Cogadh Cathartha na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tArm Dearg i gKazan, príomhchathair na Tatarstáine, i rith an chogaidh.

Cogadh a troideadh in Impireacht na Rúise ab ea é Cogadh Cathartha na Rúise, a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne Léinín lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé Conradh Síochána Brest-Litovsk i Mí Márta 1918, nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na Rúise ag na Gearmánaigh. B'iad an dá thaobh sa chogadh ná na Dearga - is é sin, na Boilséivigh - agus na Bána, is é sin, iad siúd nach raibh sásta an chumhacht a fhágáil acu. Thairis sin, áfach, bhí go leor "tiarnaí cogaidh" áitiúla ann a bhí ag cur a gcatha féin, agus nach furasta a aicmiú mar "bhána" ná mar "dhearga". Ar ndóigh, d'fhéach stáit eile a ladar a chur sa chogadh freisin nó a mbuntáiste féin a ghlacadh ar laige na Rúise. Tar éis cheithre bliana cogaidh, b'iad na Boilséivigh a ghnóthaigh an báire, agus bhunaigh siad stát Cumannach, an tAontas Sóivéadach, sa bhliain 1922. Sna blianta 1918-1920 ba mhó a bhí an troid á cur.

Achoimre[athraigh | edit source]

Tar éis Réabhlóid na Feabhra sa bhliain 1917 agus bás Nioclás II, bunaíodh Rialtas Sealadach sóisialach. I Mí Meán Fómhair, bhris Réabhlóid Dheireadh Fómhair amach. Ghabh na Boilséivigh Cathair Pheadair agus thosaigh siad ag tógáil bailte timpeall na tíre ar fad. I Mí Eanáir 1918, rinne Léinín lánscoir ar an gcomhdháil, agus fógraíodh na Boilséivigh mar rialtas nua na Rúise.

Ar dtús báire thosaigh na Boilséivigh ag iarraidh síocháin a dhéanamh le tarraingt amach as an gCéad Chogadh Domhanda, mar a bhí geallta acu do muintir na Rúise roimh ré. Deirtear go bhfuil ceangail idir an géilleadh agus an tslí inár tháinig Léinín i dtír, le cabhair agus tacaíocht óna Gearmánaigh a bhí ag tnúth le Réabhlóid sa Rúis le deireadh a chuir leis an bhfronta thoir.

Fógraíodh sos comhraic láithreach agus thosaigh an idirbheartaíocht síochána. Ceann de na riachtanais a bhí sa chonradh ná go bhfaighfeadh na Cumhachtaí Lárnacha a lán talún ón Ruis, agus chuir an rud seo go mór isteach ar náisiúnaigh na Rúise. Dhiúltaigh Leon Trotscaí fiú, ionadaí na Boilséivigh, ar dtús.

Thosaigh na Gearmánaigh ag bogadh isteach sa Rúis, ní raibh arm na Rúise ann ar chor ar bith le frithbheartaíocht a thabhairt dóibh. Sa deireadh bhí ar na Boilséivigh an conradh a shíniú go tapaidh bhí fadhbanna ag forbairt sa tír é féin, bhí na frithréabhlóide dainséarach don rialtas cumannach. Rinne siad daingniú ar an gConradh Brest-Litovsk, ar an 6 Márta, 1918.

I ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí dhíshlógadh déanta ar sean airm na Rúise agus bunaíodh airm Óglach na Gardaí Dearg eite míleata na Boilséivigh. Bhí Trotscaí i gceannas orthu agus cruthaigh sé fórsa níos gairmiúla a bhunú, trí coinscríobh a thabhairt isteach.

Bhí cosc ar aon eagraíocht pholaitiúil nach raibh ceangailte leis na Boilséivigh, fiú eagraíocht sóisialach, toisc nach raibh na Boilséivigh in ann tromlach a bheith acu in aon rialtais tofa trí daonlathas lasmuigh de Cathair Pheadair agus Moscó.

Cé gur thosaigh frithbeartaíocht díreach i ndiaidh an coup, bhí an Conradh Brest-Litovsk agus an cosc polaitiúil mar catalaíoch le grúpaí frith-Boilséivigh a bhunú, agus á bhrú le gníomhaíocht i gcoinne an rialtas a thosú.

Cruthaíodh cónaidhme frith-Boilséivigh le troid i gcoinne an rialtas, ina measc bhí poblachtaigh, caomhantóirí, daoine frithghníomhach, daoine a bhí i bhfabhar an monarcaí, liobrálaigh , sóisialaigh nach raibh mar Boilséivigh, daoine i bhfabhar daonlathas agus leasaithe. Glaodh an gluaiseacht na an Airm Bán orthu.

