is mar chaimiléir.

D'fhan Əliyev i Moscó go dtí an bhliain 1990, nuair a d'fhill sé ar Naxçıvan. Ansin dó, chuir sé é féin chun tosaigh mar náisiúnaí measartha, agus de réir a chéile, shealbhaigh sé an chumhacht sa chúige, beag beann ar Ayaz Mütəllibov a bhí ina Uachtarán ar an Asarbaiseáin san am. San am seo, bhí an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ag cur chun géaradais, agus i mBealtaine 1992, b'éigean do Mütəllibov éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag Əbülfəz Elçibəy a bhí i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil an fhreasúra, Fronta Pobail na hAsarbaiseáine.

Ní raibh an tUachtarán nua ábalta Naxçıvan a athshealbhú ó Əliyev. Sa deireadh thiar, i Meitheamh 1993, d'éirigh na fórsaí armtha amach in aghaidh Elçibəy, agus b'éigean dósan an Uachtaránacht a fhágáil ag Əliyev.

Chaith Əliyev an chuid eile dá shaol ag rialú na hAsarbaiseáine ar nós an deachtóra. Bhí sé in ann infheisteoirí a mhealladh ón gcoigríoch le hairgead a shuncáil in eacnamaíocht na tíre, go háirithe i dtionsclaíocht na hartola. San am céanna, áfach, d'fhás an bhreabaireacht as éadan, go dtí gur rangaíodh an Asarbaiseáin ar an tír ba mheasa éilliú ar fud an domhain.

Thosaigh a shláinte ag teip ar Əliyev sa bhliain 1999, nuair b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar na Stáit Aontaithe le dul faoi scian an mháinlia. Rinneadh máinliacht seach-chonaire air i gCleveland. Níor mhair sé ach cupla bliain ina dhiaidh sin, ach bhí de sheal aige a mhac féin, İlham Əliyev, a cheapadh mar Uachtarán nua sula bhfuair sé bás.