Freisin bhí grúpa ón Úcráine darbh ainm an Airm Glas agus glaodh an Airm Dubh ar an airm a bhí faoi na ainrialaigh, throid siad in aghaidh an dá thaoibh agus fiú a chéile i rith an cogadh.

Bhí na comhghuaillí brónach nach raibh an fronta thoir gníomhach a thuile agus bhí siad buartha freisin faoi na Boilséivigh agus an Cumannachas. De Bharr seo chuir siad a lán airm, tacaíocht agus fiú saighdiúirí don gluaiseacht Báin.

Chríochnaigh chuid mhaith den cogadh faoi 1920 le bua ar an Ginearáil Pyotr Wrangel sa Crimea, ach lean beagán frithbheataíocht i gcúpla áiteanna go dtí an bhliain 1922.

An cogadh féin[athraigh | edit source]

Póstaer bolscaireachta ón Airm Bán ag léiriú Trotscaí mar "Diabhal Dearg". An téacs atá ann ná "Síochán agus Saoirse i Sovdepiya".

Bhí an cogadh ar siúl ar trí fhronta, san oirthear, sa deisceart agus san iarthuaisceart. Is féidir an cogadh a roinneadh ina thrí thréimhse chomh mhaith.

Lean céad tréimhse na réabhlóide go dtí gur ghéill siad do na Gearmánaigh. Le linn mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1917, d'fhógair an rialtas go mbeidh talamh traidisiúnta mar talamh an Stáit. Thosaigh seo Éirí Amach sa réigiún ina raibh an Ginearál Kaledin i gceannas. De dheasca síniú Conradh Brest-Litovsk, thosaigh na Comhghuaillí ag tabhairt airm do fórsaí míleata na frith-Boilséiveach.

Bhí chuid mhaith den troid den chéad tréimhse seo treallach, ní raibh ach grúpaí beaga ag troid go neamhspleách. i measc na forsaí sa cogadh seo bhí na Seic-Slóvaicigh, nó an Léigiún Seicslóvacach nó na Seicslóvacach báin.(Белочехи, Byelochekhi), Pólaigh agus ar taobh na Boilséivigh bhí na fír raidhfilí Dearg as An Laitvia (Красные латышские стрелки, Krasnye Latyshskiye strelki).

Bhí iontas ar Lenin nuair a bhris an cogadh cathartha amach ar dtús, agus níor thug se mheas faoin cumas fórsaí ina aghaidh.

Ba é an dara tréimhse an tréimhse is tábhachtaí mhair sé ó Mí Eanáir go Mí na Samhna 1919. Ar dtús báire bhí bua ag Airm na Báin ag teach ó dheas (faoi Denikin), ó thoir (faoi Kolchak) ón iarthuaisceart (faoi Yudenich), ag brú an Airm Dearg siar ar gach fronta. Ach arís rinne Leon Trotscaí athbheochan ar a airm agus thosaigh sé ag cur fórsaí Kolchak siar (i mí Meitheamh) agus ansin fórsaí Denikin agus Yudenich (i mí Deireadh Fómhair). Briseadh cumhacht an troid i ngach airm na báin ag an am céanna i lár mí na samhna.

Ba é an léigear fada, a rinneadh ar na fórsaí Bána sa Crimea, an tréimhse deireanach den chogadh. Bhailigh Ginearáil Wrangel na saighdiúirí go léir a bhí fágtha agus dhaingnigh siad iad féin sa Crimea. D'fhán siad ansin go dtí gur fill an Airm Dearg ón Pholainn tar éis an cogadh Pholainn-Sóivéadach. nuair a d'fhill fórsa iomláin an Airm Dearg, clódh an Airm Bán, agus aslonnaigh na saighdiúirí a bhí fágtha go dtí Cathair Chonstaintín i mí na Samhna 1920.

De gnáth, críochnaíonn stair an cogadh ag an bua seo ar saighdiúirí Wrangel, lean frithbheartaíocht míleata suas go dtí aslonnadh saighdiúirí Ginearail Diterikhs i Vladivostok i mí Deireadh Fómhair 1922. Tar éis an eachtra seo, d'fhógair An tAontas Sóivéadach go raibh é féin mar stáit. Ó sin ar aghaidh ní raibh aon frithbheartaíocht míleata ar scála mór in aghaidh an rialtas go Gluaiseacht Saoirse na Rúise i rith An Dara Cogadh Domhanda.